Tá slán fágtha againn leis an tsraith agus, mar a dúirt John Kiely agus é ag caint leis na meáin i ndiaidh bhua Luimnigh an tseachtain seo caite, ‘sin sin.’
Agus sinn anois ag díriú ár n-aird ar an gcraobh, caithfimid a admháil go raibh a mbua tuillte go hiomlán ag Luimneach agus farasbarr sé phointe, 1-27 in aghaidh 1-21, acu ar Chorcaigh.
Fuair siad greim ar an gcoimhlint nuair a chuireadar tús lasrach leis an gcluiche agus níor scaoil siad leis an smacht a bhí acu ina dhiaidh sin.
Bhí Aaron Gillane ina laoch i measc na laochra ag Luimneach i bPáirc na nGael. D’aimsigh sé 1-7 agus an chuma air go bhfaigheadh sé scór gach uair a gcuirfeadh Luimneach an sliotar go tapa ina threo.
Cuireadh Corcaigh as a riocht go luath ach thug an cúl a bhronn Luimneach orthu misneach éigin dóibh agus tharraing siad iad féin ar ais sa choimhlint i ndiaidh an drochthúis sin. Mar sin féin, gach uair a laghdaíodh an bhearna bhí freagra ag Luimneach agus chuir an ruathar deiridh sin uathu béim láidir ar an difríocht idir an dá thaobh.
Bhí Cathal O’Neill, Gearóid Hegarty agus Will O’Donoghue an-mhaith, agus, cé nach raibh sé go hiomlán ar a bhuille, bhí Aidan O’Connor cruinn go leor chun Luimneach a choinneáil chun tosaigh.
Rud eile a sheas amach, áfach, ná an líon pocanna saora. D’éirigh le Luimneach 11 poc saor agus dhá phoc 65 a chur thar an trasnán. Ocht gcinn de phocanna saora a d’aimsigh Corcaigh agus, i mo thuairimse, chualamar séideadh na feadóige rómhinic ón réiteoir, Shane Hynes.
I gcluiche ceannais Roinn 1B, bhí an Clár láidir go leor chun Áth Cliath a bhualadh 2-26 in aghaidh 3-20 agus an corn a thabhairt leo. Níor gan dua a bhaineadar é, áfach, agus cúrsaí athraithe go hiomlán sa dara leath.
Chuir Shane O’Donnell tús maith leis an gcluiche don Chlár agus chinntigh Mark Rodgers go raibh na scóranna ag teacht go rialta. Bhí na Cláirínigh an-láidir sa chéad leath agus iad deich gcúilín chun tosaigh ag an mbriseadh.
Tháinig Áth Cliath ar ais go tréan i ndiaidh an bhrisidh áfach agus ba iad na cúil a thug ar ais iad i gcoimhlint a bhí ag sleamhnú uathu.
Bhí an Clár faoi bhrú ach níor ghéill siad. Chinntigh sábháil thábhachtach ó Eibhear Quilligan déanach sa chluiche agus críoch stuama ó na Cláirínigh go mbeadh an lá leo agus Áth Cliath fágtha gan toradh ag an iarracht chróga a thugadar.
Anois beidh muid ag díriú ar chúrsaí craoibhe. Tá seachtain le dul sula dtosnaíonn an t-aicsean i gcraobh 2026. An mbeidh mórán nua againn? An mbeidh cuid de na fadhbanna céanna againn leis an gcárta dubh, an pas láimhe nó úsáid mhídhleathach an chamáin? An bhfeicfimid ceannlínte faoi na rialacha nua faoi easaontú leis an réiteoir ? An dtiocfaidh contae nach bhfuil súil leis chun cinn mar a rinne Áth Cliath anuraidh? An mbeidh curadh cúige nó curadh na hÉireann againn nach raibh súil in aon chor leis?
Mar a chonaiceamar arís an Domhnach seo caite, tá Luimneach amach chun tosaigh. Nuair a bhuadar na ceithre chraobh i ndiaidh a chéile, bhí sé beagnach dodhéanta locht a fháil ar fhoireann Luimnigh. Bhí an oiread sin slite éagsúla acu chun dochar a dhéanamh don fhreasúra. Ansin tháinig Corcaigh, faoi dhó, le rud éigin nua agus tháinig deireadh le ceannas Luimnigh.
Ach tá borradh fúthu arís agus an chéad athnuachan cheart déanta ar an scuad ó tháinig an fhoireann chun cinn den chéad uair ocht mbliana ó shin.
An Clár, dar ndóigh, a thug leo abhaile an corn in 2024, agus ansin tháinig bua Thiobraid Árann aniar aduaidh orainn anuraidh. Is é an dúshlán atá roimh na Tiobraid Árannaigh ná an deacracht a bhaineann leis an mbeart a dhéanamh don dara bliain i ndiaidh a chéile, rud nár éirigh leo a dhéanamh ó 1965. Tá fadhbanna le réiteach ag bainistíocht nua Chorcaí chomh maith agus n’fheadar in aon chor an bhfuil na teaicticí soiléir a ndóthain acu.
Agus céard faoi chúige Laighean? An féidir leis an nGaillimh cur leis an méid a thaispeánadar i bhfeachtas na sraithe? Tá an-tábhacht ag baint leis an chéad chluiche craoibhe idir iad féin agus Cill Chainnigh an Satharn seo chugainn. Agus conas a bheidh ag Áth Cliath agus an bhfuil aon seans gur féidir le Cill Dara an ceann is fearr a fháil ar aon cheann des na contaetha is láidre?
Sea, mórán ceisteanna, ach tiocfaidh na freagraí go luath.
Fág freagra ar 'Luimneach ar ais i mbarr a réime ag an am ceart agus an chraobh ag teannadh linn'