Tá an tAontas Eorpach tar éis gealltanas a thabhairt go soláthrófar iasacht €90 billiún don Úcráin, beartas a ceadaíodh gan mórán plé i nDáil Éireann.
Ach cé nár nochtadh do Theachtaí Dála méid cruinn ranníocaíocht na hÉireann nuair a vótáil siad ar son rna annpháirtíochta, is féidir meastachán réasúnta a dhéanamh. Bunaithe ar sciar na hÉireann d’Olltáirgeacht Intíre an AE (thart ar 2.2%), is dócha go mbeidh costas thart ar €2 bhilliún le híoc as státchiste na hÉireann.
Nuair a chuirtear costas seirbhíse na hiasachta sin san áireamh – lena n-áirítear ús agus táillí bainistíochta thar thréimhse suas le 35 bliain – d’fhéadfadh an figiúr iomlán a bheith gar do €3.5 billiún.
Is fíor nach bhfuil sé sin go léir le híoc in aon bhliain amháin, ach is ualach tromchúiseach é fós ar íocóirí cánach na hÉireann, go háirithe agus an ghéarchéim costais mhaireachtála ag cur as dóibh cheana féin.
Ach is í an cheist is práinní ná an athróidh an t-airgead seo cúrsa an chogaidh? Is é an freagra ionraic ná nach ndéanfaidh sé ach moill a chur ar an toradh dosheachanta. Tá an an Rúis ag buachan sa chogadh seo anois, ní hamháin ar an bhfronta ach ó thaobh lóistíochta agus acmhainní fadtéarmacha de.
Beidh an iasacht seo ina cabhair shealadach d’fheachtas míleata na hÚcráine, ach ní athróidh sé an chothromóid straitéiseach. Ní stopfaidh sé an Rúis –cuirfear síneadh le pian an chogaidh, agus beidh níos mó fulaingthe ar an dá thaobh agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh maidir le réiteach buan.
Tá an fhírinne seo á haithint ag ceannairí Eorpacha féin. Chuir Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, in iúl le déanaí go mbeidh ar an Úcráin críocha a ghéilleadh – lena n-áirítear an Chrimé agus an Donbas – sula mbeifear in ann smaoineamh fiú ar a hiarratas a bheith ina comhalta den AE.
Is caint ghruama í sin nach raibh cloiste againn roimhe seo go poiblí ó cheannaire Eorpach, ach léiríonn sí an réaltacht atá ag teacht chun solais. Ach anois tá Uachtarán na hEastóine, Alar Karis, ag moladh go mbeidh polaiteoir ceaptha ag an AE le socruithe a dhéanamh i leith athchaidreamh an Aontais leis an Rúis.
Tá easaontas suntasach laistigh den AE féin maidir leis an mbeartas seo. Tá trí bhallstát – Poblacht na Seice, an Ungáir, agus an tSlóvaic – rannpháirteach sa scéim iasachta. Tá rialtas nua na Bulgáire ag athmheasúnú a sheasaimh, agus le hathrú rialtais ar na bacáin sa Rómáin (cosúil leis an mBulgáir), is dócha go leanfaidh siadsan an sampla céanna. Ní comhthoil atá á tógáil anseo ach scoilt.
Agus Éire sáinnithe i bpolasaí eachtrach atá á shainiú ag na cumhachtaí móra san AE, tá fadhbanna níos práinní ag an ngnáthdhuine sa bhaile. Tá costais fuinnimh tar éis ardú as cuimse, agus billí gáis agus leictreachais ag cothú anró dian ar theaghlaigh.
Níl an Rialtas seo ag tabhairt aon chúnamh substaintiúil chun na fadhbanna seo a mhaolú. Tá cúnamh ann do lastóirí, conraitheoirí talmhaíochta is feirmeoirí – agus tá an cúnamh sin riachtanach – ach níl tada ann don ghnáthdhuine. Ní fiú mórán an laghdú ar phraghas peitril nó díosail i gcomparáid leis na deacrachtaí atá ag teaghlaigh billí fuinnimh a íoc.
Má chuireann cogadh na hÚcráine leis na deacrachtaí seo – agus cuireann go deimhin – bheadh sé ciallmhar gach iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an gcogadh, agus deireadh a bheadh bunaithe ar chúrsaí mar atá.
Ach tugann an rialtas an chluas bhodhair d’aon chaint faoi shíocháin, mar is fearr leo cloí leis an seachmall gur féidir buachan ar an Rúis, is cuma cén costas atá leis an seachmall céanna.
Leanann muid, agus an tAE, leis na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, smachtbhannaí a dhéanann níos mó dochair don Eoraip ná don Rúis.
Caithfidh muid éalú ón seachmall go bhfuil an Eoraip lárnach i leagan amach na cumhachta sa domhan. Tá an Eoraip ag dul i léig, agus fáth mór leis sin ná go bhfuil sí róthógtha leis an naimhdeas don Rúis agus don tSín. Aithníonn roinnt go mbeidh orainn athchaidreamh a bhunú leis an Rúis, agus dá luaithe is fearr.
Ba cheart don AE bogadh ar ais i dtreo ola agus gás a cheannach ón Rúis, rud a laghdódh costais fuinnimh go díreach. In ionad an farasbarr sa bhuiséad a chaitheamh ar armais, ar ‘chosaint’, nó ar fhad a chur le cogadh gan bhua, ba cheart é a úsáid chun faoiseamh a thabhairt dár muintir féin.
Tá géarchéim costais mhaireachtála ann anois. Mura dtabharfaimid tús áite do réiteach na faidhbe sin, beidh méadú ar an mbochtaineacht agus ar an éadóchas anseo.
Fág freagra ar 'Tugann an rialtas an chluas bhodhair d’aon chaint faoi shíocháin'