Tá sé deimhnithe ag Áras an Uachtaráin go bhfuil rún ag an Uachtarán Catherine Connolly cruinniú den Chomhairle Stáit a thionól lena gcomhairle a fháil ar an mBille um Chosaint Idirnáisiúnta.
Glacadh leis an mbille sa Dáil aréir – 86 vóta in aghaidh 62 – nuair a vótáladh ar na leasuithe deiridh a moladh i Seanad Éireann.
Ní dlí an bille go mbeidh a síniú curtha ag an Uachtarán leis.
Sa reachtaíocht seo a thionscain an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, ainmnítear tíortha sábháilte a bhféadfar iarrthóirí tearmainn a ionnarbadh nó a dhíbirt chucu. Dhéanfadh an bille leasuithe eile ar reachtaíocht na tíre le go gcloífidh sí le comhaontú inimirce nua an Aontais Eorpaigh.
Tá sé d’údarás ag an Uachtarán ach a mbíonn an scéal pléite aici leis an gComhairle Stáit an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena breith faoina bhunreachtúlachta a iarraidh.
Sa gcás go nglacann an Chúirt Uachtarach leis an mbille ní féidir dúshlán cúirte a thabhairt in aghaidh aon chuid de arís.
Beidh an cruinniú den Chomhairle Stáit Dé Luain seo chugainn ar an gcéad chruinniú ag comhairle stáit an Uachtaráin nua.
Tá an Chomhairle Stáit ann chun “comhairle agus cúnamh” a thabhairt don Uachtarán “maidir le hábhar ar bith a dtéann an tUachtarán i gcomhairle leis ina thaobh”.
Tá baill ó thrí chatagóir ar an gComhairle Stáit. Is é an chéad chatagóir daoine a bhfuil poist shinsearacha acu i riaradh an stáit: an Taoiseach Micheál Martin; an Tánaiste Simon Harris; an Príomh-Bhreitheamh Donal O’Donnell; Uachtarán na hArd-Chúirte David Barniville; an Ceann Comhairle Verona Murphy; Cathaoirleach an tSeanaid Mark Daly; agus an tArd-Aighne Rossa Fanning.
Tá cead ag duine ar bith a bhí ina Uachtarán, Taoiseach, nó Príomh-Bhreitheamh a bheith ar an gComhairle Stáit freisin má thoilíonn sé. Tá triúr iaruachtarán fós beo: Máire Mhic Róibín, Máire Mhic Giolla Íosa, agus Micheál D Ó hUigínn. Ceathrar iarthaoiseach atá fós beo: Leo Varadkar, Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern. Tá na hiarPhríomh-Bhreithiúna Ronan Keane, Susan Denham agus Frank Clarke i dteideal a bheith ar an gComhairle chomh maith.
Is iad na ‘baill cheaptha’, a d’ainmnigh an tUachtarán Catherine Connolly an mhí seo caite, an grúpa eile daoine atá ar an gComhairle Stáit.
I measc na ndaoine a cheap Catherine Connolly ar an gcomhairle, tá Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge as Oirthear Bhéal Feirste ceaptha ag an Uachtarán Catherine Connolly ar an gComhairle Stáit.
Tá seachtar ar fad ceaptha ag an Uachtarán agus ceathrar acu sin ina gcainteoirí Gaeilge, Linda Ervine, an tOllamh Fionnuala Ní Aoláin ó Ollscoil na Banríona, saineolaí ar an dlí idirnáisiúnta, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, iar-uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, saineolaí cuntasaíochta; agus an tOllamh Donncha O’Connell ó Ollscoil na Gaillimhe
Fág freagra ar 'Comhairle á lorg ag an Uachtarán faoi bhunreachtúlacht an Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta'