An ceangal idir splanc thintrí a thit san Astráil agus duine de na hiománaithe is iomráití i stair CLG

Ainneoin é a bheith éirithe as agus gan é ach 27 bliain d’aois, bhí bailiúchán suntasach bonn as an uile spórt ag an tráth sin ag Leonard McGrath

An ceangal idir splanc thintrí a thit san Astráil agus duine de na hiománaithe is iomráití i stair CLG

Cén chaoi a bhféadfadh ceangal a bheith idir splanc thintrí a thit sa díthreabh in oirthuaisceart na hAstráile 150 bliain ó shin agus duine de na daoine is iomráití i stair Chumann Lúthchleas Gael i nGaillimh?

Oíche Nollaig 1871, bhí stócach de bhundúchasach 12 bliain d’aois darbh ainm Jupiter Mosman i measc grúpa beag a bhí ar muin capaill faoin tuath in áit a bhfuil Towers Hill air, 1,300 km míle ó thuaidh de Brisbane.

D’imigh na hainmhithe chun scaoill le heagla roimh an scal agus chuir na marcaigh as an diallait.

Ní raibh ann ach a dhul á dtóraíocht.

Ar a bhealach tríd an scrobarnach, tháinig Jupiter ar na capaill agus iad ag baint an tarta díobh féin i sruthán ag bun an chnoic as a bhfuair an ceantar a ainm. Ag lonrú freisin san uisce bhí cnap óir a chuir sé ina phóca.

Leis sin a thosaigh fuadar óir a bhí ina neart idir 1872 agus 1899. San achar sin d’athraigh an limistéar tuaithe seo chomh mór sin go raibh sé ar an dara cathair ba mhó in Queensland – cónaí ar 30,000 duine ann, an t-iarnród gaibhte chomh fada leis agus ospidéal dá gcuid féin acu. Go fiú gur osclaíodh stocmhalartán ann in 1889.

Faoin am a raibh sé tráite i 1917 measadh gur táirgeadh 200 tonna óir sa mianach sin ba thorthúla san Astráil – luach $11 billiún in airgead an lae inniu.

Ní hiontas gur mheall a raibh ag titim amach ansiúd na mílte imirceach chuig an gceantar, ina measc bean darbh ainm Julia Porter as an nGráig i ndeisceart na Gaillimhe agus fear as contae an Dúin, James McGrath.

Phósadar ansiúd agus bhí triúr clainne orthu. Iníon ar baisteadh Bridget uirthi agus beirt mhac – an duine ba shine ainmnithe in ómós dá athair agus mac eile ar tugadh Leonard air.

Faraor, tar éis cúpla bliain chlis ar an bpósadh agus d’fhill Julia agus a triúr clainne ar ais abhaile, áit ar chuireadar fúthu i mbaile Phort Omna.

Ní raibh Leonard ach cúig bliana d’aois ag an am sin. Is beag a cheap fiú iad siúd ba ghaire dó go mba faoi amháin a bheadh sé le rá gurbh é an t-aon Ghaillimheach a bhuafadh boinn shinsir na hÉireann i bpeil agus in iománaíocht, go raibh sé ar dhuine de na himreoirí rugbaí ab fhearr i gConnachta, ina ghalfaire scríbe agus ina lúthchleasaí agus ina imreoir cruicéid den scoth.

Bhí sé chomh hoilte céanna lasmuigh de pháirceanna an spóirt. Bhí guth chomh breá sin ag Leonard McGrath go raibh an cóitseálaí ceoil Dr. David O’Brien sásta oiliúint a chur air – ba eisean freisin a theagasc John McCormack agus an t-amhránaí Margaret Burke Sheridan as Caisleán an Bharraigh.

Sna 1940idí is beag seachtain nach gcloistí amhrán ó Leonard ar chlár de chuid Raidió Éireann. Ba mhaith uaidh an pianó a chasadh freisin. Bhuaigh sé Craobhacha na hÉireann ag aisteoireacht agus chum sé ceoldráma agus é ina phríomhoide scoile ar an nGránard i gContae Longfoirt, áit ar bhásaigh sé agus gan caite dá shaol ach leathchéad bliain.

Gaeilgeoir líofa ab ea é.

Tuairim deich mbliana d’aois a bhí Leonard nuair a facthas an chéad léargas go mba lúthchleasaí as an ngnáth a bhí ann – bhuaigh sé rás a bhí leagtha amach do dhéagóirí i bPort Omna. Ní mba bheag an luach saothair a bhí as ach an oiread – uaireadóir.

Ach ní mba scéalta sonais ar fad a bhain le saol an ógánaigh. Agus a chuid meánscolaíochta nach mór istigh aige i gColáiste na Giúsaí i mBéal Átha na Sluaighe, shocraigh a mháthair a dhul ar imirce go Nua-Eabhrac le James agus Bridget. D’fhan Leonard sa mbaile agus bhí sé d’ádh air gur chuir a ghaolta chuile chóir air.

Oileadh mar bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus fuair sé post i mBaile Locha Riach áit a raibh sé nuair a bhuaigh Gaillimh Craobh Iomána na hÉireann 1923 (an bhliain dár gcionn a rinneadh an imirt). Scóráil an Craitheach trí cinn de chúil in aghaidh Luimnigh agus é ag imirt mar lántosach.

Mar lánchúlaí a d’imir sé i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 1925 (imeartha Eanáir 1926) nuair a fuair Gaillimh an ceann ab fhearr ar an gCabhán, tráth a raibh post mar phríomhoide faighte ag Leonard ar an nGránard.

Bhí sciorta den ádh leis a bheith ar an bpáirc beag ná mór an lá sin. Go gairid roimhe sin, cuireadh cosc air aon bhaint a bheith aige leis na Cluichí Gaelacha siocair go raibh sé ag imirt rugbaí. An phoiblíocht a fuair úd a scóráil sé d’Ollscoil na Gaillimhe in aghaidh Shligigh a lig an cat as an mála.

Sa lá atá inniu ann ní móide go n-éireodh leis an achomharc a cuireadh chun cinn faoin gcúis gur sháraigh McGrath na rialacha a bhí i bhfeidhm ag an am. ‘Racht feirge’ a d’fhág go ndeachaigh sé chun páirce sa gcluiche rugbaí, a dúradh.

Níor dhochar Cluiche Ceannais na hÉireann a bheith ar leic na tairsí ach an oiread, is dócha.

Bíodh is gurbh í an eachtra sin a chuir múisiam air nó nach í, ba bheag imirt a rinne Leonard do Ghaillimh ina dhiaidh sin. Bhí sé ar an bpáirc nuair a bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh ar Ghaillimh i gCluiche Leathcheannais na hÉireann 1926 agus nuair a bhuaigh Cill Dara ar na peileadóirí ag an staid céanna. Ach chomh fada agus is léir dom, b’in deireadh.

Ainneoin é a bheith éirithe as agus gan é ach 27 bliain d’aois, bhí bailiúchán suntasach bonn as an uile spórt ag an tráth sin ag Leonard McGrath. Cheannaigh duine anaithnid as Meiriceá iad nuair a chuaigh siad faoi cheant cúpla bliain ó shin.

Nár dheas an rud é dá mba dhuine dá mhuintir féin sin?

Tá leabhar breá foilsithe ag James Coughlan agus Marian Lyons (gaol le Leonard) dar teideal Leonard McGrath – A Forgotten Gael. Is maith is fiú a luach é.

Fág freagra ar 'An ceangal idir splanc thintrí a thit san Astráil agus duine de na hiománaithe is iomráití i stair CLG'