Tabharfar fear os comhair cúirte inniu a gabhadh ag an deireadh seachtaine i dtaobh gunna a scaoileadh in óstán in Washington DC mar a raibh Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, ag freastal ar dhinnéar Chomhfhreagraithe an Tí Bháin.
Dúirt Dlíodóir na Stát Aontaithe do cheantar Columbia, Jeanine Pirro, go gcuirfí dhá chúis i leith an amhrastaigh, ceann a bhain le harm tine a úsáid agus ceann faoi ionsaí a dhéanamh le harm contúirteach ar oifigeach feidearálach.
Meastar go mbeidh cúiseanna eile i gceist chomh maith.
Tá sé á thuairisciú gurb é an té atá faoi amhras san eachtra Cole Tomas Allen, atá 31 bliain d’aois agus arb as Torrance, California é.
Dúirt feidhmeannach sa Teach Bán go gceapann Donald Trump go ndearna a chuid gníomhairí slándála “an-obair agus an gunnadóir a chloí agus an t-uachtarán, a bhean chéile, an leas-uachtarán agus an rialtas a thabhairt amach slán sábháilte”.
Tugadh le fios go mbeadh cruinniú sa Teach Bán an tseachtain seo le cúrsaí slándála a phlé.
Is cosúil gur gabhadh Cole Tomas Allen tar éis urchar a scaoileadh in aice le seicphointe slándála i halla tosaigh an óstáin, a bhí ar an urlár os cionn an tseomra ina raibh dinnéar na dtuairisceoirí ar siúl.
In agallamh a thug an tUachtarán Trump tar éis na heachtra sin ag an dinnéar, dúirt Trump, “Ní raibh aon imní ormsa. Tuigim an saol. Táimid ag maireachtáil i ndomhan atá craiceáilte.”
Tá neart ceisteanna á gcur ó shin faoin tslándáil ag an dinnéar a d’fhág go raibh gunnadóir in ann a bhealach a dhéanamh chomh gar sin don Uachtarán agus baill dá rialtas.
Deirtear gur sheol an té atá gafa, Cole Tomas Allen, forógra go dtína mhuintir deich nóiméad sular scaoileadh aon urchar ag déanamh ceap magaidh den easpa slándála ag an dinnéar in Washington, “áiféiseach” dar leis.
Seán
“Ceapann fear na buile gurb é féin fear na céille.”
Tá sé ráite riamh agus is fíor é.