Caoineadh Mháire Ní Bhraonáin
1
Ar lá léanmhar an Luain
fuair mé tásc do bháis
is b’iontach liom go raibh fós
solas glé ar bhéal an tsléibhe
is tusa fágtha gan anáil.
Go raibh buinneáin úr fáis
ar sheanamhráin na háiteannaí,
go raibh seanmóir ghlas an Earraigh
ag cur díograise i lus is i ngas
is tusa fágtha gan anáil.
Ar lá léanmhar an Luain
b’iontach liom go raibh na héin
ag canadh mar ba ghnách
i gcrainn Mhín an Leá
is tusa fágtha gan anáil.
Ach a chara an chroí mhóir
a thuig an teacht is an t-imeacht
sin mar a ba mhian leat
an saol a bheith fá shuáilce
Is tú ag dul ó anáil go hanam.
2
An uair a ba mhó do chlú
is uaisle an tsaoil mhóir
ag umhlú do do ghlóir,
ba tusa an bhean umhal
a ghlac go hurramach
le hómós is le honóir
is nár chaill do mhéin uasal.
Cé go raibh tú curtha i gcoróin
mar bhanríon an cheoil
bhí an umhlaíocht sin leat
ó nádúr is ó dhúchas;
an solas comharthaíochta
a stiúraigh do chroí
is a d’uaisligh do mheabhair.
Gach uile threise buaidhe
dár luadh le ceol
bhí sé agatsa faoi thrí.
Mil bheach ar chuiseoga óir
ab ea do ghlór, cuisle órbhuí
a shnigh ó choirceog an cheoil
a bhí i dtaiscidh i do chroí.
Inniu, is solas an tráthnóna
ag beannú úrchnoc an Toir,
táthar i d’fhaire i nDobhar.
Dá mbeifeá i do bheatha, dhéanfá
an solas seo a mhóradh
le ‘hosannah‘ do dhearfachta
is le paidir do dhúthrachta.
3
Fuair tú ó do dhaoine do shásamh den cheol
i dToraigh, i nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste.
Roinn siad an stór leat go fial is go fonnmhar,
taisce na nglúnta, seoid chuimhne an chine.
Mar go raibh tú measúil agus fiúntach, gan díomas
ná mórtas, bhronn siad an tabhartas ortsa go huile.
Chuaigh tú i bpáirtíocht leo go humhal is bhuanaigh a gcáil.
I nGarbhchríocha na hAlban, b’amhlaidh an scéal.
I nGleann Uige, ar an Earraidh, in Obar Dheathain,
ba duine acu fhéin thú, iníon cheanúil na nGael,
a phioc suas ‘an t- òran-luaidh’ ó bhéal an dúchais
is a chaomhnaigh é go dílis i dtaifid do ghutha.
Deighilt na míle bliain ná bearnaí bhorb na staire,
níor mhaolaigh sé do ghaol le Gaeil na nGarbhchríche
is tú ag cothú an cheoil is ag uchtú na n-amhrán.
4
Cé gur fhág an bás tú rite as anáil
níor bhain sé as do chleachtadh tú,
níor bhain sé as do chothrom tú.
Cé gur fhág sé spiorad na beatha ag fuarú
i bhféith is i gcuisle, níor chloígh sé tú.
Níor sháraigh sé d’aigne ghníomhach ghrinn
nó bhí amhrán an tsóláis is acmhainn an dóchais
ina neart anama agatsa ar uair na práinne.
Le do Chríost ródhil, shiúil tú ar shlí an tSoiscéil
isteach sa tsíoraíocht san áit gur ionann anam is anáil.
5
Le huaillghuth píbe is le caoineadh fidle
chaoin siad tú, éigeas oirirc na hÉireann,
is thionóil siad tú go dtí an áit a ba dual duit,
úir mhéith anamúil na cuideachta, fearann
na gcnámh mar a bhfuil do shinsear ag saibhriú na bhfód;
mná teasaí an cheoil, bantracht an bhéil bhinn,
is fir inste scéil a chuir brí lena linn
i bhfoinn a gcuid cainte. D’fháiltigh siad romhat le bród.
Le honóir is le glóir, thriall siad leat,
thionóil siad tú, éigeas oirirc na hÉireann,
go dtí do bhaile buan ar bhruach na síoraíochta
ansiúd idir an tAigéan Mór agus na hOileáin Séin
san áit a mbeidh anáil aeir agat go brách
is doird na dtonn i do thionlacan gach lá.
6
Sínte anois i gcré do mhuintire
in úir mhínréidh Mhachaire Gathlán,
iadsan a thug creidiúint don cheol
i gcónaí, Clann Uí Dhúgáin is Uí Bhraonáin
is na glúnta croí-fhairsing óna bhfuair tú
le huacht, béas agus gnás an amhráin,
tá siad bródúil go bhfuil tú san úir leo.
I do luí anois i gcomhluadar do mhuintire
i measc Gallchóirigh is Suibhnigh,
Clann Uí Dhomhnaill agus Baoilligh;
seanghinealaigh uasal Ghaoth Dobhair,
An Píobaire Mór anseo le do thaobh
agus Frankie Kennedy, fear na haoibhe,
tá siad bródúil go bhfuil tú san úir leo.
7
Tá muid faoi chian inniu,
do ghlór, do bhinneas béil
is cling an cheoil ar théad an óir
faoi chlár anseo sa chré
is ré do shaoil fágtha i bhfeart
in aice le do chairde gaoil
óna bhfuair tú céim is ceart an cheoil.
Tá muid dúchroíoch i do dhiaidh
ach an ní nach leigheasfar
is éigean dúinn é a fhoighdiú.
Inniu tá muid bródúil go bhfuil
uaisleacht léir do ghutha
ag fuaimniú fríd na tíortha
agus fríd chríocha anamúla an aeir.
Inniu tá an ní dothuigthe ar do thoil,
is úir an duine ag dlúthú le húir na ndúl,
óir tchí tú a bhfuil ann, a raibh is a mbeidh,
na reanna nimhe is mistéir na firmiminte,
cinniúint na cruinne is dán an duine;
an talamh seo farat, do leabaidh shuain,
is an spéir os do chionn, d’fhallaing rúin.
Cathal Ó Searcaigh
22 Aibreán, 2026
Eoghan Ó Néill
Go hálainn agus oiriúnach!
Carraig
Magnum opus.
Fearn
Dreach fileata bhanríon an bhinnis agus a tinfeadh curtha inár láthair ag sárcheardaí focal. An t-aos ealaíne abú!