Tá seachtain mhaith aimsire fachta ag bainisteoir fhoireann sinsir chontae an Dúin, Conor Laverty, agus é i gceartlár bhiaiste bhreith na n-uan agus b’fhéidir dá réir go mbeadh giúmar níos fearr air an deireadh seachtaine seo agus é ag tabhairt fés na comharsain, Ard Mhacha.
Is dóigh liom gur meach mallaithe is ea an Laverty céanna agus gurb é an sórt duine é a bhíonn de shíor ar thóir na cúise a chuirfeadh piobar breise sa choimhlint. Tá ana-chreidiúint ag dul dó féin agus a chriú bainistíochta as an bpainéal go léir a tharrac le chéile ar feadh deich lá as a chéile roimis a mbua ar Dhún na nGall. Íobairt mhór agus seacht gcúraimí a’ tsléibhe orthu siúd a bheadh ag plé le caoirigh ag breith na n-uan!
Tá an diabhal ar fad á dhéanamh ar na huain ag an madra rua an taobh seo tíre le coicíos anuas. Cúig cinn déag d’uain a ghlan sé in imeacht seachtaine ar chomharsa amháin anseo. Tuigeann na haon fheirmeoir caorach go gcaithfidh an madra rua féin maireachtaint ar an mbeagán ach dá dtuigfidís siúd a bhíonn ag iarraidh é a chosaint le reachtaíocht agus é a adhradh le filíocht is le healaín, an díobháil a dheineann an maidrín rua céanna, b’fhéidir go mbeadh malairt poirt acu.
Dá mhéid é a áilleacht is a scéimh, ainmhí ana-fhealltúil is ea an madra rua agus is deacair an slad a chosc nuair a fhaigheann sé boladh agus blas na fola.
Tuigeann Conor Laverty nádúr agus cleasaíocht an mhadra rua níos fearr ná scata agus tuigeann sé chomh maith nach cleas é go ndeintear trí huaire é. Tar éis a mbua ar Dhún na nGall, tá boladh na fola ina gcoincín agus a bhlas fachta anois acu. Trí chluiche a thógfaidh sé orthu craobh Uladh a bhuachtaint ach caithfidh siad a bheith níosa sheiftiúla amáireach chun na comharsain a chiapadh is a chloí arís.
Is buntáiste don nDún é go bhfuil an cur chuige céanna sa chosaint, a bheag nó a mhór, ag Ard Mhacha is atá ag Dún na nGall. Ní bheidh claochló iomlán le teacht ar mhúnlaí ionsaithe dá réir ag Laverty ach chuirfeadh sé ana-iontas ar fad orm dá ligfí do Daniel Guinness agus a pháirtithe an cosán dearg céanna aníos trí lár a’ gharraí mar a deineadh an tseachtain seo caite. Madra rua fé dhó, ní mealltar é.
Tá a fhios ag Ard Mhacha féin go gcaithfidh siad a bheith i bhfad níos fearr sa chosaint ná mar a bhíodar ina mbabhta ceathrú ceannais coicíos ó shin in aghaidh Fhear Manach. Géilleadh 1-20 sa dara leath amháin agus chaillfeadh san formhór na gcluichí a imrítear i gcraobh Uladh. Ana-chailliúint d’Ard Mhacha is ea a bhfear lár páirce, Ben Crealey sa mhéid seo mar is beag imreoir lár páirce atá chomh freagrach leis agus é ag gluaiseacht i leith a chúil. Is fiú aon ní anois an t-imreoir lár páirce ar mhúnla Brian Fenton – imreoir atá in ann scór a thógaint ach a thuigeann luach na foighne agus na freagrachta nuair ná bíonn seilbh aige. Braithfidh Ard Mhacha Crealey uathu sara mbeidh an lá amáireach istigh.
An cheist is mó a dhealóidh bris is bua, áfach, ná conas a raghaidh Ard Mhacha i ngleic le fuinneamh an Dúin ar an ionsaí. Bhí tamall ann go bhféadfaí stíl reatha, dála na stíle atá ag leithéidí Guinness, Micheál Rooney, Odhran Murdock, Ceilum Doherty agus Adam Crimmon a stop ar ais nó ar éigean ach tá an lá san imithe. Ní cheadaíonn na rialacha nua ná an bhagairt ós na cártaí dubha an tachtadh traidisiúnta a deintí agus is cinnte nach gceadóidh an réiteoir is fearr sa tír fé láthair, Brendan Cawley, aon ealaín dá leithéid amáireach.
Sa chás gur cluiche oscailte atá i ndán i gCluain Eois, beidh Pat Havern ag súil go n-aimseoidh sé a bhuille níos fearr ná na seacht bpointe a lascáil sé an lá deireanach ach deinimse amach go bhfaighidh Ard Mhacha slí éigin chun an fód a chúngú agus an spás a cheilt ar ghiorraithe an Dúin. Má dheineann, beidh siad céim amháin eile níosa chóngaraí don gcéad chraobh Uladh acu ó 2008.
Níl aon deireadh seachtaine ó thús na craoibhe ná raibh ar a laghad iontas amháin ann ach chuirfeadh sé ana-iontas go deo orm murab iad Doire a bheadh le hArd Mhacha i gcluiche ceannais Uladh.
Tar éis feachtas sraithe leachta go maith ó Mhuineachán, nílim siúrálta go bhfuil sé iontu dul go an Pháirc Lúthchleasa agus teacht as le bua. Tá an iomarca ceisteanna le freagairt acu.
An bhfuil triúr cosantóirí ag Muineachán a cheansóidh Shane McGuigan, Niall Loughlin agus Lachlan Murray?
An bhfuil Micheál Bannigan chun aon orlach a fháil ó Gareth McKinless? An bhfuil Micheál McCarville agus Louis Kelly chun buachtaint ar thaithí Brendan Rogers agus scrothaíocht Eoin McEvoy i lár a gharraí? Agus an bhfuil corcán ceithre chosach níos fearr sa chraobh ná Rogers, McEvoy, agus McKinless laistiar dóibh le Conor Glass os a gcomhair ar an ndaichead slat? Ní dóigh liomsa go bhfuil.
Bhíomair ag caint ar bholadh agus blas na fola bheith fachta ag madraí rua an Dúin ach má tá aon ainmhí gonta, leonta, leochaileach an deireadh seachtaine seo, siad Áth Cliath an créatúr sin. Le Gavin Devlin ar an dtaobhlíne acu, ní bheidh aon easpa féinmhuiníne ar imreoirí an Lú, ach an gcreideann siad domhain istigh ina mboilg gur féidir leo buachtaint ar Áth Cliath sa chraobh don gcéad uair ó 1973?

Is cinnte go bhfuil an mianach iontu le leithéidí Dara McDonnell, Tommy Durnin, Sam Mulroy agus Ciarán Keenan ag imirt mar atá ach cuir tú féin i mbróga imreoirí Átha Cliath. Níl ach trí bliana ó bhí leithéidí Eoin Murchan, David Byrne, Brian Howard, Seán Bugler, Niall Scully, Ciarán Kilkenny agus Paddy Small ag ithe ag Bord an Rí agus iad anois áirithe i measc na n-íochtarán ina gcúige féin. Masla má bhí a leithéid riamh ann. Má tá aon ní in aon chor fágtha faoin bpaca acu, chífir tráthnóna i bPort Laoise é.
Bhí sé de theist riamh is choíche ar an Iarmhí go n-ardaíonn nó go dtiteann a mbioráin ag brath ar chaighdeán an fhreasúra. Níl ach dhá bhliain ó bhí scata dá gcuid imreoirí i ngrúpa craoibhe le dhá fhoireann eile, Gaillimh is Ard Mhacha, a shroich cluiche ceannais na hÉireann agus Doire, mar churadh sraithe ar an gceathrú foireann sa ghrúpa. Sheas an Iarmhí gob le gob, guaille le guaille leis an dtrí fhoireann eile, cé nár bhuadar aon cheann den dtrí chluiche. Bhíodar thar barr ar fad an mhí seo caite in aghaidh na Mí – foireann a bhí i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Táid ábalta é a dhéanamh nuair is lú a bítear ag súil leis.
Ní bheidh an compord ná an sólás céanna ag an Iarmhí an uair seo is atá ag Cill Dara sa mhéid is go gcaithfidh siad buachtaint chun fanacht ina mbeatha i gcraobh na hÉireann i mbliana. Níl an gátar céanna ná níl an bhróg ag luí chomh trom ar Chill Dara toisc a mbua i gCorn Tailteann anuraidh. Cad is fiú san? Ainneoin éagmais Luke Loughlin don Iarmhí agus bláthú Eoin Cully agus Ben Loakman do Chill Dara, is dóigh liom go gcífir an difríocht idir riachtanas géar agus goile sásaithe i bPáirc Uí Chonchúir sa Tulach Mhór amáireach.
Pádraig
Séad samhla an scríbhneora seo ba dheacair a fháil.