Siúlóidí amuigh faoin spéir, ar sliabh is cois mara, is ábhar do An Pod Gaeilge an tseachtain seo agus triúr treoraithe siúlóidí linn
Agus an clog curtha chun cinn, an lá ag dul chun síneadh, agus laethanta buí an tsamhraidh amach romhainn, labhair Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín, ar treoraí sléibhe é féin, leis na treoraithe Eoin Ó Tuairisg as Cois Fharraige agus Darach Ó Murchú as Corca Dhuibhne faoi na siúlóidí Gaeltachta is fearr leo.
Pléadh siúlóidí móra sna beanna arda, oilithreachtaí ársa agus nua, agus siúlóidí beaga pléisiúrtha cois cladaigh agus portaigh, chomh maith leis na rudaí is ceart a bheith airdeallach orthu agus duine ag tabhairt an tsléibhe air féin.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Tá rud éigin speisialta faoi Chorca Dhuibhne don duine a mbeadh spéis aige a bheith amuigh faoin aer’'