An deireadh seachtaine seo caite, cuireadh tús le craobhchomórtas iomána na Mumhan agus Laighean, agus na chéad chluichí i gCúige Laighean ar siúl tráthnóna Dé Sathairn. Chuir Gaillimh tús iontach lena bhfeachtas craoibhe le bua cuimsitheach ar Chill Chainnigh, rud nach dtarlaíonn rómhinic. Ba iad Uíbh Fhailí údar iontais an deireadh seachtaine, is dócha, agus tá go leor daoine den tuairim go mba cheart go mbeadh an cluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath buaite acu. Bhí an cúilín sin ag Dónal Burke i ndeireadh an chluiche thar a bheith tábhachtach, ach ar an iomlán, rinne Uíbh Fhailí a ndóthain chun an bua a bhaint amach.
Sa chluiche idir Loch Garman agus Cill Dara, bhí tréimhsí imeartha an-mhaith ag Cill Dara, agus léirigh siad go cinnte nach raibh siad as áit ag an leibhéal seo. Chríochnaigh Loch Garman go láidir agus Lee Chin ina laoch acu.
Ar an Domhnach, cluichí na Mumhan a bhí i lár stáitse. Chuir Port Láirge iontas ar go leor daoine agus bhí siad fós san iomaíocht in aghaidh an Chláir go dtí an deireadh. B’éigean don Chlár troid an bealach ar fad, cé gur dócha gur thuill siad an bua sa bhaile. Nach ait é gur scóráil Stephen Bennett 3-12 do na Déise agus é ar an bhfoireann a chaill?
An cluiche a raibh saol na hiomána uile ag súil leis, bhuel, ní raibh sé chomh maith is a bhíomar ag súil leis. Sa chéad leath, shíl mé go raibh an dá thaobh cothrom go leor, ach sa dara leath, ó thaobh Chorcaí de, ba scéal iomlán eile é. D’imir Corcaigh go hiontach sna 35 nóiméad deiridh sin agus ba mhór acu an bua. Níor tháinig Tiobraid Árann isteach sa chluiche sa dara leath ar chor ar bith seachas sna deich nóiméad deireanach nuair a bhí Corcaigh go mór in uachtar.
Bhuel tá an sos trí seachtaine críochnaithe agus mheasfá go bhfuil painéal Luimnigh breá ullamh dá gcéad chluiche agus iad lán de mhuinín i ndiaidh an ardtaispeántais a thugadar i gcluiche ceannais na sraithe. Mar sin féin, cailliúint ollmhór é Aaron Gillane do Luimneach.
Agus bunaithe ar gach a bhfacamar sa chluiche ceannais sraithe sin, rachaidh siad isteach sa chluiche mar rogha na coitiantachta, ach i mo thuairim féin, sílim gur léirigh bua Chorcaí Dé Domhnaigh seo caite nach bhfuil an bhearna eatarthu chomh mór sin. Cé go dtiocfaidh Luimneach isteach an-úr tar éis a sosa, tiocfaidh Corcaigh isteach agus buntáiste acu ó thaobh cluiche craoibhe a bheith imeartha agus buaite acu. Tugann sin an-mhuinín d’fhoireann.
Mar sin, níl foireann amháin chomh mór chun cinn is a shamhlaíomar, b’fhéidir, cúpla seachtain ó shin i ndiaidh chluiche ceannais na sraithe. Ina gcluiche in aghaidh Thiobraid Árann Dé Domhnaigh seo caite, bhí líne leathchúlaithe Chorcaí chomh húdarásach sin sa dara leath nár cuireadh mórán trialach ar an líne lánchúil ar chor ar bith. Agus, is dócha, má tá aon líne gur gá di a bheith i mbarr a cumais, bunaithe ar fhianaise chluiche ceannais na sraithe, is í an líne lánchúil an líne sin.
Ach is cluiche eile ar fad é seo é seo, i gCorcaigh a bheidh sé agus is cosúil go mbeidh Luimneach d’uiareasa a bpríomhnaoscaire. Sílim féin go bhfuil sé an-chothrom go deo.
Sa chluiche eile i gCraobh na Mumhan, tabharfaidh Tiobraid Árann aghaidh ar Phort Láirge agus beidh brú ar churaidh na hÉireann. Ní dóigh liom go bhfuil aon dabht faoi sin. D’imir Port Láirge go maith ar feadh tréimhsí áirithe Dé Domhnaigh seo caite agus mothóidh siad go bhfuil fíorsheans acu sa bhaile. Tuigeann Tiobraid Árann nár mhaith leo an dara cluiche a chailleadh, agus mar sin feicimse gur comórtas an-dian, an-teann a bheidh ann.
Tá trí chluiche an-tábhachtach i gCúige Laighean an deireadh seachtaine seo freisin. Cuirfidh Cill Chainnigh agus Loch Garman tús leis an aicsean anocht. Tuigeann Cill Chainnigh go cinnte nach bhfuil siad ag imirt go maith agus go gcaithfidh siad an cluiche seo a bhuachan. Cuireann Loch Garman diantastáil i gcónaí orthu, agus ní fheicim go mbeidh aon athrú air sin an uair seo.
Sa chéad chluiche Dé Domhnaigh, rachaidh Baile Átha Cliath isteach mar rogha láidir na coitiantachta in aghaidh Chill Dara, tar éis dóibh an t-ádh a bheith orthu teacht amach as Uíbh Fhailí an deireadh seachtaine seo caite le pointe amháin. Táim ag súil go mbeidh siad i bhfad níos fearr an uair seo, agus sílim go mbuafaidh siad an cluiche, le beagán le spáráil, b’fhéidir.
Sa chluiche eile i nGaillimh, beidh Uíbh Fhailí agus an Ghaillimh lán de mhuinín. Is deacair gaisce mór gan choinne a shamhlú ó thaobh Uíbh Fhailí de, ach dúradh an rud céanna an deireadh seachtaine seo caite.
Fág freagra ar 'An bhearna idir Luimneach agus Corcaigh iata roimh a gcath Cois Laoi'