Tá podchraoladh nua Coirnise á thaifeadadh ag an BBC i gcomhar leis an eagraíocht Learn Cornish. Is í an craoltóir aitheanta raidió ó BBC Radio One, Danni Diston a bheidh ina láithreoir ar an bpodchraoladh nua.
Is as Corn na Breataine í Diston ach níor tógadh le teanga Cheilteach an cheantair í. Beidh sí féin agus cainteoir líofa Coirnise, Sarah Buck, ar an bpodchraoladh seachtainiúil agus iad ag iarraidh nathanna cainte agus focail Choirnise a mhúineadh don lucht éisteachta.
Go dtí seo, ní raibh aon ábhar Coirnise ag an BBC cé is moite d’fheasacháin sheachtainiúla nuachta ar an stáisiún áitiúil BBC Cornwall. Is sa stiúideo céanna a dhéanfar taifeadadh ar Learn Cornish, an podchraoladh nua.
Dúirt ceannaire Réigiúin an Iarthair agus an Iardheiscirt an BBC, Steph Marshall, gur bhraith an craoltóir poiblí go raibh orthu “rud éigin a dhéanamh” lena chinntiú go mbeadh an Choirnis “níos feiceálaí”.
“Tá sé tábhachtach do Radio Cornwall agus don BBC go bhfeicfear go bhfuil an mórtas agus an bród áite sin á chur chun cinn againn,” a dúirt sí.
“Is rófhada atá an Choirnis caillte agus beagnach ligthe i ndearmad – ach tá athbheochan anois ann agus tá paisean don Choirnis i gcroí an Choirn, agus don oidhreacht chultúrtha ríspéisiúil,” a dúirt Marshall.
Beidh Danni Diston ag dul amach i measc an phobail freisin le labhairt le daltaí scoile agus le grúpaí eile a bhíonn ag foghlaim agus ag úsáid na Coirnise. Dúirt an craoltóir, a d’fhás aníos i gCorn na Breataine ach a chuaigh ar coláiste sa Bhreatain Bheag, go n-airíonn sí “níos gaire do Chorn na Breataine” ó chuir sí tús leis an bpodchraoladh nua.
“Is é Corn na Breataine an áit is speisialta ar domhan dom. Is ann a d’fhás mé aníos, is ann atá cónaí ar mo mhuintir, is é an baile é. B’iontach an deis é seo mé féin a thumadh i dteanga agus i stair Chorn na Breataine. Bhí sé thar a bheith speisialta a bheith ag caint le daoine éagsúla a bhfuil Corn na Breataine ina gcroí acu agus ag cloisteáil faoi céard is cultúr an Choirn ann,” a dúirt sí.
Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil ar an gclár beidh Mark Jenkin, stiúrthóir a bhuaigh BAFTA; Edward Rowe, aisteoir; agus innealtóir as Corn na Breataine a bhí ag obair le NASA ar an gclár spástaistil Artemis. Beidh ‘Grand Bard of Cornwall’ Jenefer Lowe, atá i gceannas ar an eagraíocht teanga agus chultúir Gorsedh Kernow, ar an gclár freisin.
Rinne an BBC coimisiúnú ar an bpodchraoladh nua mar cheiliúradh ar an stádas oifigiúil a baineadh amach don Choirnis le déanaí. Tugadh aitheantas nua don teanga faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bronnadh stádas ‘Cuid III’ den Chairt ar an gCoirnis – an stádas is airde atá ar fáil – rud a fhágann go bhfuil an stádas céanna aici anois agus atá ag an nGaeilge, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus an Mhanainnis.
“Agus stádas uasghrádaithe cosanta tugtha ag an Rialtas don Choirnis, bhíomar ag iarraidh an teanga agus an seanchas dúchais a chur ar taispeáint chomh maith leis na pobail a cheiliúradh – agus ar deireadh daoine a chur ag labhairt na Coirnise agus faoin gCorn,” a dúirt Steph Marshall ón BBC.
Beidh an podchraoladh ar fáil ón 1 Bealtaine ar BBC Sounds agus eiseofar eagrán nua gach seachtain.
Fág freagra ar 'Podchraoladh nua Coirnise á thaifeadadh ag an BBC'