Na Déithe Gréagacha agus an obair dheonach faoin tuath

Cloistear go forleathan nach bhfuil an luí céanna le hobair dheonach don phobal ag daoine anois

Na Déithe Gréagacha agus an obair dheonach faoin tuath

‘Ní fheicfidh tú obair dheonach phobail mar sin aríst go deo’, a deir fear Rinn Mhaoile liom. Údar díomá agus ísliú meanman a bhí ina chuid cainte. Bhí cáil bainte amach ar fud na tíre ag an mbealach a ndeachaigh pobal Leitir Fraic agus Rinn Mhaoile in iarthuaisceart Chonamara i mbun iarrachtaí leis an gceantar sin a neartú le dhá scór bliain. D’éirigh leo freisin. Tabharfaidh tú an bheocht agus an bhríomhaireacht faoi deara anois san áit a raibh an Scoil Cheartúcháin chonspóideach– a mba dhona í a cáil – tráth den saol. Ach ó thaobh lagachan ar an ngníomhaíocht phobail, ní eisceacht é Leitir Fraic agus Rinn Mhaoile.

Cloistear go forleathan nach bhfuil an luí céanna le hobair dheonach don phobal ag daoine anois, ar nós mar a bhíodh. D’fhéadfadh sé go bhfuil níos mo cruóg theaghlaigh ar dhaoine, d’fhéadfadh sé go bhfuil freagracht árachais ag cur imní ar dhaoine, nó d’fhéadfadh gur mó fonn atá ar dhaoine a bheith ag tochras ar a gceirtlín féin.

Níl tairngreacht a bhí ag eolaithe sóisialta dhá scór bliain ó shin tagtha sa déanamh.

Ba mhór i gceist é Charles Handy go hidirnáisiúnta mar thráchtaire ar eagraíochtaí gnó agus pobail sna blianta a caitheadh. Bhí eolas ag duine ar bith a rinne staidéar foirmeálta nó neamhfhoirmeálta ar réimse na bainistíochta, agus ar eagrais dheonacha phobail, ar a chuid scríbhneoireachta. Nuair a scríobh sé ‘Understanding Voluntary Organisations’ i lár na 1980idí dúirt sé gur ag treisiú a bheadh an obair dheonach phobail.

Is díol spéise anois í an réamhaisnéis sin a bhí aige don earnáil dheonach.

‘Could’, a d’fhiafraigh Charles Handy ‘the bigger voluntary organisations become new colleges of society, providing new skills, new horizons and new life for its citizens?’ B’fhacthas do Charles Handy dhá scór blianta ó shin go mbeadh an teicneolaíocht ag méadú agus ag forbairt agus go gcuirfeadh sí deireadh le cuid den chaidreamh daonna. Bheadh nádúr san obair dheonach agus bheadh an ‘Hi touch’ (ceangal daonna) ina fhreagra ar an ‘Hi Tech’.

Ar bhunús an-phraiticiúil, bhí Handy den bharúil go mbeadh ar dhaoine riar dualgaisí a dhéanamh go deonach mar go mbeadh costas saothair ag ardú as éadan. As an obair dheonach seo a thiocfadh beartais nua agus ceannródaíocht, dar leis.

Le cois na fealsúnachta seo, leag Charles Handy béim ar na struchtúir éagsúla a thiocfadh chun cinn i ngrúpaí agus i gcoistí. Leag sé síos bunmhúnlaí eagraíochtaí i 1988 atá chomh cruinn anois agus a bhí an uair sin.

Ceithre chultúr atá ag baint le heagraíochtaí deonacha, a deir Charles Handy agus chuir sé ainmneacha Déithe Gréagacha leo:

*Cultúr Cumainn (Zeus) – Duine amháin, go hiondúil, atá ina cheann feadhna ar a leithéid seo de Choiste. Ní scríobhtar síos mórán. Tá tuiscintí idir na baill. Sí an tuiscint is tábhachtaí í gcultúr mar seo gur sa lár – an duine ceannais – atá an t-údarás, agus an focal deiridh. Cé nach bhféadfaí a rá gur múnla mór daonlathais é, is féidir leis a bheith ina struchtúr an-éifeachtach ó thaobh oibre de.

* An Cultúr Struchtúrtha (Apollo) – Bíonn a dhualgas féin ar chuile dhuine agus tá córas tuairiscithe agus cumarsáide ann a bhfuil eagar agus rialacha ag baint leis. Coinnítear tuairiscí agus caitear vótaí i measc na mball ar cheisteanna éagsúla. Ar bhealaí, seo é an chaoi cheart agus traidisiúnta le heagraíocht a láimhsiú, ach gur féidir leis a bheith támáilte agus lagbhríoch scaití.

* Cultúr dualgas (Athena) – Coiste nó grúpa atá i gceist anseo atá bunaithe ar mhaithe le hobair ar leith a dhéanamh agus a chríochnú. D’fhéadfadh meascán den chultúr cumainn agus an chultúr struchtúrtha a bheith ann.

* An Cultúr Pearsanta (Dionysus) – Bíonn na bealaí seo bainteach go hiondúil le daoine gairmiúla ar nós dochtúirí, dlíodóirí agus a leithéid, agus tá an fhoireann ag freastal ar an bpríomhphearsa san eagraíocht agus sa ngnó.

Ar ndóigh bíonn meascán de na cultúir seo in eagraíochtaí ach gur iondúil go mbíonn ceann acu níos feiceálaí agus níos coitianta.

Bíodh sé ina Zeus, Athenia, Apollo nó Dionysus ba mhaith ann é i gcuimse pobal tuaithe ar na saolta seo, fiú amháin i Leitir Fraic agus i Rinn Mhaoile.

Fág freagra ar 'Na Déithe Gréagacha agus an obair dheonach faoin tuath'