Imní ar SIPTU go gcuirfeadh sprioc earcaíochta an rialtais don Ghaeilge as do chaighdeán an chúraim a fhaigheann othair

Dúirt leaschathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge le lucht ceardchumainn nach polasaí faoi chur chun cinn na Gaeilge ach polasaí faoi chosaint cearta teanga atá i gceist le sprioc earcaíochta 20% an Rialtais

Imní ar SIPTU go gcuirfeadh sprioc earcaíochta an rialtais don Ghaeilge as do chaighdeán an chúraim a fhaigheann othair

Tá amhras caite ag an gceardchumann SIPTU ar sprioc an Rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030.

Dúirt Damian Ginley, eagraí earnála SIPTU d’earnáil na sláinte, ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, go bhfuil amhras ar an gceardchumann faoi chur chuige an Rialtais i leith na sprice earcaíochta agus go bhfuil imní orthu go bhféadfadh an plean cur as do chaighdeán an chúraim sláinte a fhaigheann othair.

Dúirt sé go bhfágann sprioc uaillmhianach an Rialtais go gcaithfeadh tuairim is 34,000 duine atá ag obair i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheith ina gcainteoirí Gaeilge faoi cheann trí bliana go leith.

Dúirt Ginley nach “leis an sprioc ach leis an gcur chuige” a bhaineann imní SIPTU agus go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha” a bheith ag an bpolasaí don chóras sláinte, do na húdaráis áitiúla, don chóras oideachais agus i ngníomhaireachtaí stáit.

Agus é ag labhairt faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, dúirt Ginley go raibh an baol ann go gcuirfí “srian” ar shruth earcaíochta a bhí “leochaileach” mar atá.

“Is é fírinne an scéil é go bhfuil an soláthar céimithe sláinte a bhfuil Gaeilge líofa acu an-teoranta. Léirítear i sonraí an daonáirimh nach bhfuil caighdeán gairmiúil Gaeilge ach ag fíormhionlach.

“Ní chruthaíonn an córas oideachais a ndóthain céimithe i ndisciplíní sláinte a bhfuil Gaeilge acu leis an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach,” a dúirt Ginley.

Mhaígh sé go dtacaíonn SIPTU go huile is go hiomlán le “neartú na Gaeilge” san earnáil phoiblí ach go bhféadfadh an cur chuige nua moill a chur ar choinní sláinte agus cur le líon na bhfolúntas atá sa chóras sláinte.

“D’fhéadfadh riachtanas righin [earcaíochta] moill a chur ar choinní, na folúntais a mhéadú, agus cur isteach ar sholáthar seirbhísí tráth a bhfuil seirbhísí faoi bhrú an-mhór cheana féin.

“Tá fíorbhaol ann freisin go gcruthófaí bacanna roimh arduithe céime agus dul chun cinn gairmeacha, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu agus d’oibrithe idirnáisiúnta.” Mhaigh ionadaí SIPTU go bhfágfadh sin go mbeadh an baol an go gcruthófaí “fórsa oibre dhá-chéim”. Bheadh impleachtaí “tromchúiseacha” ansin “don chomhionannas, don mheanmna, agus do chaidrimh thionsclaíocha”, a dúirt sé.

Dúirt Ginley go raibh imní ar SIPTU go mbainfí de “chaighdeán an chúraim” a chuirtear ar fáil d’othair agus dá sábháilteacht dá “dtabharfaí tús áite do scileanna teanga thar chumas cliniciúil” agus go gcoinneofaí oibrithe ó dheiseanna bunaithe ar a gcumas teanga seachas ar a “scileanna, taithí, ná feidhmíocht”.

“Tá imní orainn freisin go lagódh an polasaí seo cumas na hÉireann gairmithe idirnáisiúnta sláinte a mhealladh agus go ngéarófaí an ganntas foirne oibre dá bharr,” a dúirt sé.

Dúirt Ginley nach bhfeictear do SIPTU gur féidir an 20% a bhaint amach faoi 2030 san earnáil sláinte mar gheall ar “sábháilteacht othar agus dúshláin eile”.

Dúirt comhghleacaí Ginley in SIPTU, Martin Corcoran, go raibh sé ar aon intinn lena chomhghleacaí, go raibh an ceardchumann “go mór ar son cur chun cinn na Gaeilge agus fás na Gaeilge” ach go raibh “dúshláin” ann ar cheart aghaidh a thabhairt orthu.

Dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil, atá ina leaschathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, nach polasaí faoi chur chun cinn na Gaeilge ach polasaí faoi chosaint cearta teanga atá i gceist le sprioc an Rialtais maidir le cúrsaí earcaíochta agus go bhfuil “difríocht mhór” idir an dá rud.

Dúirt sé nach gcaithfidh na daoine a cheapfar faoin bpolasaí earcaíochta a bheith “flúirseach” sa Ghaeilge go gcaithfeadh siad a bheith “inniúil” ar an teanga sa chaoi is go bhféadfadh siad a gcuraimí oibre a chur díobh inti.

“Níl aon duine ag rá gur cheart go mbeadh máinlia ag teacht ón Ind chun na tíre seo a mbeadh Gaeilge acu. Is féidir le 80% de na daoine atá á n-earcú teacht ó thíortha eile chun an chórais le rólanna speisialta a dhéanamh. Ní chuireann an Ghaeilge bac ar dhaoine nua a earcú chun rólanna speisialta,” a dúirt Ó Cearúil.

Dúirt ball eile den choiste, Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, nach dtaitníonn sé leis a bheith “ag teacht salach” ar na ceardchumainn ach go bhfuil SIPTU “mícheart” ina léamh ar an reachtaíocht nua.

“Roghnaíodh 20% do 2030 mar shíl an Roinn gur féidir leis an státchóras cloí leis, ní hé go mbeidh coinníoll ar gach uile dhuine sa státchóras Gaeilge fheidhmiúil a bheith acu,” a dúirt Ó Snodaigh.

Dúirt sé nach bhfuil “aon duine ag rá nach bhfuil dúshláin” i gceist leis an sprioc nua ach go n-aithníonn an coiste na dúshláin sin.

“Níl muid coimeádach sa chás seo ach níl muid radacach, níl 20% radacach,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Imní ar SIPTU go gcuirfeadh sprioc earcaíochta an rialtais don Ghaeilge as do chaighdeán an chúraim a fhaigheann othair'

  • Breandán

    Aríst an córas oideachais is cúis le teipeadh spriocanna don Ghaolainn a bhaint amach! Maidir le SIPTU; má bhaineann siad .00001% sprioc earcaíochta don Ghaolainn amach, bheadh sin iomarcach dóibh! As Béarla a labhair urlabhraí SIPTU ag an gCoiste Oireachtais inné? Céard é polasaí SIPTU i leith teangacha eile, a bheith á labhairt ag a bhfostaithe? An Béarla amháin a cheadaítear sa chumann? Fiosraithe de dhíth!