Bhain mé Liospóin amach díreach roimh dhul faoi na gréine, tar éis turas tuirsiúil ó Cádiz i ndeisceart na Spáinne.
Fuair mé greim le n-ithe ach ansin bhí sé róluath chun dul a luí, agus thug mé aghaidh ar an siopa leabhar is sine (de réir Leabhar Curiarrachtaí Guinness) ar domhan.
Sa bhliain 1732 a bunaíodh siopa leabhar Bertrand, agus ach oiread leis na siopaí eile i lár chathair Liospóin, bíonn sé ar oscailt go dtí a deich a chlog san oíche.
Tá rud éigin iontach deas faoi bheith ag brabhsáil i siopa leabhar san oíche.
Tugann sé suaimhneas duit tar éis lá strusmhar, a bheith in ann dul ó sheilf go seilf, leabhair a thógáil amach, suí síos ar tholg agus blurba nó dhó a léamh, breathnú as cúinne do shúl ar na custaiméirí eile agus éisteacht lena gcomhráite, gan aon bhrú ama a bheith ort toisc go mbeidh doirse an tsiopa á ndúnadh go luath.
Ós rud é go mbíonn na siopaí leabhar i Liospóin ar oscailt chomh mall sin san oíche is dócha nach féidir a bheith ag súil leis go mbíonn siad ar oscailt an chéad rud ar maidin. Ag a haon déag a osclaíonn ceann de na siopaí leabhar is ansa liom ar domhan, Ler Devagar (‘Léitheoireacht Mhall’.) Ní i lár na cathrach go baileach atá an siopa leabhar sin suite ach i gceantar cúláilte Alcântara, faoi scáth Dhroichead an 25 Aibreáin a cheanglaíonn Liospóin leis an gcuid sin den Phortaingéil taobh ó dheas d’abhainn an Tejo.
Níl toilg ag Ler Devagar ach tá cathaoireacha agus boird acu, agus ach oiread le siopa leabhar Bertrand, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an am ann agus cúpla uair an chloig a mheilt ag breathnú tríd leabhair nó ag cúléisteacht le custaiméirí.
Is maith liom féin an rogha fhairsing de shaothair ó údair ón mBrasaíl, ó Angóla, ó Mhósaimbíc, ó Rinn Verde agus gan dabht ón bPortaingéil féin atá ag Ler Devagar, ach – arís ach oiread le Bertrand i lár na cathrach – ní gá duit Portaingéilis a bheith agat chun sult a bhaint as siopaí leabhar Liospóin. Cathair mhór thurasóireachta agus ex-pats í príomhchathair na Portaingéile agus bíonn rogha fhairsing agus rogha iontach suas chun dáta i mBéarla ar fáil (leath an tsiopa, nach mór, i gcás Ler Devagar), agus seastáin de leabhair i bhFraincis agus i Spáinnis lena chois.
Tá a lán siopaí leabhar eile i Liospóin agus d’fhéadfá do lá a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann, ach sin í an fhadhb le siopaí leabhar i gcathair nach bhfuil tú i do chónaí inti: líon na leabhar ba mhaith leat a cheannach ach nach mbíonn spás ann dóibh i do mhála taistil.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN EORAIP: Ag brabhsáil i siopa leabhar san oíche i Liospóin…'