Bánú ag iarraidh ar vótálaithe ceist na tithíochta Gaeltachta a ardú le hiarrthóirí fothoghcháin i nGaillimh Thiar

Tá seisiún eolais eagraithe ag Bánú in Áras na nGael i nGaillimh le ceist na tithíochta Gaeltachta a chur i láthair na n-iarrthóirí agus an phobail

Bánú ag iarraidh ar vótálaithe ceist na tithíochta Gaeltachta a ardú le hiarrthóirí fothoghcháin i nGaillimh Thiar

Tá an grúpa feachtais Bánú ag iarraidh ar vótálaithe a bheidh ag caitheamh a vótaí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar an mhí seo chugainn ceist na tithíochta Gaeltachta a ardú leis na hiarrthóirí.

Is ar an 22 Bealtaine a bheidh an dá fhothoghchán ar siúl i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Tá bileog á scaipeadh ag Bánú ar a bhfuil ceithre mhóréileamh le léamh chomh maith le hachainí ar na hiarrthóirí, “go háirithe ó pháirtithe an Rialtais”, dul i ngleic “ar bhonn práinne” leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.

“Le linn an fheachtais toghchánaíochta, cloisfear go leor faoi thábhacht na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre agus tá Bánú ag fiafraí de na hiarrthóirí céard iad go díreach na bearta a dhéanfaidh siad de réir na mbriathra céanna.

“Cuireann Bánú an cheist go lom orthu siúd ar mhaith leo ionadaíocht a dhéanamh ar Chonamara Theas agus Oileáin Árann, an ceantar Gaeltachta is mó sa tír, cén seasamh atá acu ar na héilimh seo agus cad a dhéanfaidh siad chun iad a chur i gcrích?” a deirtear ar bhileog Bhánú.

Éilítear sa mbileog go ndéanfaí ról Údarás na Gaeltachta “a shoiléiriú ó thaobh na tithíochta”; go n-eiseofar an Ráiteas Náisiúnta Pleanála a bhfuiltear ag súil leis in 2027 faoi dheireadh na bliana seo; go mbainfear úsáid as “na cumhachtaí reatha atá ag an Aire Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2001” le tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge tithe a thógáil, a cheannach, nó a athchóiriú sa Ghaeltacht; agus go dtabharfar isteach reachtaíocht nua ina gcuirfear “tionchar teanga” san áireamh le “rialú ceart” a dhéanamh ar thithíocht a ligtear ar cíos go gearrthéarmach sa Ghaeltacht.

Beidh seisiún eolais á reáchtáil ag Bánú Dé Céadaoin, an 29 Aibreán in Áras na nGael i nGaillimh agus tá cuireadh tugtha ag an eagraíocht do na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh san fhothoghchán a bheith i láthair. Beidh an ócáid ag tosú ag 18:00 agus tá fáilte roimh an bpobal chomh maith le hiarrthóirí toghcháin.

Déanfar cur i láthair gearr dátheangach faoin staid ina bhfuil an feachtas tithíochta a thosaigh Bánú ag deireadh na bliana 2023, agus tabharfar deis don phobal ceisteanna a chur ar ionadaithe Bhánú maidir le ceist na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta.

Tá ceistneoir le scaipeadh ag Bánú ar na hiarrthóirí, freisin, leis an seasamh atá acu ar cheist na tithíochta Gaeltachta a “shoiléiriú” roimh an bhfothoghchán an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bánú ag iarraidh ar vótálaithe ceist na tithíochta Gaeltachta a ardú le hiarrthóirí fothoghcháin i nGaillimh Thiar'