Linda Ervine ceaptha ar an gcomhairle Stáit ag an Uachtarán

Tá ceathrar cainteoirí Gaeilge ceaptha ag an Uachtarán Catherine Connolly ar an gComhairle Stáit

Linda Ervine ceaptha ar an gcomhairle Stáit ag an Uachtarán

Áras an Uachtaráin. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge as Oirthear Bhéal Feirste ceaptha ag an Uachtarán Catherine Connolly ar an gComhairle Stáit. Tá seachtar ar fad ainmnithe ag an Uachtarán agus ceathrar acu sin ina gcainteoirí Gaeilge.

Is iad na daoine eile atá roghnaithe ag an Uachtarán: an tOllamh Fionnuala Ní Aoláin ó Ollscoil na Banríona, saineolaí ar an dlí idirnáisiúnta; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, iar-uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, saineolaí cuntasaíochta; an tOllamh Donncha O’Connell ó Ollscoil na Gaillimhe, saineolaí dlí agus cearta an duine; an tOllamh Conor O’Mahony ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, iar-Rapóirtéir um Chosaint Leanaí; an tOllamh Colin Harvey ó Ollscoil na Banríona, saineolaí ar chearta an duine; agus an tOllamh Kathleen Lynch ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, saineolaí eile ar chearta an duine.

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le chuile dhuine a ceapadh as ucht glacadh leis an gcuireadh a bheith mar bhall den Chomhairle Stáit.  Tá saineolas ar leith chomh maith le réimse taithí ag an seachtar ball seo rud a chuirfidh go mór le hábhar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn mo thréimhse oibre.

“Tá mé ag tnúth go mór lena gcomhairle agus a gcuid tacaíochta ar feadh na seacht mbliana amach romham,” a dúirt an tUachtarán Catherine Connolly.

Tá an Chomhairle Stáit ann chun “comhairle agus cúnamh” a thabhairt don Uachtarán “maidir le hábhar ar bith a dtéann an tUachtarán i gcomhairle leis ina thaobh”.

Tá baill ó thrí chatagóir ar an gComhairle Stáit. Is é an chéad chatagóir daoine a bhfuil poist shinsearacha acu i riaradh an stáit: an Taoiseach Micheál Martin; an Tánaiste Simon Harris; an Príomh-Bhreitheamh Donal O’Donnell; Uachtarán na hArd-Chúirte David Barniville; an Ceann Comhairle Verona Murphy; Cathaoirleach an tSeanaid Mark Daly; agus an tArd-Aighne Rossa Fanning.

Tá cead ag duine ar bith a bhí ina Uachtarán, Taoiseach, nó Príomh-Bhreitheamh a bheith ar an gComhairle Stáit freisin má thoilíonn sé. Tá triúr iaruachtarán fós beo: Máire Mhic Róibín, Máire Mhic Giolla Íosa, agus Micheál D Ó hUigínn. Ceathrar iarthaoiseach atá fós beo: Leo Varadkar, Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern. Tá na hiarPhríomh-Bhreithiúna Ronan Keane, Susan Denham agus Frank Clarke i dteideal a bheith ar an gComhairle chomh maith.

Is iad na ‘baill cheaptha’, a d’ainmnigh an tUachtarán inniu, an grúpa eile daoine atá ar an gComhairle Stáit.

Leagtar amach cúraimí agus dualgais na Comhairle Stáit in Airteagal 31 de Bhunreacht na hÉireann. Deirtear sa cháipéis sin go bhfuil an Chomhairle ann “chun cabhair is comhairle a thabhairt don Uachtarán i dtaobh gach ní dá gcuirfidh an tUachtarán ina gcomhairle”.

Ní cheadaítear níos mó ná “mórsheisear” (7) a bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle Stáit san am céanna, de réir an Bhunreachta. Caithfidh na comhaltaí nua-cheaptha mionn “sollúnta” agus “fírinneach” a thabhairt go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais “go dílis coinsiasach”.

Fág freagra ar 'Linda Ervine ceaptha ar an gcomhairle Stáit ag an Uachtarán'

  • Seánín Beag

    Tá Gaeilge acu ar fad cé is moite do Harris & Murphy agus roinnt d’iarbhaill na comhairle!