‘Neart, misneach agus fuarchúis intinne riachtanach don chath mór in Inis’ a bhí mar cheannteideal ar mo phíosa ar Thuairisc an Satharn seo caite. Agus dar ndóigh léirigh Luimneach na tréithe sin go léir agus iad údarásach sa cluiche. Ba ráiteas láidir uathu é, go háirithe ó bhí ceisteanna á gcur faoina gcumas tar éis dóibh cailleadh in aghaidh Chorcaí. Bhí na ceithre chluiche craoibhe roimhe sin caillte ag Luimneach, ach is cinnte gur chuir siad in iúl do chách sa chluiche i gcoinne an Chláir go bhfuil siad fós ar fheabhas.
Chaill an Clár seilbh ar an liathróid 38 uair, uimhir scanrúil, agus bhain Luimneach 19 n-iarracht ar scór agus 0-15 as an tseilbh sin. Bhí Luimneach ag rith ar an tanaíocht ó thaobh rialacha, go háirithe sa chosaint, ach chaill an Clár 25 babhta agus iad féin ar an ionsaí. Agus mar a tharla an Domhnach roimhe sin i bPáirc an Bhreatnaigh i gcás chúl báire na nDéise Billy Nolan, bhí tionchar thar a bheith tábhachtach ar an gcluiche ag Nicky Quaid.
Bhí Luimneach ar fheabhas agus iad ar ais, i dteannta Chorcaí, mar rogha do na coirn go léir.
Táimid ar ais i mbun aicsin i gCraobh Laighean an deireadh seachtaine seo, agus trí chluiche ar an gclár, dhá cheann acu inniu. Beidh Cill Dara sa bhaile in aghaidh na Gaillimhe, beidh Loch Garman sa bhaile in aghaidh Bhaile Átha Cliath, agus amárach beidh Cill Chainnigh ag taisteal go hUíbh Fhailí.
Tá tairbhe fós ag baint le gach cluiche do gach contae, agus tá na torthaí fíorthábhachtach. Déarfainn gurb é an cluiche idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman an ceann is tábhachtaí. Is dócha gurb é seo an cluiche a chinnteoidh cé a chríochnóidh sa tríú háit i gCraobh Laighean.
Bunaithe ar na taispeántais is déanaí, chaithfeadh Baile Átha Cliath a bheith agat mar rogha. Bhí Loch Garman díomách in aghaidh Chill Chainnigh coicís ó shin, agus beidh orthu feabhas mór a chur orthu féin. Ach is minic le blianta beaga anuas a chonaiceamar Loch Garman, beagán cosúil leis an nGaillimh, agus iad bocht go maith deireadh seachtaine amháin agus breá ábalta don dúshlán an deireadh seachtaine dár gcionn. Beidh siad ag súil go láidir gurb amhlaidh a bheidh anocht.
Níor imir Baile Átha Cliath in aghaidh Chill Chainnigh ná na Gaillimhe fós, áfach, agus mar sin tá sé deacair léamh cruinn a fháil ar cé chomh maith is atá siad i ndáiríre.
Anuraidh, ar ndóigh, ba iadsan ceann de mhóriontais na bliana nuair a bhuadar ar Luimneach i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Ach tháinig deireadh tobann lena gcuid taibhrimh ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh Corcaigh go bog orthu.
Tagann siad isteach sa chluiche seo, áfach, agus bua faighte acu coicís ó shin chomh maith le comhscór roimhe in aghaidh Uíbh Fhailí. Dá bhfaighidís dhá phointe eile anocht, bheadh seans an-láidir acu i gCraobh Laighean.
Bheinn ag ceapadh go mbeidh Cill Chainnigh (bunaithe ar fhianaise an chluiche dheireanaigh i gcoinne Loch Garman) rómhaith d’Uíbh Fhailí. Ach tá Loch Garman agus Cill Dara fós le himirt ag Uíbh Fhailí agus beidh siad fós san iomaíocht don tríú áit.
Níl ach cluiche amháin i gCraobh na Mumhan an deireadh seachtaine seo, agus cheapfá, dá gcaillfeadh Port Láirge, gurbh é sin deireadh an bhóthair acusan.
Tagann Corcaigh go Páirc an Bhreatnaigh agus ceithre phointe acu cheana féin, agus neart muiníne acu dá bharr. Beidh siad d’uireasa a gcéad rogha mar lánchúlaí agus cúlaí láir, áfach, agus is cailliúintí móra iad Ciarán Joyce agus Rob Downey don fhoireann.
Tá Port Láirge sa bhaile, agus is cinnte go mbeidh méid áirithe muiníne acu a bhuíochas don dara leath fíorspreagúil a bhí acu in aghaidh Thiobraid Árann coicís ó shin. Téann Corcaigh isteach sa chluiche mar rogha láidir na coitiantachta ach má chruthaíonn Port Láirge chomh maith is a rinne siad sa dara leath sin, tabharfaidh siad dúshlán d’aon fhoireann.
An lá féin agus idir na línte bána a bhuafar nó a chaillfear é.
Fág freagra ar 'Tairbhe fós ag baint le gach cluiche do gach contae, agus tá na torthaí fíorthábhachtach'