Siúlóid na nIontas sa Spidéal – siúlóid fhéintreoraithe nua sa sráidbhaile Gaeltachta

Seoladh siúlóid fhéintreoraithe do shráidbhaile an Spidéil le gairid le deis a thabhairt do dhaoine blaiseadh a fháil de stair an bhaile beag Gaeltachta

Siúlóid na nIontas sa Spidéal – siúlóid fhéintreoraithe nua sa sráidbhaile Gaeltachta

Seoladh siúlóid fhéintreoraithe do shráidbhaile an Spidéil le gairid le deis a thabhairt do dhaoine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, tuiscint a fháil ar na háiteanna stairiúla agus suimiúla atá ar an mbaile.

Tá seo ar cheann de cheithre thionscadal dá leithéid – ar a dtugtar Siúlóidí na nIontas – atá seolta go dtí seo i gcathair is i gcontae na Gaillimhe. Siúlóidí i mBéal Átha na Sluaighe agus péire a bhaineann le cathair na Gaillimhe – ceann don chathair féin agus ceann faoi leith don Fhaiche Mhór – atá sna cinn eile.

‘Siad Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae is Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a roghnaigh na háiteanna ar údar suntais iad ar na siúlóidí.

Tá paimfléad tarraingteach ildaite ar a bhfuil léarscáil, chomh maith le heolas faoi na ‘hiontais’ éagsúla, foilsithe do chuile cheann de na siúlóidí. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla (leis an teideal ‘Wonder Wander’) de na paimfléid ar fáil go háitiúil agus ar an idirlíon.

Ba i Leabharlann an Spidéil a seoladh an paimfléad don sráidbhaile úd agus tá an foirgneamh sin ar an gceann deiridh de na 10 n-áit atá luaite mar chuid den tsiúlóid. Ba anseo a bhíodh Scoil Náisiúnta na mbuachaillí tráth agus i measc na ndaltaí a d’fhreastail uirthi bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain. Tá cóip de phictiúr den Chadhnach, a rinne an t-ealaíontóir Seán O’Sullivan, crochta ar bhalla na leabharlainne.

Is ag láthair séipéal ón 17ú haois (nó an tseanmhainistir mar a tugtar air go háitiúil) cois cladaigh a moltar tús a chur le Siúlóid na nIontas sa Spidéal.

As sin, tá radharc soiléir ar cheann eile de na hiontais, an tSeanchéibh, a tógadh faoi stiúir Alexander Nimmo sna 1820idí. Ba ar charraig in aice na céibhe a deirtear a tháinig Naomh Éinne i dtír agus de réir an tseanchais tá lorg a choise fós le feiceáil ar cheann de na carraigeacha ansin.

Níl i bhfad le siúl leis an tríú hionad a bhaint amach – Séipéal na Marbh – a tógadh sa tseanreilig san 18ú haois agus atá dúnta le fada.

Ar chlé ag barr bhóthar na Seanchéibhe, tá an seansiopa le muintir Mhic Phroinnséas, áit atá dúnta anois agus a bhíodh mar shiopa ag Johnny Folan an chéad lá ariamh. Déantar tagairt ar an treoirphaimpléad do stíl ailtireachta an fhoirgnimh seo agus don mhaisiúchán atá ar na fuinneoga móra.

Ba ag an gcrosbhóthar le taobh an tseansiopa a tharla Cath an Spidéil i mBealtaine 1921 le linn Chogadh na Saoirse. Tá leac ar an mballa ag déanamh comóradh ar an eachtra sin.

Tá an tseoid ailtireachta Cill Éinde ina buaicphointe na siúlóide agus go leor eolais tugtha faoin teach an phobail ar phaimfléad Shiúlóid na nIontas. Dóibh siúd ar spéis leo tuilleadh a fháil amach faoin séipéal álainn seo tá eolas go leor sa leabhar breá Cill ÉindeCéad Bliain a foilsíodh in 2007.

Taobh le Cill Éinde, tá an foirgneamh a bhíodh ina chlochar ag Siúracha na Trócaire go dtí le gairid ach atá anois tréigthe. Tá sé ar na bacáin ionad cultúir a dhéanamh den áit.

Mar chuid den tsiúlóid freisin tá an teach tábhairne Tigh Hughes a raibh cáil i bhfad is i gcéin air mar gheall ar an gceol ach atá dúnta ón mbliain 2014. Tugtar le fios ar an bpaimfléad go mbíodh cead ag Tigh Hughes oscailt luath sa lá le go mbeadh deis ag iascairí deoch a fháil tar éis dóibh a bheith amuigh ar an bhfarraige.

Ag druidim le deireadh na siúlóide, tá an teach ceann tuí gleoite ar a dtugtar Tigh Lal mar gurbh ann a bhíodh cónaí ar Lal Flaherty agus a deartháir Mattie. Is iomaí grianghraf a tógadh den teach seo i gcaitheamh na mblianta. Is ar chúl an tí seo a deirtear a bhíodh stáblaí do na capaill a thugadh an post siar go Conamara, a deirtear linn ar phaimfléad Shiúlóid na nIontas.

Bhí an staraí is an t-iarfheisire Eorpach Seán Ó Neachtain ar dhuine den dream a roinn a saineolas leosan a réitigh an tsiúlóid. Rinne sé agallamh fíorspéisiúil (ina raibh seoda eolais go leor faoin Spidéal ann) le Micheál Ó Tuathail ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta le gairid.

Is léir go raibh tionchar mór ag gaireacht an tsráidbhaile do Ghaillimh ar an mbealach inar fhorbair an Spidéal. Bhí ospidéal ann sna meánaoiseanna, i gcomharsanacht na seanreilige a cheaptar.

Toisc go raibh trádáil go leor ar bun ag Gaillimh le tíortha thar lear, bhíodh galair go leor sa gcathair agus ba go dtí an t-ospidéal úd cois cladaigh a chuirtí iad siúd a bhíodh buailte le fiabhras agus galair éagsúla

De réir mar a tháinig méadú ar an daonra i gceantar an Spidéil, a dúirt ó Neachtain, tháinig roinnt de threibheanna na Gaillimhe amach ag tógáil na talún agus ag gearradh cíosa ar na daoine. Ina measc bhí na Muiriseachaí, na Máirtíní, na Ffrenches agus na Loinsigh.

Sa 19ú haois, forbraíodh an Spidéal mar ‘bhaile seirbhíse’, a dúirt Ó Neachtain. Bhí siopaí, tithe tábhairne, scoileanna, teach na cúirte agus beairic ann.

Agus bunaíodh aonach sráide ag a mbíodh díol ar bheithígh, aonach a bhíodh ann go míosúil go dtí na 1980idí. Tá an t-aonach féin luaite ar cheann de na hiontais ar an tsiúlóid.

‘Ba mhór le rá é aonach an Spidéil,’ a dúirt Ó Neachtain. Is cuimhin leis Aonach an Fhómhair, an ceann is mó de na haontaí úd, sna 1970idí, nuair a bhíodh na scoileanna áitiúla dúnta, agus daoine ag teacht ann as chuile chearn. Bhí sé féin ina mhac léinn ag an am agus é fostaithe ‘ag caitheamh amach pórtair’ i dteach tábhairne An Crúiscín Lán.

Cúig theach tábhairne ‘an-láidir’ a bhíodh sa Spidéal an tráth úd, a dúirt sé, agus iad bunaithe ar an trádáil agus ar na haontaí. Péire atá ar oscailt ar an mbaile faoi láthair.

Labhair sé faoin gceangal a bhí idir an sráidbhaile agus an chathair 12 míle soir an bóthar agus faoin gcaoi a mbíodh daoine ag gabháil chuig an margadh sa gcathair le hearraí mar uibheacha, im agus móin a dhíol.

Ba le hasal agus carr nó le capall is carr a rinne cuid acu an t-aistear ar bhóthar an rí. Ach ba de shiúl na gcos a rinne cuid eile a mbealach, mar a dhéanann Bríd sa ngearrscéal iontach ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ a scríobh Máirtín Ó Cadhain.

Thagair Ó Neachtain don méid eolais atá sa sárleabhar Cois Fharraige and Spiddal, A History leis an Meiriceánach de bhunadh an Spidéil, John J Keady, a foilsíodh in 2024. Is léir an méid spéise atá i stair an cheantair mar tá trí chló den leabhar sin foilsithe go dtí seo.

Labhair Seán Ó Neachtain freisin faoin tábhacht a bhaineann leis an seanchas agus leis an stair. ‘Tá blúiríní staire sa seanchas,’ a dúirt sé. Ach níl an deis chéanna ann an seanchas a roinnt ná a chloisteáil ‘ó d’imigh an t-airneán agus an chaint sa mbaile.’

Bhíodh neart seanchais le cloisteáil sna tithe tábhairne freisin. ‘Bhaineadh siad an-fhad as an bpionta, ach bhaineadh siad an-fhad as scéal freisin. Ach tá sin uilig ag imeacht.’

Creideann Seán Ó Neachtain, a bhí ina mhúinteoir staire tráth chomh maith, go bhfuil sé tábhachtach go múinfí an stair áitiúil agus na logainmneacha sna scoileanna le go mbeadh eolas ag daoine ar céard atá timpeall orthu agus ‘go dtógfadh na glúnta leo í amach anseo’.

Níl aon rian den aonach le feiceáil sa Spidéal anois. Tá rud amháin eile nach bhfuil aon rian fágtha de ar an mbaile. Níl aon tagairt déanta dó ar Shiúlóid na nIontas ach an oiread. Sin an chros a bhíodh feistithe ar an tAirdín Buí taobh thoir de bhaile an Spidéil.

Tá sé ráite gurbh é an tAth Stiofán Ó Conghaile, as Árainn, a chuir ann í le muintir na háite a chosaint ón bpoitín.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Agus é ag tagairt don mheath atá tagtha ar líon na dtithe tábhairne i mBaile an Droichid, dúirt an Neachtaineach go mbíonn níos mó caife ná pórtar á ól sa Spidéal na laethanta seo.

Chuile sheans go mbeadh sagart na croise sásta sin a chlos.

Fág freagra ar 'Siúlóid na nIontas sa Spidéal – siúlóid fhéintreoraithe nua sa sráidbhaile Gaeltachta'