Beidh lá breithe speisialta i stair pholaitiúil na hÉireann á cheiliúradh an mhí seo ag ardfheis Fhianna Fáil. Céad bliain ó shin a reáchtáil Éamon de Valera agus iarchomhaltaí eile de Shinn Féin an cruinniú a bhunaigh an páirtí.
Is ar an 16 Bealtaine 1926 in amharclann La Scala i Sráid Uí Chonaill i mBaile Atha Cliath (a bhí suite san áit a bhfuil Penneys anois) a chuireadar páirtí ar bun a bheadh i mbun rialtais ar feadh tréimhsí níos faide – 64 bliain go dtí seo – ná páirtí ar bith eile sa tír.
Léiríonn an stair mórthionchar an pháirtí ar an saol polaitiúil. Chuir laghdú ar a thacaíocht iachall ar a lucht ceannais a sheasamh frith-chomhrialtais a chur i leataobh ó 1989 ar aghaidh. Fiú ó shin i leith, is faide an t-achar atá caite ag Fianna Fáil sa rialtas ná as.
Dúirt iar-airí ón gComhaontas Glas agus ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhí i gcomhrialtas le Fianna Fáil leis an scríbhneoir seo gur féidir margadh comhrialtais a dhéanamh gan stró leis an bpáirtí ar chúis shimplí amháin.
“Bíonn siad dírithe i gcónaí ar chumhacht,” a dúirt iar-aire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, “is é sin le rá: conas cumhacht a bhaint amach, conas í a choimeád agus conas í a fháil ar ais tar éis í a chailliúint. Bíonn polasaithe dá gcuid féin acu ar ndóigh ach is tábhachtaí cumhacht ná a bpolasaithe.”
Bhí deireadh ré an pháirtí á thuar ag mórán tar éis an olltoghcháin in 2011 a laghdaigh ballraíocht Fhianna Fáil sa Dáil go dtí an pointe is ísle riamh (20 Teachta Dála). Tar éis do Mhicheál Martin dul i gceannas ar an bpáirtí an bhliain sin, áfach, ní bás ach téarnamh a bhí i ndán dóibh.
Tá toradh an téarnaimh soiléir sa Dáil reatha agus ionadaíocht na bpríomhpháirtithe roinnte idir Fianna Fáil, an páirtí is mó le 48 Teachta Dála, Sinn Féin (39) agus Fine Gael (37).
Tá an léargas polaitiúil chomh scaipthe faoi láthair, áfach, agus gan ach thart ar vótálaí amháin as gach cúigear ag tacú le Fianna Fáil, nach bhfuil aon chosúlacht air go mbeidh sé ar chumas an pháirtí máistreacht mar a bhí acu roimh 2011 a bhaint amach arís.
Seo gearrliosta neamhchuimsitheach de ghaiscí agus de theipeanna an pháirtí le céad bliain anuas chomh maith le focal ar deireadh faoina bhfuil i ndán d’Fhianna Fáil amach anseo.
- Neartú an daonlathais
Thug bunaitheoirí Fhianna Fáil le fios ó thús go gcuirfidís a n-aidhmeanna chun cinn le modhanna polaitiúla – cuspóir nár bheag a thábhacht trí bliana tar éis scaoileadh na n-urchar deireanach sa chogadh cathartha.
Chuir freastal an pháirtí ar an Dáil ó 1927 agus a bhua ar bhuaiteoirí an chogaidh chathartha in olltoghchán 1932 córas daonlathach an stáit ar bhonn seasmhach folláin. Ní beag san.
- An gaisce is mó: saor-oideachas
Tháinig athrú ó bhonn ar an gcóras oideachais de thoradh na hóráide inar fhógair aire oideachais Fhianna Fáil, Donogh O’Malley i 1966 go gcuirfí oideachas meánscoile gan táillí ar fáil do gach páiste.
Níor phléigh an Máilleach feidhmiú ná maoiniú na scéime leis an rialtas ná leis an roinn airgeadais ach bhí beannacht phríobháideach roimh ré faighte aige ón Taoiseach Seán Lemass.
Chuir an rialtas céanna dhá scéim thábhachtacha oideachais eile ar bun roimh dheireadh na 1960idí chun seirbhís busanna scoile a riaradh agus chun deontais a chur ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal.
Is follas dea-thionchar mór na n-athruithe polasaí sin fós ar gheilleagar agus ar shaol na tíre ar iliomad bealaí.
- Rudaí maithe eile
Mórthógáil tithe sa chéad seo caite; bunreacht nua (1937); bunú Aer Lingus (1936); stiúir pholasaí neodrachta an stáit le linn an dara cogadh domhanda; forbairt eacnamaíochta ó 1957; bunú an Fhorais Talúntais (1958) ar a dtugtar Teagasc anois; díolúine cánach do scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí (1967); bunú Raidió na Gaeltachta (1972); próiseas síochána an Tuaiscirt ó 1990 (féach idir mhaith agus olc, thíos); ainmniú Mary McAleese a toghadh mar uachtarán i 1997; cosc ar chaitheamh tobac i mbialanna/tithe tábhairne (2003)
- Tubaiste: géarchéim 2008
Ní i bhFianna Fáil amháin a bhí mífhreagracht airgeadais i réim sna blianta roimh 2008. Ach is ar na rialtais a raibh Bertie Ahern agus Brian Cowen i gceannas orthu atá an milleán gur tháinig méadú as cuimse ar chaiteachas a bhí ag brath ar lag-fhoinsí cánach.
Tá an milleán ar na rialtais sin freisin nach raibh iniúchadh ná rialú sách láidir i bhfeidhm chun srian a choimeád ar amaidí sna bainc.
- Drochrudaí eile
Polaiteoirí a náirigh an páirtí: an t-iarThaoiseach Charles Haughey a d’inis bréaga do bhinse fiosraithe faoi shíntiúis phearsanta. An t-iarThaoiseach Bertie Ahern nár thug, mar a dúirt binse fiosraithe “míniú fírinneach” ar shíntiúis airgid éagsúla a tugadh dó.
Triúr eile a tharraing náire ar Fhianna Fáil:
An t-aire Ray Burke a cuireadh i bpríosún tar éis dó íocaíochtaí ó chomhlachtaí éagsúla a cheilt ar na coimisinéirí ioncaim.
An t-iarChoimisinéir Eorpach Pádraig Fynn a caitheadh amach as an bpáirtí in 2012 mar gheall ar fhianaise faoi íocaíochtaí pearsanta a tugadh ag binse fiosraithe.
An Teachta Dála Liam Lawlor a cuireadh i bpríosún trí huaire sna 1990idí nuair a dhiúltaigh sé ceisteanna faoi chúrsaí pearsanta airgid a chuir binse fiosraithe air a fhreagairt.
D’fhéadfaí cur leis an liosta thuas ach is leor an cúigear thuas mar shampla den chaighdeán íseal eitice a bhí i réim sa pháirtí roimh 2011.
- Idir mhaith agus olc: an Tuaisceart
Ainneoin athaontú na tíre a bheith mar phríomhaidhm ag Fianna Fáil ó thús, ba léir go dtí na 1960idí a neamhshuim i gcúrsaí an Tuaiscirt agus sa leatrom a bhí á dhéanamh ar an bpobal náisiúnach ó thuaidh.
Is beag athrú a tháinig ar mheon críochdheighilteach an pháirtí fiú tar éis don Taoiseach Seán Lemass bualadh leis an bpríomh-aire Aontachtach Terence O’Neill i mBéal Feirste i 1965 – an chéad chruinniú idir ceannairí an dá rialtas in imeacht daichead bliain.
Chothaigh ré an fhoréigin ó thuaidh ó 1969 ar aghaidh tuiscint de réir a chéile i ngach páirtí ar an taobh ó dheas den teorainn go raibh dualgas orthu comhréiteach síochána a chur chun cinn.
Tá ardmholadh tuillte ag an Taoiseach Albert Reynolds (1992-94) a d’oibrigh go dian chun a chur ina luí ar an IRA agus ar dhílseoirí paraimíleata sosanna comhraic a fhógairt i 1994.
Ní haon áibhéil a rá go raibh an Taoiseach Bertie Ahern (1997-2007) ar dhuine de phríomhailtirí Chomhaontú Aoine an Chéasta – bhí a dhíograis, a fhoighne agus a sholúbthacht de dhíth go mór agus na cainteanna ag teannadh leis an réiteach stairiúil a rinneadh i Stormont i 1998.
- Ceannaire = Taoiseach
Bhí tréimhse amháin ar a laghad mar Thaoiseach ag gach fear a bhí gceannas ar Fhianna Fáil go dtí seo. Tá Éamon de Valera (i gceannas ó 1926 go 1959) agus Micheál Martin (ó 2011) i bhfad chun cinn ar cheannairí eile an pháirtí ó thaobh fad seirbhíse de.
Ar an taobh eile den scéal, ba ghiorra tréimhse Albert Reynlds mar Thaoiseach (32 mí) ná tréimhse oifige aon Taoiseach eile.
Thit an dá chomhrialtas a raibh Reynolds i gceannas orthu as a chéile ach rinne sé obair thábhachtach ar son sna síochána.
- Díbirt ceannairí
Is in aghaidh a dtola a bhí ar gach ceannaire ar Fhianna Fáil éirí as a phost mar Thaoiseach ó d’éirigh Seán Lemass as an dá phost dá dheoin féin i 1967.
Míshásamh i measc Teachtaí Dála a chuir brú ar Jack Lynch éirí as i 1979, mar a tharla agus Charles Haughey á dhíbirt i 1992.
B’éigean d’Albert Reynolds éirí as nuair a thit an comhrialtas a raibh sé i gceannas air as a chéile i 1994.
D’éirigh Bertie Ahern as oifig i 1998 mar gheall ar amhras forleathan a spreag fianaise faoina ioncam a thug sé os comhair binse fiosraithe.
Chuir an ghéarchéim airgeadais deireadh le ré an chomhrialtais a raibh Brian Cowen ina Thaoiseach air go dtí 2011.
Má éiríonn le Micheál Martin fanacht i gceannas go dtí gur mian leis éirí as, beidh éacht déanta aige nach ndearna ceannaire ar bith eile ar an bpáirtí le seasca bliain.
- Fianna na bhFear
Nuair a cheap Cathal Ó hEochaidh Máire Geoghegan Quinn mar aire Gaeltachta i 1979 ba í an chéad bhean a ceapadh mar aire rialtais ó bunaíodh an stát. Faraor, cé go bhfuil i bhfad níos mó ban sa Dáil reatha (44 as 174 Teachta) ná mar a bhí an uair sin, níl líon na n-ionadaithe ban ag Fianna Fáil méadaithe dá réir.
Níl ach seachtar ban i measc 48 Teachta Fhianna Fáil sa Dáil agus gan ach bean amháin ón bpáirtí, Norma Foley, ceaptha mar aire rialtais.
Tá céatadán na mban sa pháirtí parlaiminteach (14%) níos lú ná an meán don Dáil uilig (23%) agus go mór chun deiridh ar bhan-ionadaíocht Shinn Féin (38%) agus Fhine Gael (26%).
Maíonn Micheál Martin go minic gur mhaith leis breis ban a fheiceáil sa Dáil agus sa rialtas. Bhí Fianna Fáil sa bhfreasúra nuair a mhol sé rialtas ina mbeadh lánchothromaíocht inscne in 2015.
Ní léir fós an toil ina pháirtí a chuirfeadh a bhriathra i bhfeidhm.
- Agus amach anseo?
Tá tacaíocht Fhianna Fáil chomh lag faoi láthair – gan ach duine fásta as gach cúigear ag tacú leo de réir na bpobalbhreitheanna – go bhfuil dianmhachnamh riachtanach faoina bhfuil i ndán don pháirtí.
Chuir triúr Teachtaí Dála óga a míshuaimhneas faoi dhícheangal idir an páirtí agus an pobal in iúl le gairid. Bhí an ‘conradh sóisialta’ chomh mór faoi bhrú, dar leo, go raibh sé briste beagnach.
Glacadh leis gur ag tagairt don agóidíocht faoi phraghsanna breosla a bhí Albert Dolan ó Ghaillimh Thoir, Ryan O’Meara ó Thiobraid Árann Thuaidh agus James O’Connor ó Thiobraid Árann.
Is léir mar sin féin go mbaineann an ‘conradh sóisialta’ le gach duine sa tír. Más briste beagnach atá sé, mar a dúirt siad, is gnó a dheisiú do chách.
B’fhiú don pháirtí machnamh ar ábhair eile agus iad ag ceiliúradh an chéid. Ceisteanna mar seo a leanas mar shampla:
An bhfuil bun-aidhm ag an bpáirtí seachas a bheith i gcumhacht agus a bheith ag cur ina luí ar vótálaithe gur fearr mar riarthóirí iad ná páirtí ar bith eile?
Mura bhfuil mór-aidhm ag an bpáirtí, an féidir le Fianna Fáil a chur ina luí ar vótálaithe nach orthu a bheidh an milleán má bhaintear an bonn den gheilleagar mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh nó athrú aeráide nó leathadh Intleacht Shaorga (AI)? Go háirithe má chuirtear i leith an pháirtí nár dheimhnigh sé go mbeadh an tír faoi réir leis an dochar a mhaolú?
Tá dúshlán níos géire ag teannadh leis an bpáirtí sa ghearrthéarma. An mbeidh Fianna Fáil ábalta nó toilteanach cur chuige tithíochta an rialtais a athrú má léirítear nach gcuirfidh a chur chuige tithíocht ar fáil do mhórán ar chostas nó ar chíos réasúnta?
Ceist faoin gceannaireacht ar deireadh. Is cosúil nach mbeidh post an Taoisigh ag an bhfear a rachaidh i gcomharbacht ar Mhicheál Martin ach ar feadh thart ar leathbhliain, agus go mbeidh sé ina Theachta Dála.
Fág freagra ar 'Gaiscí agus teipeanna – tá údar mórtais agus aiféala ag Fianna Fáil agus a lá breithe á cheiliúradh '