Tá comhairleoir contae as contae an Chabháin ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an “moratorium” ar bhunú gaelscoileanna agus gaelcholáistí úra sa stát.
Níl ach gaelscoil amháin i gcontae an Chabháin agus dar leis an gcomhairleoir Stiofán Conaty gurb ionann na rialacha atá i bhfeidhm san am i láthair agus “bac” “ar bhunú gaelscoileanna agus gaelcholáistí úra, cé nach bhfuil bac “oifigiúil” ar a leithéid i bhfeidhm ag an rialtas.
D’ardaigh Conaty, comhairleoir de chuid Shinn Féin, an cheist ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae an Chabháin an tseachtain seo agus thagair sé do thorthaí suirbhé a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais cúpla mí ó shin a léirigh go roghnódh 25% de thuismitheoirí an stáit Gaelscoil dá bpáistí dá mbeadh an rogha sin acu.
Gaelscoil amháin, Gaelscoil Bhreifne, atá i gcontae an Chabháin san am i láthair. Tá scoil bheag eile sa chontae, Scoil Náisiúnta na Coirre Léithe, i measc grúpa scoileanna timpeall na tíre a bhfuil suim léirithe acu athrú ina ngaelscoileanna in 2027. Níl gaelcholáiste ar bith sa Chabhán, ná aonad Gaeilge in aon iarbhunscoil sa chontae.
Mhaígh Conaty ag an chruinniú de chuid na comhairle contae go mbeadh éileamh do 16 Gaelscoil sa gCabhán bunaithe ar thorthaí shuirbhé na Roinne Oideachais.

Ag labhairt dó ar Northern Sound, dúirt Conaty go gcaithfear “gníomhú anois” má tá “sochaí dhátheangach” ag teastáil ó mhuintir na tíre seo.
Dúirt sé nach bhfuil a phobal féin ag iarraidh ar na hoifigigh ón Roinn Oideachais an obair seo a dhéanamh dóibh ach go bhfuil siad ag iarraidh ar na hoifigigh ón Roinn “imeacht as an bhealach”.
Dúirt sé go síleann sé go gcaithfidh an rialtas a chinntiú go bhfuil oifigigh na Roinne “ar bord” leis an ghluaiseacht seo chun tuilleadh Gaelscoileanna a bhunú agus gur cheart go mbeadh “an deis” agus “an ceart” ag gach páiste de réir na reachtaíochta freastal ar Ghaelscoil.
Tháinig sé chun solais an tseachtain seo go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais moltaí an tascfhórsa maidir leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge sa stát a fhoilsiú “luath sa mbliain nua”.
Bhí sé i gceist go gcuirfeadh an Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas lán-Ghaeilge a chuid moltaí faoi bhráid an Aire Oideachais an mhí seo ach tá an spriocdháta sin anois curtha siar.
Fág freagra ar '‘Caithfear deireadh a chur leis an ‘moratorium’ ar bhunú scoileanna lán-Ghaeilge’ – comhairleoir contae'