Beidh ar chosantóirí Mhaigh Eo bheith ar a n-airdeall chun faobhar Ros Comáin a mhaolú

Caithfear cuimhneamh gurb iad Ros Comáin an t-aon fhoireann go bhfuil buaite ar Dhún na nGall acu go nuige seo in 2026

Beidh ar chosantóirí Mhaigh Eo bheith ar a n-airdeall chun faobhar Ros Comáin a mhaolú

Tráth an ama seo na haon bhliain agus na craobhacha cúige ina mbeathaigh le giodam agus teaspach an earraigh, deintear iarrachtaí breis spride, breis brí agus breis anama a chur sa dioscúrsa timpeall orthu. Tá seo amhlaidh toisc go dtuigeann lucht leanta na gcluichí sa chraobh caide, go háirithe, nach iad na craobhacha cúige bun agus barr an scéil a bheidh á insint as seo go deireadh mhí Iúil.

Ráiníonn coitianta sna hiarrachtaí seo go mbíonn mór is fiú a dhéanamh den gcraobh chúige agus ábhar piobair á chur sa rud atá imithe chun tuire idir dhá chontae, go gcuirtear ceisteanna ar nós ‘cé acu is mó go bhfuil an ghráin acu ar a chéile?’ nó ‘cé acu is lú go bhfuil luach acu ar chraobh cúige?’. Deintear tagairtí do chlathacha teorainn idir an dá chontae, ar thithe tábhairne ná ólfá go deo iontu agus géaraítear, leis, ar na tréithe is mó a dheineann idirdhealú idir an dá threibh. Tá seana-thaithí ag muintir Bhaile Mhuirne is Ghleann Fleisce, mar shampla ar a leithéid anseo thíos, agus is é an dála céanna an tseachtain seo é idir Ros Comáin is Maigh Eo.

Bhraithfeá uaireanta ag éisteacht leis an allagar go bhfuil smut den gcur i gcéill agus den ngabhaimse orm i gceist nuair a cloistear fén ‘naimhdeas’, mar dhea, idir contaetha áirithe agus is dóigh liom gur lú de spéis atá ag imreoir an lae inniu sa treabhchas ná mar atá san eolaíocht aige. Mar sin féin, i mbailte ar nós Chill Móibhí, Bhaile an Locha, Bhéal Átha hAmhnais agus Bhealach an Doirín an deireadh seachtaine seo, ní dócha go bhfuil aon chur i gcéill agus ní dócha ach an oiread go bhfuilid dírithe ar na babhtaí craoibhe a thiocfaidh níos déanaí sa tsamhradh. Anois nó riamh.

Ar an gcéad éachtaint, ba dhóigh leat gur cheart go mbeadh rith an ráis le Maigh Eo i bPáirc Mhic Éil inniu. Níl ach cúig seachtaine ó bhuaigh Maigh Eo sa tsraith le cúilín is fiche ar Ros Comáin ar an bpaiste céanna i gCaisleán an Bharraigh. Anuas air sin, tá an t-aon tosaí fónta a bhí ag Ros Comáin an lá úd, Daire Cregg, ar fionraí tar éis a dhíbeartha i bPáirc na nGael, Nua-Eabhrac coicíos ó shin. Níl mórán cainte ar aon tosaí eile an tseachtain seo ach Kobe McDonald Mhaigh Eo, mo ghraidhin é, agus ba dhóigh leat nárbh fhiú do Ros Comáin dul thar teora amach in aon chor inniu.

Tá taithí mhaith fachta ag Ros Comáin ar ról an íochtaráin agus tá laethanta ann go ramhraíonn siad ar an seasamh atá i gcraobh Chonnachta acu i gcomparáid le Gaillimh is Maigh Eo. Dá bhféadfaimis neamhaird a dhéanamh den sciúrsáil a fuaireadar ó Mhaigh Eo i ndeireadh an Mhárta, agus is dóigh liom gur féidir, ní raibh aon drochfheachtas sraithe in aon chor ag Ros Comáin. Bhí ana-mhísheans leo gan aon ní a bhreith leo óna dturas go Cill Airne in aghaidh Chiarraí i mbabhta 1. Ba mhó ná san arís a mí-ádh go mbuaileadar le hÁth Cliath ar cheann de na laethanta sin go raibh rath ar gach a ndeineadar. Cathain go deireanach a bhí na Dubs ceithre phointe dhéag chun cinn agus gan aon chic curtha amú acu tar éis 25 nóimeat? Chúitigh Ros Comáin a dtámáilteacht leo féin agus a lucht leanúna dílis coicíos ina dhiaidh sin le bua sé phointe ar Dhún na nGall. Caithfear cuimhneamh, leis, gurb iad Ros Comáin an t-aon fhoireann go bhfuil buaite ar Dhún na nGall acu go nuige seo in 2026.

Bhí Diarmuid Murtagh, Rob Heneghan agus Conor Hand (ón mbinse) ar fheabhas an lá úd in aghaidh Dhún na nGall ach, mar a bhí le roinnt blianta anois, ba é Enda Smith ár slat tomhais i gcónaí ar mhianach Ros Comáin. Bhí fear Mhainistir na Buaile dochloíte le cóir na gaoithe sa chéad leath agus má éiríonn leis na nótaí céanna a bhualadh inniu, ní dóigh liom gurb é Conor Loftus a chuirfidh corc ann.

Cé gur chailliúint é Daire Cregg, ní dóigh liom gur buille marfach a bheidh ann do Ros Comáin. Tá 3-30 aimsithe ag Murtagh (naoi gcinn de chúplaí san áireamh) agus 1-2 curtha ag Smith thall i Nua-Eabhrac leis an 4-11 a scóráil sé sa chraobh. Ní píobairí aonphoirt iad tosaithe Ros Comáin ach píce trí mbeann (Smith, Murtagh &agus Heneghan) agus beidh ar chosantóirí Mhaigh Eo bheith ar a n-airdeall chun an faobhar san a mhaolú.

Pé faobhar, pé gearradh nó pé tine atá ar chraiceann pheileadóirí Dhún na nGall ó thús na bliana seo, bheinn ag súil ná múchfaí i gcoinnibh an Dúin i Leitir Ceanainn inniu é. Ó deineadh an tarrac do chraobh Uladh, bhí a gcúrsa leagtha amach acu dóibh féin ag na Conallaigh. Rianaigh an cúrsa san go mbeadh orthu buachtaint ar Ard Mhacha chun áit a bhaint amach i gclucihe ceannais Uladh. Ach ní inniu. Bhí de shólás agus de shuaimheas acu go raibh na cheithre seachtaine prapála acu tar éis tonnbhriseadh chluiche ceannais na sraithe. Ní prapáil ar fad a bheadh i gceist toisc go gcaithfidh go dtugann an tslí a bhuadar ar Chiarraí agus an cur chuige a bhí acu sásamh ar leith dhóibh.

Aisteach go leor, ‘siad an Dún an contae deireanach a bhuaigh ar Dhún na nGall i gcraobh Uladh i 2023 ach ní hionann an lá inné is inniu. Ainmhí difriúil ar fad isea na Conallaigh anois agus ainneoin feabhais leithéidí Odhran Murdock, Pat Havern agus Daniel Guinness agus nach mór beag beann ar intleacht chaide a mbainisteora Conor Laverty, tá spriocanna níos mó ag Dún na nGall na laethanta seo agus ní chuirfidh contae an Dúin dá mbuille inniu iad.

 

Fág freagra ar 'Beidh ar chosantóirí Mhaigh Eo bheith ar a n-airdeall chun faobhar Ros Comáin a mhaolú'