‘Beidh canúintí éagsúla le cloisteáil sna léirithe agus tá muid ag iarraidh dul amach go dtí an pobal ar fud na tíre’ – stiúrthóir nua na Taibhdheirce

Amharclann don tír ar fad í An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, a deir Muireann Kelly, stiúrthóir ealaíne nua na hamharclainne. Labhair sí le Tuairisc agus í ag réiteach don chéad léiriú eile, ‘Beckett sa Chreig - Guth na mBan’

‘Beidh canúintí éagsúla le cloisteáil sna léirithe agus tá muid ag iarraidh dul amach go dtí an pobal ar fud na tíre’ – stiúrthóir nua na Taibhdheirce

“Tá sé sin tábhachtach dom, go bhfuil a fhios ag gach duine atá ag obair san earnáil gur anseo atá muid agus go bhfuil an doras ar oscailt dóibh,” a deir Muireann Kelly stiúrthóir nua An Taibhdhearc.

Ba mhaith léi go mbeadh an mhuinín chéanna ag ealaíontóirí amharclannaíochta agus iad ag obair trí Ghaeilge is a bheadh acu dá mbeidís ag obair in aon teanga eile.

Bunchloch na físe atá leagtha amach aici don amharclann ná go mbeadh tacaíocht á cur ar fáil ag an amharclann ní hamháin do na léirithe a bheidh ar stáitse ag an amharclann féin ach don earnáil ar bhonn níos leithne.

Baineann an mhuinín ní hamháin leis an obair féin ach leis an mbealach a mbíonn tú ag obair le daoine, ba mhaith léi go mbeadh struchtúr láidir thart ar an obair féin le go mbeadh misneach ag ealaíontóirí coinneáil léi.

Tá An Taibhdhearc ag púitseáil sna clasaicí don chéad léiriú eile a bheidh á chur ar stáitse i mbliana ag an amharclann agus iad ag réiteach do Beckett sa Chreig – Guth na mBan a bheidh le feiceáil i rith Fhéile Ealaíon na Gaillimhe an tseachtain seo.

“Ba scríbhneoir idirnáisiúnta é Beckett agus feileann sé d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Ag féachaint siar ar an gcartlann sa Taibhdhearc, is léir go raibh súil acu ar an mór-roinn. Deineadh aistriúcháin ar leithéidí Ibsen agus daoine mar sin agus Beckett féin. Bhí mé ag cuimhneamh ar an repertoire clasaiceach, agus súil nua a chaitheamh ar an saothar sin i gcomhthéacs na Gaeilge agus an chultúir.”

An ceithre shaothar a bheidh le feiceáil mar chuid de Beckett sa Chreig – Guth na mBan – leaganacha i nGaeilge de Footfalls, Not I, Rockaby agus léamh ar Fizzle 4. Tá an léiriú á stiúradh ag Sarah Jane Scaife ó Company S.J, an comhlacht céanna a chuir léiriú Laethanta Sona, leagan Gaeilge de Happy Days le Beckett, ar bun ar na creaga in Inis Oírr sa mbliain 2021. Tá siad ag obair arís leis an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile leis an gcóiriú Gaeilge a dhéanamh ar an saothar.

“Tá caighdeán an-ard sa léiriú seo agus tagann sé leis an bhfealsúnacht atá againn go mbeadh an saothar ar ardchaighdeán agus é ag teacht leis an teanga agus leis an gcultúr. Beidh na píosaí ar fad ag teacht le chéile le píosa físe a rinne Cillian Waters in Inis Oírr.”

Sníonn an léiriú seo an ceol, gluaiseacht an choirp, an glór, téacs agus fís le chéile.

“Mná amháin a bheidh i ngach píosa. Sílim go raibh rud éigin suimiúil ann le Beckett maidir leis na mná. Bhí máthair aige a bhí an-láidir agus lán le creideamh agus tá rud éigin dhe sin le feiceáil sna mná seo. Feictear an saghas tráma a tharla dóibh, ach freisin an láidreacht a léiríonn siad in éadan na ndúshlán.”

Cúig léiriú sa mbliain atá á mbeartú ag Muireann leis An Taibhdhearc, chomh maith le scéimeanna forbartha le scríbhneoirí ar bhun leanúnach.

Tá sí ag iarraidh freastal a dhéanamh ar phobail éagsúla leis na léirithe sin, idir na ceantair Gaeltachta éagsúla, aoisghrúpaí éagsúla agus ábhair an tsaothair idir shaothar nua agus na clasaicí. Tá an deis acu anois an obair sin a dhéanamh, a deir sí, a bhuíochas don mhaoiniú a chuir Roinn na Gaeltachta, ar fáil faoin straitéis do na healaíona teangabhunaithe sa mbliain 2024. Tugann sé deis dóibh pleanáil fhadtréimhseach a dhéanamh, a deir sí.

“Tá sé tábhachtach dúinn go mbeadh muid ar fáil le deiseanna a thabhairt d’aisteoirí ar fud na tíre agus sna Gaeltachtaí ar fad. Is amharclann náisiúnta muidne agus tá muid ag iarraidh go mbeidh muid ag freastal ar na pobail éagsúla ar fud na tíre.”

Chuir siad tús le clár na bliana seo san earrach le léiriú den dráma Dathanna Geala Amháin. Aistriúchán atá ann den dráma aonair Bright Colours Only le Pauline Goldsmith, scríbhneoir as Béal Feirste, a phléann le gnéithe de stair na dtrioblóidí i measc ábhar eile. Rinne Séamas Mac Annaidh leagan i nGaeilge den dráma ag coinneáil le Gaeilge Uladh agus chuir an t-aisteoir Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, an seó i láthair.

Bhí Muireann ag iarraidh tosú amach le dráma a bhain le hUlaidh agus an Tuaisceart. Cuireadh ar stáitse sa Taibhdhearc é ar dtús agus chuaigh siad ar camchuairt ina dhiaidh sin go Gaoth Dobhair, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Díoladh na ticéid ar fad don seó i mBaile Átha Cliath agus léirigh sé sin do Mhuireann an t-éileamh atá ann i measc an phobail do dhrámaí i nGaeilge ar ardchaighdeán.

“Bhí mé ag iarraidh go mbeadh scéalta ón taobh sin tíre ar stáitse ag An Taibhdhearc. Tá sé tábhachtach dom mar stiúrthóir ar an amharclann go bhfuil a fhios ag daoine ar fud na tíre go bhfuil muid ann dóibh mar amharclann náisiúnta na Gaeilge. Beidh canúintí éagsúla le cloisteáil sna léirithe agus tá muid ag iarraidh dul amach go dtí na pobail ar fud na tíre.”

Fág freagra ar '‘Beidh canúintí éagsúla le cloisteáil sna léirithe agus tá muid ag iarraidh dul amach go dtí an pobal ar fud na tíre’ – stiúrthóir nua na Taibhdheirce'