An cinsireacht a bhíonn ar bun ag ‘léitheoirí íogaireachta’ – nó an bhfuil géarghá leo?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá an ‘léitheoir íogaireachta’ éirithe coitianta in earnáil litríochta an Bhéarla agus roinnt mhaith mórtheangacha eile

An cinsireacht a bhíonn ar bun ag ‘léitheoirí íogaireachta’ – nó an bhfuil géarghá leo?

Céard atá i gcoitinne ag Roald Dahl, Ian Fleming agus Agatha Christie, seachas gur údair mhórdhíola ón mBreatain iad?

Bhuel, ó thús na bliana seo, tá athleaganacha dá gcuid leabhar á gcur ar fáil atá curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu le cúnamh ó léitheoirí íogaireachta.

Léitheoirí íogaireachta, a deir tú?

Daoine iad sin atá fostaithe ag foilsitheoirí chun a chinntiú nach mbeidh tada i leabhar ficsin a mhaslódh dream éigin, a bhuanódh steiréitíopaí diúltacha nó a mbeadh claontacht i gcoinne grúpa ar bith le brath air. Le blianta beaga anuas tá an léitheoir íogaireachta tar éis éirí forleathan in earnáil litríochta an Bhéarla agus roinnt mhaith mórtheangacha eile.

Go hiondúil léann léitheoirí íogaireachta an dréacht deireanach de shaothar ficsin agus cuireann siad tuairisc ar fáil don fhoilsitheoir. Pléann an foilsitheoir a gcomhairle leis an údar, agus faoin údar a bhíonn sé ansin glacadh le moltaí na léitheoirí íogaireachta agus athruithe a dhéanamh sa téacs nó diúltú dóibh. Sa chás deireanach sin, d’fhéadfadh sé go ndiúltódh an foilsitheoir an leabhar a chur i gcló.

Rud eile atá i gcoitinne ag Roald Dahl, Ian Fleming agus Agatha Christie, ar ndóigh, ná go bhfuil an triúr acu ar shlí na fírinne le fada. Ní hamháin nach raibh siad thart chun na hathruithe a mhol léitheoirí íogaireachta a dhéanamh ar a gcuid saothar a phlé lena gcuid foilsitheoirí, ach scríobh siad a gcuid i leabhar in aoiseanna a bhí éagsúil go maith ó shaol an lae inniu. Mar a déarfadh a gcomhthíreach L.P. Hartley: ‘The past is a foreign country; they do things differently there.’

Sa bhliain 1939, mar shampla, d’fhoilsigh Agatha Christie úrscéal mistéire a raibh n-fhocal an Bhéarla sa teideal. Ach bliain tar éis a báis i 1976 d’athraigh an foilsitheoir teideal an úrscéil: And Then There Were None atá ar an leabhar sin (atá ar an úrscéal mistéire is fearr díol riamh) ó shin.

Ba léir, mar sin, nach raibh glacadh leis an n-fhocal sa Bhéarla chomh fada siar le 1977. Ach téann na hathruithe a rinneadh ar shaothar Christie i mbliana i bhfad níos faide. Baineadh amach pé tagairtí do chúlra eitneach na gcarachtar tánaisteach; ghéill an leagan ’bundúchasaigh’ slí don leagan ‘muintir na háite’; níl Miss Marple ‘faoi dhraíocht’ a thuilleadh ag ‘na fiacla áille bána’ atá ag oibrí san óstán ina bhfuil sí ag stopadh in A Carribean Mystery agus in úrscéal eile ní deirtear faoi bhean a thuilleadh go raibh an chuma uirthi ‘go raibh sí déanta as marmar dubh’.

Ar an gcaoi chéanna ní aimseoidh léitheoirí an lae inniu n-fhocal an Bhéarla a thuilleadh sna leabhair a scríobh Ian Fleming faoi James Bond agus i gcuid mhaith cásanna ní dhéantar tagairt ar bith feasta sna leabhair chéanna do chúlra eitneach na gcarachtar.

Na hathruithe a rinneadh ar shaothar Roald Dahl is mó a chothaigh conspóid, toisc gur baineadh amach fiú amháin focail ar nós ‘ramhar’ agus ‘gránna’ agus cur síos á dhéanamh ar charachtair. Ar ndóigh is é an searbhas nó go deimhin an bitseachas ceann de phríomhchomharthaí sóirt shaothar Dahl agus measann cuid mhór údar comhaimseartha, Salman Rushdie ina measc, go bhfuil dochar as cuimse déanta ag an bhfoilsitheoir Puffin Books do shaothar Dahl. (D’fhógair Puffin ó shin go mbeidh ‘Classic Collection’ nua á chur i gcló de shaothar Dahl chomh maith – na leabhair mar a bhí, go bunúsach.)

An bhféadfaí cinsireacht a thabhairt ar ghairm na léitheoirí íogaireachta?

Dar liom féin gur saothar thar a bheith éiginnte atá san fhearann seo. Níor mhaith liomsa, mar údar, go mbuanódh saothar de mo chuid steiréitíopaí diúltacha, nó, níos measa, go ngoillfeadh leabhar de mo chuid ar léitheoirí ar leith i ngan fhios dom. Ar an gcúis sin, d’fháilteoinnse, mar údar comhaimseartha ar mhaith leis a cheapadh nach bhfuil sé bodhar ar dhioscúrsa a linne, do chomhairle ó léitheoirí íogaireachta.

Ach tharlódh go mbeidh carachtair ann i gcónaí – tá súil agam go mbeidh, pé scéal é – a mbeidh dearcthaí ciníocha, frithbhanda, homaifóibeacha nó eile acu. Murach iad, cén chaoi a bhféadfaí ceisteanna den chineál sin a chíoradh feasta i leabhair ficsin?

An imní a bheadh ormsa (níl aon fhianaise agam, ach táim ag dul ar mo thaithí féin mar fho-eagarthóir féinfhostaithe ar théacsanna scríbhneoirí eile) ná go mothódh léitheoirí íogaireachta go gcaithfidh siad locht a fháil ar na saothair a chuirtear faoina mbráid. Ag deireadh an lae, tá an foilsitheoir á n-íoc. Toisc an brú síceolaíoch sin a bheith orthu, fiú más go fo-chomhfhiosach féin é, bheadh faitíos orm go mbeidís níos géire ná ba ghá dóibh a bheith; go deimhin go gcothódh siad féin conspóid ar mhaithe le conspóid, óir gan chonspóid ní bheadh post acu.

An rud deireanach a bheadh uainn, dar liom féin, ná tionscal tinteáin arb é an t-aon táirge amháin ná a bheannacht a thabhairt do shaothair litríochta mar a bheadh polasaí árachais ann i gcoinne rachtanna feirge an chealchultúir.

Ach ag an am céanna tá mé go láidir den tuairim go bhfuil dualgas ar scríbhneoirí an lae inniu coinneáil suas leis an saol ina maireann siad, saol nach nglacann le focail áirithe, le steiréitíopaí agus le claontachtaí a raibh glacadh leo dhá scór, deich, nó fiú amháin cúig bliana ó shin. Agus chuige sin, is mór an chabhair é tuairim léitheoirí ó chúlraí éagsúla a lorg.

Fág freagra ar 'An cinsireacht a bhíonn ar bun ag ‘léitheoirí íogaireachta’ – nó an bhfuil géarghá leo?'

  • Antóin

    Samhlaigh an todhchaí; modúil éigeantacha faoin íogaireacht ar chúrsaí iriseoireachta sna hollscoileanna, céim nó dochtúireacht san íogaireacht ag gach scríbhneoir, agus campaí athoideachais san íogaireacht dóibh siúd nach bhfuil íogair go leor go fóill. Agus ar ndóigh, ‘Lámh, Lámh Eile’ ar an leabharliosta.

    Ach anois go smaoiním air, bhainfeadh sé sin an íogaireacht astu.

    https://www.zerohedge.com/geopolitical/hopkins-war-insensitivity