Cill Mhantáin ag iarraidh anam a chur sa gcraobh, gaisce na Laighneach, Scheffler ina mháistir agus bonn eile ag rámhaithe Chonamara

Caitheann Tuairisc súil siar ar chuid de na scéalta is suimiúla ó dheireadh seachtaine mór spóirt

Cill Mhantáin ag iarraidh anam a chur sa gcraobh, gaisce na Laighneach, Scheffler ina mháistir agus bonn eile ag rámhaithe Chonamara

Cill Mhantáin ag déanamh a ndíchill anam a chur sa gcraobh

Tá muid an t-ochtú cuid den bhealach trí Chraobh Shinsir Peile na hÉireann cheana féin ach is ar éigean go mbraithfeadh mórán go bhfuil sí tosaithe i ndáiríre agus muid fós ag fanacht ar choimhlint mhór a tharraingeodh aird.

Ba cheart go spreagfadh na coimhlintí idir Doire agus Dún na nGall, idir Ciarraí agus Corcaigh agus idir Maigh Eo agus Ros Comáin an deireadh seachtaine seo chugainn suim daoine, ach is léir gur ag dul i gcleachtadh ar thús luath na craoibhe atá gach duine fós agus an oiread sin eile ag dul ar aghaidh idir an sacar, rugbaí, galf, rásaí capaill agus eile.

Bhíodh tráth ann nuair a bheadh cluiche idir Áth Cliath agus contae na Mí i lár an aonaigh sa tír seo agus go bhfaighidís tús áite ar aon imeacht spóirt eile. Tá an lá sin caite le fada agus gan aon chuma ar an scéal go bhfillfidh sé go luath.

Dúradh nach raibh ach an ceathrú cuid de Pháirc an Chrócaigh líonta don chluiche idir an dá chontae sin Dé Domhnaigh ach ábhar iontais a bheadh ann ag go leor go bhfuil breis is 20,000 duine fós sásta dul chuig cluiche nach bhfuil aon amhras roimh ré faoina thoradh.

Bhí slua i bhfad níos lú i láthair i bPort Laoise Dé Domhnaigh, áit a raibh an cluiche craoibhe ba shuimiúla an deireadh seachtaine seo. 1989 an uair dheireanach gur éirigh le peileadóirí Chill Mhantáin dhá chluiche as a chéile a bhuachan i gCraobh Shinsir Laighean ach, tar éis dóibh an Iarmhí a bhualadh an tseachtain seo caite, bhí deis iontach acu é sin a dhéanamh i gcoinne Chill Dara.

Bhí na foirne ar comhscór agus beirt imreoirí sa bhreis ag Cill Mhantáin nuair a d’imigh siad ar an bhfrithionsaí agus an t-am nach mór caite. Agus cúl báire Chill Dara ag fánaíocht, thug an cosantóir Matt Nolan iarracht ar chúl ón líne 45m ach d’imigh sí ar strae. Suas an pháirc le Cill Dara agus fuair Jack Sargent cúilín an bhua dóibh chun croí mhuintir Chill Mhantáin a bhriseadh.

Cúpla céim eile le tógáil ag na Laighnigh chun aon droch-cháil a chur díobh

Beidh sceitimíní níos mó le brath i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh faoi cheann coicíse nuair a thabharfaidh foirne rugbaí Chúige Laighean agus Northampton aghaidh ar a chéile ar Bhóthar Mhic Sheoin i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh.

Tá dea-chuimhní ag na Laighnigh ar an bpáirc ó fuair siad an bua ann in aghaidh Chúige Mumhan i gcluiche leathcheannais cáiliúil in 2009. Fuair siad an ceann is fearr ar La Rochelle agus Ronan O’Gara faoi dheireadh i gcluiche díbeartha an deireadh seachtaine seo caite, rud a chuirfidh leis an dea-spionnadh a bheidh ar lucht tacaíochta na foirne.

Tar éis dóibh dhá chluiche ceannais a chailliúint in aghaidh La Rochelle le dhá bhliain anuas, ábhar mór faoisimh a bhí sa bhua cumasach ag na Laighnigh Dé Sathairn agus iad ag cur leis an mbua a bhí acu ar na Francaigh níos luaithe sa chomórtas.

Cé gurb iadsan anois rogha láidir na coitiantachta le Northampton a bhualadh sna babhtaí ceathrú ceannais, beidh a fhios ag Leo Cullen agus a chuid imreoirí nach fiú mórán an bua in aghaidh La Rochelle mura mbuann Cúige Laighean an corn. Sin an t-aon rud a bhfaighidh réidh leis an droch-cháil atá saothraithe ag an bhfoireann i gcluichí móra le tamall.

Is é Scheffler rí na Masters anois

Cé go ndearna Tiger Woods éacht ar leith ag comórtas Masters na bliana seo agus é ar an gcéad duine riamh a bhain an scór cáilithe don dheireadh seachtaine amach 24 uair as a chéile, bhí an méid a bhain an iarracht as soiléir do chách. Bhí sé truamhéalach go maith a bheith ag breathnú air ag streachailt Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus cuma chráite, bhacach air.

Bhíodh Cumann Gailf Augusta ina thearmann ag Woods i rith na mblianta ach is é Scottie Scheffler rí na Masters anois agus taispeántas tugtha aige ag an deireadh seachtaine a bhí chomh ceannasach sin gurb é Woods féin i mbarr a réime an t-aon samhail a d’fhéadfaí a lua leis.

Bhí tamall ann a raibh an chuma ar an scéal go mbeadh críoch iontach againn. Nuair a chríochnaigh Scheffler an seachtú poll le bógaí, an dara ceann aige in imeacht cheithre pholl, bhí ceathrar cothrom ar bharr chlár na gcinnirí ag -6 – Scheffler, Ludvig Åberg, Max Homa agus Collin Morikawa. Bhí deireadh leis an gcomórtas laistigh d’uair an chloig, áfach, agus bógaí dúbailte faighte ag Åberg agus Morikawa ar an aonú poll déag agus an cleas céanna déanta ag Homa ar an gcéad pholl eile.

Seachas na maidí a ligint le sruth, áfach, is i bhfeabhas a chuaigh Scheffler. Sé cinn d’éiníní a d’aimsigh sé idir an t-ochtú poll agus an t-ochtú poll déag agus rith an rása ar fad leis. Faoin am gur bhuail sé a bhuille deireanach, ba é Åberg – a chríochnaigh sa dara háit an chéad uair aige in Augusta – an t-aon fhear a bhí i bhfoisceacht scread asail do Scheffler.

Tá an Meiriceánach i bhfad chun cinn ar aon imreoir ar domhan i mbliana. Na ceithre chomórtas is déanaí aige, bhuaigh sé trí cinn acu agus tháinig sé sa dara háit sa cheann eile. Ní raibh sé os cionn an phar in aon bhabhta a d’imir sé ó mhí Lúnasa seo caite.

Ní mór a rá nach bhfuil anseo ach an dara mórchomórtas atá buaite ag Scheffler – thug sé leis an seaicéad glas den chéad uair dhá bhliain ó shin – agus, mar is eol do Jordan Spieth, Brooks Koepka agus Rory McIlroy s’againn féin – ní thugann aon rud ach seal. Mar sin féin, tá an chuma ar Scheffler go leanfaidh sé leis an dea-imirt ar feadh píosa eile ar a laghad.

 

Fiona Murtagh agus Aifric. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Cuma na maitheasa ar mhná Chonamara roimh na Cluichí Oilimpeacha

Tá céim mhór tugtha ag beirt as Conamara i dtreo áit a fháil ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras an samhradh seo. D’fhág an toradh a bhí ag Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn ag Craobhacha an Domhain an fómhar seo caite go mbeidh bád beirte ag Éirinn i bPáras ach níl sé cinntithe go fóill cé na mná a bheidh inti.

Ba iad Keogh agus Murtagh, a bhuaigh bonn cré-umha mar chuid d’fhoireann ceathrair na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo, a bhí chun cinn ar aon duine eile agus fágann an bonn airgid a bhuaigh an bheirt ag Corn an Domhain san Iodáil ag an deireadh seachtaine gur mó seans gurb iad na Gaillimhigh a bheidh i mbun iomaíochta sa mbád i bPáras. Soicind amháin chun deiridh ar bheirt na hÍsiltíre a chríochnaigh Keogh agus Murtagh sa rás ceannais.

Bhí Emily Hegarty as Corcaigh agus Eimear Lambe as Baile Átha Cliath sa bhád le Keogh agus Murtagh nuair a bhuadar an bonn sa tSeapáin ach tá obair fós le déanamh ag an mbeirt chun áit a bhaint amach i bPáras. Natalie Long agus Imogen Magner atá anois sa bhád ceathrair leo agus chríochnaíodar sa cheathrú háit ag Corn an Domhain ach tá deis fós ar áit sna Cluichí Oilimpeacha má éiríonn go maith leo ag an regatta cáilithe san Eilvéis an mhí seo chugainn

Fág freagra ar 'Cill Mhantáin ag iarraidh anam a chur sa gcraobh, gaisce na Laighneach, Scheffler ina mháistir agus bonn eile ag rámhaithe Chonamara'