Bhuel, sin agat Donald Trump arís. Bagairt go ndoirtfear tuilleadh fola agus, ina dhiaidh sin, caint faoi shíocháin. Mura féidir leis an bua a fháil i bhfírinne, tugann sé an bua dó féin ina intinn féin.
Ach is léir go bhféadfadh meon dalba Donald Trump, agus é míshásta nár éirigh leis cead a chinn a fháil, éirí níos contúirtí fós. Ar deireadh thiar, tá airm núicléacha aige.
Go bunúsach níl aon phlean fadtéarmach ag Trump ná níl aon aidhm shoiléir lena bhfuil ar siúl aige. Ba bhotún é an cogadh seo i gcoinne na hIaráine, ach tá sé riachtanach go mbeadh sé in ann a leagan féin den scéal a bheith aige trí ‘bua’ a fhógairt.
Tóg sampla Chaolas Hormuz. Bhí an Caolas oscailte do chách roimh an gcogadh, ach bhain an Iaráin leas as an tíreolaíocht le stop a chur leis sin.
Ansin d’éiligh Trump go gcaithfí é a oscailt nó go scriosfadh sé sibhialtacht na hIaráine ar fad. Níor ghéill an Iaráin. Deir sé anois más rud é go mbeidh an caolas dúnta, gurb é Trump a dhúnfaidh é!
Tá bac ar Meiriceá anois dul tríd an gCaolas – ach dá contúirtí Trump tharraing sé siar ó ionsaí a dhéanamh ar árthaigh na Síne nach bhfuil aon bhac orthu dul tríd an gCaolas.
É sin ráite, tá ciall áirithe leis an mbeartas nua seo ag Trump – ach amháin gur beartas a dheimhneoidh go leanfaidh an cogadh ar aghaidh ar feadh roinnt blianta!
An trí thimpiste nó de thoradh anailíse a rinneadh an cinneadh seo? Níl a fhios againn.
Ach, má ghlactar leis nach timpiste atá ann, is é atá i gceist ná acmhainní na hIaráine, atá bunaithe ar ola a dhíol, a ídiú diaidh ar ndiaidh.
Níl comhartha dá laghad ann go ngéillfeadh an Iaráin go héasca nó go luath dona leithéid de chur chuige, agus thógfadh sé roinnt blianta sula mbeadh acmhainní na tíre ídithe ar fad. Droch-scéal amach is amach do gheilleagar an domhain.
Agus sin í an cheist. Cé is mó a bheidh sásta fulaingt? Muintir Mheiriceá atá ag clamhsán cheana faoi phraghas an pheitril, nó réimeas na hIaráine atá ag seasamh an fhóid go dúshlánach in ainneoin an scrios atá déanta ar an tír cheana féin?
Ar aon chuma, d’éirigh leis an Iaráin scéal na Liobáine a cheangal le socrú ar bith faoin gcogadh. Nuair a bhí sé riachtanach bhí Trump sásta – agus in ann – brú a chur ar Iosrael géilleadh dá mhianta.
Fear dainséarach é Trump nuair nach n-éiríonn leis a bhfuil a dhíth air a fháil, ach ní léir fós cén toradh a bheidh ar an meon sin sa chás seo.
Tuilleadh cogaíochta nó síocháin?
Tá dochar mór déanta cheana ag dúnadh Chaolas Hormuz, agus fiú dá mbeadh deireadh leis an gcogadh thógfadh sé roinnt seachtainí sula mbeadh cúrsaí ar ais mar a bhí.
Tá an Eoraip, go háirithe, gafa ag an ngéarchéim seo, agus iad i sáinn i bhfad níos mó ná Meiriceá féin nach bhfuil ag brath chomh mór sin ar an Murascaill le breosla a fháil.
Ar ndóigh, tá réiteach simplí ar an ngéarchéim ar fáil don Eoraip – filleadh ar an Rúis le gás agus ola a fháil, ar phraghas níos ísle ná mar atá ar fáil aon áit eile.
Tá ráflaí ann go bhfuil an Spáinn ag dul sa treo sin, tá an Ungáir agus an tSlóvaic á dhéanamh cheana, agus ní dóigh liom go mbeidh sé rófhada sula mbeidh ballstáit eile leo.
Ach tá an Eoraip meáite ar lámh a chur ina bás eacnamaíoch féin, agus tá Éire meáite ar chloí le cur chuige na hEorpa, is cuma an é an rud ciallmhar le déanamh nó nach ea.
Cibé rud, is léir go bhfuil sé riachtanach go mbeadh plean ag an rialtas deileáil le géarú na géarchéime seo, agus ní hionann plean agus deich cent nó mar sin a bhaint de phraghas an pheitril nó díosail. Sé costas fuinnimh an rud is tábhachtaí do chách agus is cóir an saor-airgead atá ar fáil againn faoi láthair a úsáid le daoine a chosaint ón ngéarchéim costais maireachtála.
Ach is mó an spéis ag an rialtas fanacht dílis d’idé-eolaíocht an Atlantachais ná freastal ar riachtanais an phobail.
Maidir leis an gcogadh, gan is fearr gan dabht caint bhagrach ná gníomh ionsaitheach, ach níl a fhios ag aon duine cé acu Trump a gheobhaidh an lámh in uachtar ar an Trump eile.
Fág freagra ar 'An bhfuil Trump as a mheabhair nó an bhfuil plean éigin aige?'