Bliain ó shin um an dtaca seo bhí sochraid mo mháthar á heagrú agam. Agam féin agus ag na gaolta eile, gan amhras.
Dé Domhnaigh seo caite bhí triúr againn – mé féin, mo dheartháir óg agus m’aintín, deirfiúr mhór mo mham – inár seasamh ag an uaigh, gach duine againn ar a bhealach féin ag iarraidh ciall a bhaint as an nóisean go raibh bliain imithe thart ó cailleadh ár máthair, ár ndeirfiúr.
‘Céard é bliain?’ a bhí mé ag fiafraí díom féin le tamall de laethanta anuas. Slat tomhais threallach éigin a chum an duine lá éigin, cosúil leis an orlach nó an méadar?
Ní hea. Ní hionann agus na tomhais fhaid, tá bunús réamhstairiúil le tomhas an ama. Gach bliain, ar an lá céanna, éiríonn an ghrian agus imíonn sí a luí ag an am céanna. (Nach mór. Sin í an chúis go mbíonn bliain bhisigh againn gach ceithre bliana.) Bíonn na réalta ar an gcaoi céanna, in ainneoin athrú na haeráide bíonn na séasúir mar a chéile go fóill ar an mórgóir, agus bíonn na torthaí agus na glasraí céanna ar fáil.
Bhí flúirseach cúirséad agus puimcíní ann anuraidh agus cé go bhfuil siad níos lú agus níos daoire i mbliana de bharr theaspach agus thriomach an tsamhraidh seo, ba iad sin agus loinnir órbhuí na dtráthnóntaí atá ag giorrú ar dhuilliúr tuirseach na gcrann, seachas an dáta ar scáileán mo ghutháin, a mheabhraigh dom go bhfuil bliain imithe cheana féin ó chaill mé mo mham.
Céard é bliain? Go leor ama. Dóthain ama chun máthair a chur, teach a fholmhú agus a dhíol, árasán a cheannach agus a líonadh, agus tabhairt faoi thuras fada traenach timpeall na hEorpa lena chois.
Ach an leor bliain chun duine muinteartha a chaoineadh?
Agus mé i mo sheasamh ag uaigh mo mham le mo dheartháir agus m’aintín ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh de mo chuid mothúchán féin, meascán mearaí a d’fhág spíonta mé agus a d’fhág gur sciorr sruth focal uaim an lá dár gcionn nuair a tháinig mé den traein i mo bhaile nua agus nuair a d’fhiafraigh duine de mo chomharsana nua a tharla a theacht den traein chéanna díom cén chaoi a raibh mé.
Ghabh mé mo leithscéal láithreach as scéal chomh pearsanta agus chomh trom sin a roinnt le duine nach raibh agam air ach mearaithne. Ráiméis, ar seisean, ar ndóigh ní gá duit do leithscéal a ghabháil as ligean le do racht. Roinn seisean scéal nó dhó liom faoina shaol féin agus muid ag siúl abhaile ón stáisiún; síolta cairdis, cá bhfios.
Bhí síolta poipíní agus síolta an leamhaigh bheannaithe a bhailigh mé i ngairdín theach mo mhuintire um an dtaca seo anuraidh liom i gclúdach litreach nuair a thug mé féin, mo dheartháir agus m’aintín cuairt ar uaigh mo mham. Chuir muid sa ghaineamh iad agus mar a bheadh comhartha anuas ann thit múr báistí.
Faoi cheann bliana beidh na poipíní sin tar éis blátha cheana féin agus beidh faighneoga lán síolta orthu, ach ní bheidh ar na leamhaigh bheannaithe.
Plandaí débhliantúla iad sin.
Fág freagra ar 'An leor bliain chun duine muinteartha a chaoineadh?'