CEOL
An Chéad Ghlúin Eile i Whelan’s
Beidh an cheolchoirm dheireanach go ceann píosa ag An Chéad Ghlúin Eile i Whelan’s i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo chugainn, an 22 Aibreán ag 8.30pm. Is amhránaithe ar an sean-nós, cainteoirí dúchais Gaeilge agus beirt deirfiúracha as Gaeltacht Ráth Chairn iad ‘An Chéad Ghlúin Eile’.
Beidh na mná ag tógáil scíthe ón stáitse ar feadh tamaill mar go bhfuil Étáin ag súil le páiste agus tá píosa spraoi beartaithe acu don cheolchoirm dheiridh. Tá siad ag tabhairt cuireadh don lucht féachana buille faoi thuairim a thabhairt i rith na ceolchoirme, cé acu cailín nó buachaill a bheidh ag Étáin. Tá siad ag fiafraí d’éinne a cheapann gur cailín a bheidh ann bándearg a chaitheamh an oíche sin agus éinne a cheapann gur buachaill a bheidh aici, an dath oráiste a chaitheamh.
Bhain Étáin agus Máire Ní Churraoin an chéad áit amach i gcomórtas teaghlaigh TG4 ‘Réalta agus Gaolta’ in 2019. Tá ceolchoirmeacha déanta acu ó cheann ceann na tíre agus ar stáitsí thar lear. Bíonn siad le feiceáil go minic ar an teilifís freisin, le deireanas bhí siad ar an gclár The Reluctant Traveller le Eugene Levy (Apple TV) ar Nationwide (RTÉ) agus Bláth na hÓige (TG4).
Ticéid anseo.
Amhráin na Gealaí in Áras Mhic Reachtain
Cuirfidh IMRAM Féile Litríochta Gaeilge an léiriú Amhráin na Gealaí: Tionscadal Phoebe Bridgers i láthair in Áras Mhic Reachtain mar chuid d’Fhéile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise (29 Aibreán–10 Bealtaine). Beidh an ócáid ar siúl Dé hAoine, 8 Bealtaine ag 8pm, agus tugann sí léargas nua ar cheol Phoebe Bridgers trí mheán na Gaeilge, ag sníomh litríocht agus ceol beo le chéile i gcomhthionscadal speisialta de chuid IMRAM.
Tá aistriúcháin Ghaeilge déanta ar na hamhráin ag na filí Caitríona Ní Chléirchín agus Dairena Ní Chinnéide, agus beidh siad á gcur i láthair ag an gceoltóir Aoibha as Béal Feirste, in éineacht le Jessie Dingle agus a banna ceoil.
Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
AMHARCLANNAÍOCHT
Neill | Páidín, dráma nua sa Taibhdhearc
Beidh an dráma nua Neill | Páidín ar stáitse sa Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe, ón 2-10 Bealtaine, le réamhléiriú ar an 1 Bealtaine. Comhléiriú atá anseo idir Brú Theatre agus An Taibhdhearc agus é bunaithe ar dhá ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire ón gcnuasach Scothscéalta. Déanann an dráma athshamhlú ar na scéalta ‘Neill’ agus ‘Páidín Mháire’ ón mbailiúchán aitheanta de chuid Uí Chonaire.
Cóiriú nua don stáitse atá ann le James Riordan i gcomhar leis an bhfoireann ag Brú Theatre, agus é stiúrtha ag Riordan freisin. Is iad na haisteoirí Raymond Keane, Caitríona Ní Mhurchú, Maeve McGrath agus Eoin Ó Dubhghaill atá sa gcliar.
Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
TEARMANN
Tearmann folláine trí lá ar Inis Meáin
Tá tearmann folláine atá fréamhaithe sa nGaeilge agus i saol an oileáin beartaithe in Inis Meáin ón 15-17 Bealtaine. Tearmann folláine agus cultúrtha trí lá a bheidh i gceist. Beidh sé dátheangach agus é d’aidhm aige deis a thabhairt do chuairteoirí moilliú, Gaeilge a labhairt agus taithí a fháil ar shaol an oileáin.
‘Glac sos ar Inis Meáin’ an teideal atá ar an tearmann trí lá agus tá clár leagtha amach a cheanglaíonn an Ghaeilge, ióga, sána, machnamh agus obair análaithe treoraithe le chéile. Beidh siúlóidí treoraithe mar chuid den tearmann agus imeachtaí sóisialta.
Tá an tearmann á eagrú ag Pleanáil Teanga Inis Meáin i gcomhar le réimse gnólachtaí áitiúla idir oideoirí Gaeilge agus cleachtóirí folláine, dream lóistín agus treoraithe cultúrtha.
Tuilleadh eolais agus áirithintí anseo. www.inismeainbeo.ie
TEILIFÍS
Cara sa Cheol – sraith nua ag tosú ar TG4
Sraith nua sé chlár ar TG4 is ea Cara sa Cheol ina bhfuil ceoltóirí Éireannacha le Gaeilge ag obair le ceoltóirí ó phobail nua na hÉireann le saothar nua a chruthú. I ngach eagrán, cuirtear ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla le chéile agus leanann an clár an turas cruthaitheach a dhéanann siad ón gcéad uair a chasann siad ar a chéile, go dtí go ndéanann siad cur i láthair ag an deireadh.
Cuireann an clár meascán de cheolta éagsúla le chéile, ceol na hÉireann, na hAfraice, an Mheánoirthir agus Oirthear na hEorpa agus déanann iniúchadh freisin ar théamaí a bhaineann le féiniúlacht agus muintearas.
Ar na ceoltóirí a bheidh le feiceáil sna cláir tá Toshín Bankole, amhránaí soul Nigéarach-Éireannach, Cáit Ní Riain, amhránaí ceol tíre, Shahab Coohe, cumadóir as an Iaráin, Sarraj Alserawi, seinnteoir úide as an bPalaistín, agus Aoife Ní Bhriain, cumadóir agus veidhleadóir Éireannach.
Beidh Cara sa Cheol le feiceáil ar TG4 ar feadh sé seachtaine ag tosú ar an 26 Aibreán ag 10:30pm.
Fág freagra ar 'CULTÚR: An Chéad Ghlúin Eile, Amhráin na Gealaí, Tearmann ar Inis Meáin, ‘Neill/Páidín’ sa Taibhdhearc, ‘Cara sa Cheol’ ar TG4'