Ní féidir le gach dream a bhfuil cabhair phráinneach ón rialtas tuillte acu na bóithre a bhlocáil

 Ba léir do Theachtaí Dála an fhreasúra agus an rialtais an cheist nár freagraíodh agus Micheál Martin agus Simon Harris á gceistiú sa Dáil i rith na seachtaine. Cén uair a fhógróidh an rialtais a thuilleadh beartas a mhaolóidh an brú a chuirfidh ardú eile ar chostais fuinnimh agus ar an gcostas maireachtála i gcoitinne? […]

Ní féidir le gach dream a bhfuil cabhair phráinneach ón rialtas tuillte acu na bóithre a bhlocáil

 Ba léir do Theachtaí Dála an fhreasúra agus an rialtais an cheist nár freagraíodh agus Micheál Martin agus Simon Harris á gceistiú sa Dáil i rith na seachtaine.

Cén uair a fhógróidh an rialtais a thuilleadh beartas a mhaolóidh an brú a chuirfidh ardú eile ar chostais fuinnimh agus ar an gcostas maireachtála i gcoitinne?

Dúirt an Taoiseach go raibh “faoiseamh fadtéarmach” á bhreithniú, go háirithe maidir le hola théite. Dhiúltaigh an Tánaiste do mholtaí Shinn Féin agus Pháirtí an Lucht Oibre go dtabharfaí isteach mionbhuiséad mar fhaoiseamh éigeandála.

Is léir an brú a chuirfidh ardú praghsanna ar an rialtas idir seo agus an buiséad, go háirithe agus farasbarr €9 mbilliún euro faoi dheireadh na bliana á thuar ag an Roinn Airgeadais. An mbeadh rialtas ar bith ábalta a rá leis an bpobal a bheith foighdeach agus ardú ar bhillí leictreachais agus gáis á bhfógairt an mhí seo chugainn?

I bhfad uainn atá lá an bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair. Fiú mura dtosaíonn an tréimhse idirlinne go mbeidh an vótáil thart sna fothoghcháin i mBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an 22 Bealtaine (féach Iarfhocal, thíos).

Tairngreacht: tá sé ionann agus cinnte mar sin nach mbeidh aon dul as ag an rialtas ach pacáiste faoisimh de chineál éigin a ghealladh agus a chur i bhfeidhm roimh lá na cáinaisnéise. Ní tearc na grúpaí a bheidh á iarraidh.

Is léir an dóchúlacht go múinfidh blocáil na mbóithre coicís ó shin ceacht do dhreamanna eile: is éifeachtaí bagairt díobhála ná caint bhéasach chun rialtas a ghríosú chun gnímh.

Ach ní féidir le gach saoránach ná grúpa saoránach a thuilleann cabhair rialtais a gcás a chur chun cinn le blocáil bóithre agus le dúnadh ionad ola. Mar a chuir achainí a rinne tuismitheoirí aosta a thugann aire do pháistí fásta i gcuimhne do scata beag Teachtaí Dála i dTeach Laighean Dé Céadaoin.

Thug an Comhchoiste um Nithe a Bhaineann le Míchumas (an teideal oifigiúil) cuireadh dóibh cur síos a dhéanamh ar a n-údair imní. Ba léanmhar a scéal.

Léirigh suirbhé a rinneadar nach raibh plean ar bith maidir le saol a bpáistí amach anseo, ná leis an athrú dosheachanta a bheidh riachtanach roimhe sin, leagtha amach i gcás 98 faoin gcéad den mhíle tuismitheoir a d’fhreagair ceisteanna an tsuirbhé.

Dúirt Tony Murray ón ngrúpa ‘Before We Die’ leis an gcoiste go raibh dhá mhíle duine fásta le míchumas intleachta ina gcónaí le tuismitheoirí atá seachtó bliain nó níos aosta, agus go bhfuil tuismitheoirí atá ochtó nó níos sine at tabhairt aire do 500 duine le míchumas.

Tá an scéal chomh holc, a dúirt sé, go bhfuil súil ag go leor tuismitheoirí go bhfaighidh a bpáistí bás rompu. Chuir tuismitheoir eile, Nora Roban ón ngrúpa ‘Remember Us’, síos ar thuismitheoirí a bhíonn ina ndúiseacht ar feadh na hoíche agus iad ag machnamh ar a bhfuil i ndán dá bpáistí nuair a bheidh siad féin ar shlí na fírinne.

D’fhiafraigh an Seanadóir Tom Clonan, a bhfuil mac 23 bliain le míchumas corpartha aige féin, de Tony Murray ar shíl sé go raibh gá le feachtas radacach a chuirfeadh as do shaol na tíre, mar a rinne lucht blocála na mbóithre, chun aird a tharraingt ar a gcás.

Dúirt Tony Murray leis nach mbeadh sé féin ná tuismitheoirí eile ábalta Sráid Uí Chonaill a bhlocáil lena roth-chathaoireacha.

“Táimid ag fulaingt go ciúin,” a dúirt sé, “agus níl duine ar bith ag éisteacht dáiríre linn.”

Teastaíonn athrú ar an dlí agus aonad rialtais nua ó na tuismitheoirí a chuirfeadh brú ar an roinn tithíochta, ar údaráis áitiúla agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tabhairt faoin soláthar a theastaíonn.

D’eisigh an rialtas ráiteas níos deireanaí inar dúradh go raibh an freastal ar dhaoine le míchumas á mhéadú ach inar admhaíodh gur mó an t-éileamh ná an soláthar do dhaoine le míchumas.

“Tá súil agam go mbeidh toradh éigin ar an gcaint seo,” a dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fáil) ag deireadh an chruinnithe.

“Is rud an-mhínádúrtha do thuismitheoirí é a rá go bhfuil súil acu go rachaidh a bpáistí in éag rompu.”

Iarfhocal

Má tá cónaí ort i nGaillimh Thiar nó i mBaile Átha Cliath Láir agus más saoránach Éireannach tú is féidir leat clárú mar vótálaí ag

https://www.checktheregister.ie/ga-IE/ (leagan Gaeilge) idir seo agus Dé Máirt, 5 Bealtaine.

Is féidir seiceáil an bhfuil tú cláraithe mar vótálaí ar an suíomh céanna.

Fág freagra ar 'Ní féidir le gach dream a bhfuil cabhair phráinneach ón rialtas tuillte acu na bóithre a bhlocáil'