Brú millteanach ag baint le gach cluiche feasta

Bhí an comórtas go hiontach anuraidh agus gach seans go mbeidh sé amhlaidh i mbliana

Brú millteanach ag baint le gach cluiche feasta

 

Comhghairdeachas le curaidh nua na sraithe, contae an Chláir. Bhíodar thar barr don fheachtas ar fad ach sin ráite ba dheacair leo Cill Chainnigh a chur díobh Dé Sathairn seo caite ach a bhuíochas do thrí chúl rinneadar an beart más ar éigean féin é.

Bhí an bua sin an-tábhachtach dóibh. Ní féidir muinín ná móiminteam a thomhas ach cuirfidh an bua sin go mór leis an dá rud agus iad ag dul isteach sa chraobhchomórtas. Cuirfidh an taithí a fuair na leads nua go mór leis an bpainéal freisin.

Ag an bpointe seo den séasúr iomána idirchontae tá an traenáil mhaslach chrua thart. Tá níos mó béime anois ar an luas, teaicticí, smachtú an tsliotair agus sos agus scíth a ligint roimh na dianchoimhlintí atá amach rompu. Tá gach a bhfuil curtha isteach ag na foirne bainistíochta agus ag na himreoirí go dtí seo dírithe ar na chéad sé seachtaine (ar a laghad) eile. Agus i ndiaidh an fheachtais sraithe tá mórán ceisteanna fós le freagairt faoi cé a thiocfaidh amach as na cúigí.

Tá ceist, fiú amháin, faoi Luimneach. Ach pé mhéad ceist atá fúthusan tá siad fós ina rogha do chraobh na Mumhan agus craobh na hÉireann agus cén fáth ná beadh. Bhuel bhíodar faoi bhun par sa chluiche leathcheannais sraithe ach ní tréad caora agus gan dabht, is acu atá an painéal is láidre sa tír fós.

I leagan amach 2024 seacht gcontae dhéag ar fad a thosóidh amach, cúig cinn ó chúige Mumhan, sé cinn ó chúige Laighean agus sé fhoireann eile a bheidh ag imirt i gcomórtas Sheosaimh Mhic Donncha.

Sa Mhumhain, imreoidh an chéad dá chontae a bheidh ar barr i ndiaidh comórtas ciorclach [round robin] i gcluiche ceannais an chúige agus imreoidh an contae a chríochnóidh sa tríú háit i réamhbhabhta ceathrú ceannais na hÉireann. Rachaidh an contae a bhuafaidh craobh an chúige chuig cluiche leathcheannais na hÉireann agus an fhoireann a chaillfidh isteach sa bhabhta ceathrú ceannais. Dar ndóigh beidh an scéal mar an gcéanna i gcúige Laighean.

I gcomórtas Chorn Mhic Dhonncha tá Ciarraí, An Dún, Laois, an Mhí, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí. Imreoidh siad sin go léir a chéile uair amháin agus imreoidh an dá fhoireann ar barr a chéile sa chluiche ceannais agus rachaidh an dá chontae sin tríd chuig na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais do Chorn Mhic Cárthaigh. Dícháileofar an contae ag bun an tábla chuig Corn Chriostóir Uí Rinn an chéad bhliain eile, 2025.

I gCúige Laighean bheinn ag súil go mbeidh Cill Chainnigh agus an Ghaillimh ar barr agus iad ag imirt sa chluiche ceannais. An-simplí, a deir tú.

Agus bunaithe ar an méid a chonaiceamar sa bhfeachtas sraithe bheinn ag rá go mbeadh Loch Garman sa tríú háit. Ó thosach na bliana tá siad ag imirt le fuinneamh agus spiorad faoina mbainisteoir nua Keith Rossiter. Chuir Corcaigh stop leo sa cluiche deireanach nuair a chuireadar 3-21 ar chlár na scór.

Agus céard faoi Bhaile Átha Cliath? Tá an t-uafás ceisteanna fúthu agus feabhas ollmhór ag teastáil. Bhuel mar a tharlaíonn sé, imreoidh an dá chontae sin a chéile sa chéad bhabhta seachtain ó amárach. Deirimse leat go mbeidh tábhacht ag baint leis an toradh ansin.

I gcúige Mumhan ag an bpointe seo, mar a scríobh mé thuas, tá Luimneach fós mar rogha. Ach ná déanaimis dearmad ar na cluichí babhtaí anuraidh, craobh a thosnaigh amach le hocht gcúl idir An Clár agus Tiobraid Árann. Ansin bhí ardchluiche againn idir An Clár agus Luimneach agus na Cláirínigh buacach. Bhí an-chluiche againn i bPáirc Uí Chaoimh idir Corcaigh agus Tiobrad Árann a chríochnaigh ar comhscór. Ansin bhí an-chluichí againn idir Corcaigh agus an Clár agus idir Luimneach agus Tiobraid Árann. Ní raibh ach an farasbarr is lú i gcuid maith de na cluichí sin. Agus bhí an t-ádh dearg ar Luimneach cáiliú don chluiche craoibhe agus é a bhuachaint.

An mbeidh sé amhlaidh i mbliana? Bhuel gach seans go mbeidh. Bheinn ag súil go gcáileodh Luimneach agus an Clár ach nílim cinnte in aon chor cé a bheidh leo.

Má bhíonn comórtas na bliana seo leath chomh maith agus a bhí sé anuraidh, beidh sé go hiontach.

Fág freagra ar 'Brú millteanach ag baint le gach cluiche feasta'

  • Carraig

    Scaoil amach an pocaide!