Tá súil ag Údarás na Gaeltachta bota comhrá a chruthú a bheadh in ann scrúduithe cainte sa Ghaeilge a chur ar dhaltaí scoile agus mic léinn ollscoile. Luaitear an bota i measc na moltaí atá sa tuarascáil is deireanaí ar an Intleacht Shaorga ón eagraíocht forbartha Gaeltachta, a foilsíodh níos luaithe an mhí seo.
Deirtear sa tuarascáil, a réitigh an comhlacht Ernst and Young don Údarás, go bhfuil sé mar aidhm acu “réiteach idirghníomhach gutha a chruthú” le “measúnú uathoibríoch fíor-ama a dhéanamh” ar scileanna teanga, idir stór focal agus foghraíocht, na ndaltaí.
Maíonn an tÚdarás go bhfuil “dúshláin shuntasacha” ag baint leis an nGaeilge a theagasc in iarbhunscoileanna ach go bhféadfadh sé go mbeadh “buntáistí” ann dá dtabharfaí uirlisí Intleachta Saorga isteach sa seomra ranga. Maíonn an eagraíocht go dtreiseodh an bota comhrá a dhéanfadh scrúduithe cainte “caighdeán na Gaeilge i scoileanna” agus go n-ísleofaí “an costas in aghaidh an mhic léinn [dalta]”.
Maítear sa tuarascáil freisin go gcabhródh a leithéid d’uirlis leis an bpolasaí atá ag an stát, faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2030.
Bhí tuairim is 72,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ann i nDaonáireamh 2022. Luaitear “níos mó tacaíochta chun seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil” i measc na mbuntáistí a bhainfeadh le forbairt “oideachas comhrá gutha”.
Bheadh an bota comhrá seo á thraenáil “ar ábhair foinse churaclaim agus oideachais atá ar fáil cheana”.
“Tá dúshláin shuntasacha ag baint le Gaeilge a theagasc i meánscoileanna, lena n-áirítear cumas difriúil ag mic léinn [daltaí], taithí theoranta ar chomhrá a dhéanamh trí Ghaeilge, agus acmhainní srianta do mhúinteoirí,” a deirtear i dtuarascáil an Údaráis.
Dúradh gur léiríodh sa taighde a rinneadh mar chuid den tuarascáil “go mbíonn modhanna traidisiúnta seomra ranga ag streachailt go minic chun gach foghlaimeoir a spreagadh agus chun dul in oiriúint dá riachtanais shonracha”.
Maíodh go bhféadfadh bota comhrá AI “eispéiris foghlama shaincheaptha oiriúnaitheacha a chur ar fáil”, go gcabhródh a leithéid leis na daltaí meánscoile a bheith “muiníneach” as a scileanna teanga agus go gcuirfeadh sé “aiseolas láithreach” ar fáil do na daltaí. Deir an tÚdarás go ligfeadh sé seo do dhaltaí na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna “dul chun cinn a dhéanamh ag luas atá oiriúnach dóibh” féin.
“D’fhéadfadh an cur chuige seo déileáil le modhanna teagaisc atá in úsáid faoi láthair trína chinntiú go mbeidh sé níos éasca díriú ar an nGaeilge agus go mbeidh spéis á cur ag mic léinn [daltaí] le cúlraí difriúla sa teanga. In 2025, tá 1.95 milliún foghlaimeoir Gaeilge cláraithe chun an aip foghlama teanga is cáiliúla ar domhan, Duolingo, a úsáid.
“Is fianaise é sin ar an méadú atá ag teacht ar spéis san oideachas Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga traidisiúnta agus ar an éileamh atá air,” a deirtear sa tuarascáil.
Rinneadh athrú suntasach ar an gcúrsa Gaeilge ar Duolingo in 2023 nuair a cinneadh fáil réidh leis an gcainteoir dúchais Gaeltachta a chuireadh an glór ar fáil do na taifeadtaí ar an aip. Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha eile ar an aip foghlama teanga Duolingo atá á gcur i láthair ag IS seachas ag cainteoirí dúchais.
Anuraidh, dúirt ceannasaí Duolingo gurb amhlaidh nach mbíonn lucht foghlama ag iarraidh comhrá a dhéanamh le cainteoirí líofa mar go mbíonn an iomarca dua ó thaobh na mothúchán ag baint lena leithéid.
Dúirt Luis van Ahn, duine de bhunaitheoirí Duolingo, le The New York Times nach mbíonn 95% de lucht foghlama teangacha ag iarraidh labhairt le duine daonna sa teanga atá siad a fhoghlaim mar gheall go mbíonn “fuinneamh mothúchánach ró-ard” ag baint le comhrá dá leithéid.
“An rud is deise faoi [IS ar Duolingo] ná nach n-airíonn tú go bhfuil an ríomhaire ag déanamh breithiúnais ort,” a dúirt sé.
Tá na féidearthachtaí a bhaineann leis an Intleacht Shaorga sa seomra ranga agus sa halla scrúduithe á bhfiosrú ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) freisin. Dúirt urlabhraí de chuid Choimisiún an Scrúduithe Stáit le Tuairisc “nach bhfuil aon amhras ann” ach go bhféadfadh an dul chun cinn atáthar a dhéanamh leis an Intleacht Shaorga “agus teicneolaíochtaí eile” tionchar a imirt ar an “tsláine acadúil” agus go gcaithfear iad a “bhainistiú go cúramach”.
Dúradh freisin, áfach, go bhfuil “deiseanna” ann agus go bhféadfadh uirlisí IS “seirbhís níos fearr” a chur ar fáil agus “réimse níos leithne foghlama agus measúnaithe” a sholáthar.
“Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit tar éis conradh a dhéanamh le hOllscoil Luimnigh maidir le taighde a dhéanamh ar an IS ghiniúnach a úsáid i gcomhthéacs na measúnuithe oide-bhunaithe agus na measúnuithe seachtracha chun gnóthachtáil thábhachtach a dheimhniú ag an dara leibhéal.
“Roimhe seo agus aird ar na forbairtí nua a bhí ag tarlú i réimse na hIntleachta Saorga Giniúnaí, d’iarr an tAire Oideachais a bhí ann an tráth sin ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit taighde a choimisiúnú ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an IS ghiniúnach ó thaobh na measúnuithe oide-bhunaithe, go háirithe,” a dúradh i ráiteas a chuir an Coimisiún ar fáil do Tuairisc.
Dúradh gur “leathnaíodh scóip an taighde seo” le deireanas le “measúnú seachtrach chun na críche teastas a bhronnadh”.
“Tá an taighde seo ag breathnú ar na deiseanna agus na dúshláin ar leith a bhain leis an IS ghiniúnach ó thaobh measúnú a dhéanamh ar ábhar a mbeadh teastas le bronnadh air. Scrúdófar go háirithe an tionchar a bheadh ag úsáid na hIntleachta Saorga Giniúnaí ar shláine an mheasúnaithe agus an cur chuige a d’oirfeadh chun IS a cheadú nó a shrianadh.
“Scrúdófar sa taighde seo chomh maith conas a d’fhéadfadh IS giniúnach cuidiú leis na próisis mheasúnaithe fheabhsaithe. Chúns a bheidh an taighde seo ar siúl is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh measúnú seachtrach ar na míreanna measúnaithe breise atá á gcur le hábhair éagsúla,” a dúradh sa ráiteas.
Mar sin féin, dúirt an Coimisiún go bhfuil sé “róluath” a bheith ag tuairimíocht faoina dtitfidh amach san am atá le teacht agus faoi ról na hIntleachta Saorga i scrúduithe stáit.
“Níl an SEC ag úsáid na hintleachta saorga le measúnú a dhéanamh ar dhaltaí sna scrúduithe Stáit. Tá rialacha cuimsitheacha faoi chríochnú obair chúrsa d’iarrthóirí, lena n-áirítear úsáid cheadaithe agus neamcheadaithe na hIntleachta Saorga, ar fáil san fhoilseachán Coursework Rules and Procedures 2025-2026,” a dúirt an t-urlabhraí.
Fág freagra ar 'Moladh ag Údarás na Gaeltachta go n-úsáidfí AI le scrúduithe cainte a chur ar dhaltaí'