Tá tuairimí an phobail á lorg ag Údarás na Gaeltachta maidir le hobair agus tosaíochtaí na heagraíochta sna blianta amach romhainn.
Tá plean straitéiseach nua á fhorbairt ag an Údarás don tréimhse 2026 go dtí 2030 agus tá cuireadh tugtha do mhuintir na Gaeltachta, gnóthaí agus daoine eile a smaointe a roinnt trí shuirbhé ar líne.
I measc na gceisteanna atá sa suirbhé, iarrtar orthu siúd a ghlacfaidh páirt a rá céard í an obair is tábhachtaí a bhíonn ar bun ag an Údarás, céard iad na dúshláin is mó atá os comhair mhuintir na Gaeltachta agus céard iad na príomhthosaíochtaí ba cheart a bheith ag an Údarás as seo go dtí 2030.
Deir an tÚdarás gurb iad na príomhréimsí a bhfuil spéis acu iontu ná forbairt eacnamaíochta agus cruthú post, neartú na Gaeilge mar theanga phobail, an fhorbairt inbhuanaithe agus seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht.
Is féidir an suirbhé a líonadh amach anseo agus beidh sé ar fáil go dtí an 22 Bealtaine.
Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag lorg tuairimí an phobail maidir le hobair na heagraíochta'