Dúghorm agus ór na dathanna a bhí ag Gaillimh nuair a bhuaigh siad craobh 1923 in aghaidh Luimnigh

Idir chuile chontae agus chuile chúige bhí 14 cluiche ar fad imeartha nuair a chas Gaillimh agus Luimneach ar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann 1923

Dúghorm agus ór na dathanna a bhí ag Gaillimh nuair a bhuaigh siad craobh 1923 in aghaidh Luimnigh

Arú anuraidh a d’imir Gaillimh agus Luimneach a chéile go deireadh sa tSraith Náisiúnta Iomána ar Pháirc an Phiarsaigh agus b’iomaí duine ansiúd an lá sin a cheap nach mba san áit cheart a bhíodar chor ar bith nuair a rith an dá fhoireann amach ar an bpáirc.

Luimneach ba thúisce a tháinig amach as an tollán, iad feistithe sna geansaithe uaine, an dath is ansa anois leo le os cionn céad bliain. Cuireadh fáilte dea-mhúinte rompu, mar is cóir.

Go gairid ina ndiaidh b’iúd amach a gcéilí comhraic. Bheifeá ag súil gur na gártha molta a cuireadh rompu siúd – agus bheadh an ceart agat, ach go raibh moill bheag i gceist.

Ba é ba chúis leis an sos beag nárbh iad na geansaithe cróndearga a rabhthas ag súil leo a bhí ar a gcuid dromanna, ach cinn a bhí dúghorm as a mbarr, dath an óir as sin síos agus iallacha faoi bhun a gcuid smigeanna lena bhfáisceadh.

Cén fáth an t-athrú?

B’in na dathanna a bhí ar Ghaillimh nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána na hÉireann den chéad uair ariamh – Craobh 1923 a bhí i gceist, ach gur fhág an chorraíl a bhí sa tír ag an am nár imríodh sin go dtáinig fómhar na bliana 1924. Ba iad Luimneach a bhí in aghaidh na Gaillimhe sa gcluiche ceannais sin a buaigh Gaillimh, 7-3 in aghaidh  4-5.

Ba é iad dúghorm agus an t-ór dathanna Thíne, an club as a dtáinig captaen na nGaillmheach Mick Kenny agus ceathrar eile den fhoireann.

Tá sé d’ádh ar iománaíocht na Gaillimhe sa lá atá inniu ann go bhfuil eagraíocht iontach ar an bhfód le cúpla bliain a bhfuil cead ballraíochta inti ag aon imreoir a bhí ar phainéil iomána fhoirne an chontae i gcluiche craoibhe, ‘Báireoirí na Gaillimhe’ an t-ainm atá ar an dream sin agus ba iadsan a bhí freagrach as an deireadh seachtaine ómóis a tiomnaíodh do bhua 1923. Craobh ab ea í ar fhág aon bhua amháin na nGaillmheach sa gcluiche ceannais – ní raibh aon Chraobh i gConnachta agus a luaithe agus a bhí Cill Chainnigh curtha ó mhaith acu, bhíodar sa gcluiche mór.

B’éigean do Luimneach an ruaig a chur ar Chiarraí, ar Chorcaigh agus ar Thiobraid Árann i gCúige Mumhan sular thugadar léasadh 7-4 in aghaidh 0-1 do Dhún na nGall, i mbabhta leathcheannais na hÉireann. Tá a thábhacht féin ag baint leis an gcluiche sin mar go mb’ann a facthas uimhreacha ar chúl gheansaithe na n-imreoirí den chéad uair ariamh i stair CLG.

Ag an am sin ba mhó foirne a bhíodh san iomaíocht i gCraobh Uladh ná a bhí i gceann Laighean.

Idir chuile chontae agus chuile chúige bhí 14 cluiche ar fad imeartha nuair a chas Gaillimh agus Luimneach ar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann 1923.

Beidh 34 imeartha nuair a chríochnóidh coimhlint an lae inniu eatarthu.

Agus na foirne ar comhscór ag leath ama i mbabhta ceannais 1923, bhí cúig cinn de chúil feicthe ag an slua 15,000 duine, ach gan scóráilte ach trí chúilín. Luimneach a fuair iad sin – péire ag Jimmy Humphries agus ceann ag Willie Gleeson, a fuair cúl freisin mar a fuair an lánchúlaí ar dheis Dinny Lanigan. Ba iad Leornard McGrath (péire) agus Andy Kelly a fuair cúil na Gaillimhe.

Bhí ceithre chúl ag Gaillimh nuair a chuir Bernie Gibbs an sliotar san eangach ag tús an dara leath agus choinnigh siad an ceannas sin go deireadh, faoin am a raibh trí chúl ar fad aimsithe ag McGrath, an dara ceann ag Gibbs agus cúl den scoth ag a gcaptaen Mick Kenny.

Gaillimh 7-3, Luimneach 4-5.

GAILLIMH

IONADAITHE: Jack Dervan (Tíne); Michael Callanan (Creachmhaoil); Tom Cogavin (Goirtín); Jack Keogh ( Cill Chon Iarainn); Mick King (An Bóthar Mór); Mike Keogh (Cill Fhir Iarainn); Paddy Joe Morrisey (Creachmhaoil) Paddy O’Connor (An Bóthar Mór); Pádraic Naughton (Cill Fhir Iarainn); Tomás Fahy (Ard Raithin).

Cath. Tom Kenny (Tíne); Traenálaí: Jack Berry (Gort Inse Guaire); Bainisteoir: J Trayers (Gort Inse Guaire); Ath. Tommie Larkin (Baile na Cille/Tíne)

Tugann sracfhéachaint ar an liosta sin cúpla rud suntasach chun solais. Ar cheann acu tá a mheabhrú cé chomh láidir is a bhí cluiche na hiomána i gceartlár chathair na Gaillimhe céad bliain ó shin – ba ón mBóthar Mór féin agus as sin síos go Barr a’ Chalaidh a bhí cumann na ‘98ths’ lonnaithe. Bhí foireann láidir eile i gceantar an Chladaigh, Cumann an Ath. de Búrca, nó ‘Father Tom’s’. Tá an dá chumann tite i léig anois le trí scór bliain faraor.

Rud eile is ea go raibh an fear a fuair na cúil, Leonard McGrath, ar fhoireann pheile na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1925. Mura bhfuil mé ag dul amú thug mé cuntas ar a shaol ar an leathanach seo ní fada ó shin, nuair a foilsíodh leabhar. Ba chraoltóir, ceoltóir agus drámadóir cumasach freisin é.

Ba é an lánchúlaí Jim Power as Tíne ab fhaide a mhair (1895-1998).

Seo foireann Luimnigh a d’imir i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1923.

Ionadaithe: Pat Shanny (Naomh Pádraig); Johnny O’Shea (Na hÉireannaigh Óga)

Is díol suime cumann seo na nÉireannach Óg a raibh cúigear acu ar an bpáirc faoin am ar chríochnaigh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann, captaen na foirne Paddy McInerney ar dhuine acu. Faraor, fearacht an Bhóthair Mhóir i gCathair na dTreabh tá siadsan freisin imithe le sruth, cé go mba le réasúnta gairid a tharla sin, 1991. Bhíodar in ard a réime i 1925, Craobh an Chontae buaite faoi dhó as a chéile acu i 1920 agus 1922 (níor imríodh aon chraobh i 1921).

Seans gur aisteach leat freisin gan ainm chumann Átháin a bheith luaite – dream a bhuaigh Craobh Shinsir Luimnigh seacht mbliana as a chéile, ní uair amháin ach faoi dhó idir 1933 agus 1948. An chúis atá leis sin go raibh Áthán istigh le foireann Chaisleáin Chonaill go dtí 1926.

Ba iad J.J. Kinnane agus an t-ionadaí Pat Shanny ionadaithe Naomh Pádraig i gcluiche ceannais sin 1923, is é Gearóid Hegarty a choinneoidh an bhratach in airde inniu dóibh siúd.

Agus seasfaidh fear as Ard Raithin idir na postaí do Ghaillimh inniu mar a rinne os cionn 100 bliain ó shin – Junior Mahony an uair údaí, Darach Fahy anois.

Chuala tú ariamh é, ‘Is mar a chéile muintir Ard Raithin, ach nach sa bpóca céanna a choinníonn siad an t-airgead!’.

Fág freagra ar 'Dúghorm agus ór na dathanna a bhí ag Gaillimh nuair a bhuaigh siad craobh 1923 in aghaidh Luimnigh'