An tAE le leanúint leis an iarracht réiteach a fháil faoi tharaifí Trump trí idirbheartaíocht

Tá pacáiste taraifí éirice ar tháirgí na Stát Aontaithe ar na bacáin ag an gCoimisiún Eorpach sa gcás go dteipeann ar na cainteanna atá ar bun le SAM

An tAE le leanúint leis an iarracht réiteach a fháil faoi tharaifí Trump trí idirbheartaíocht

Ní chuirfear na pionóis ar easpórtálacha as Meiriceá i bhfeidhm san Aontas Eorpach an tseachtain seo chugainn mar a bhí beartaithe agus ní chuirfear i bhfeidhm iad ach sa gcás go gcuirfidh an tUachtarán Trump lena bhagairt taraifí 30% a chur ar earraí as an AE a dhíoltar leis na Stáit Aontaithe.

Ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt Coimisinéir Eorpach na tíre seo, Michael McGrath, dá rachadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh leis an dleacht 30% go dtabharfadh an tAontas Eorpach freagra “teann, gasta agus tréan” orthu.

Dúirt McGrath gur chreid sé féin go raibh dul chun cinn déanta sna cainteanna agus an dá thaobh ag réiteach don sprioc is deireanaí ag Trump, an chéad lá Lúnasa.

“Ach bímis soiléir faoi seo, sa gcás go gcuirtear na taraifí 30% atá bagartha ag an Uachtarán Trump i bhfeidhm faoi cheann dhá sheachtain go leith, tabharfaidh an Eoraip freagra teann, gasta agus tréan air,” a mhaígh an Coimisinéir.

Tá luach €21 billiún de liosta taraifí curtha le chéile ag an Aontas Eorpach cheana féin a chuirfear i bhfeidhm ar allmhairí as na Stáit Aontaithe má theipeann ar an dá dhream teacht ar réiteach sna cainteanna trádála.

Tá an dara pacáiste taraifí éirice ar tháirgí na Stát Aontaithe ar na bacáin ag an gCoimisiún Eorpach freisin sa gcás go dteipeann ar na cainteanna atá ar bun.

Meastar go bhfuil thart ar €72 billiún de thrádáil na Stát Aontaithe i gceist leis an bpacáiste breise dleachtanna sin, laghdú €23 billiún ón méid a bhí i gceist ar dtús. Laghdaíodh an pacáiste tar éis roinnt mhaith stocaireachta ar mhaithe le hearnálacha ar leith a choinneáil slán ón aighneas faoi tharaifí nua.

Dé Sathairn go deireanach a bhagair an tUachtarán Trump go gcuirfí taraifí 30% ar onnmhairí ón Aontas Eorpach agus ó Mheicsiceo ón gcéad lá Lúnasa.

Tá cainteanna is idirbheartaíocht ar siúl le comhpháirtithe trádála móra de chuid na Stát Aontaithe le roinnt seachtainí ach chinn orthu teacht ar mhargadh cuimsitheach agus tá an tAE anois ag plé conas is fearr freagra a thabhairt ar an litir is deireanaí ó Uachtarán na Stát Aontaithe.

D’fhógair an tAE go leanfaí leis an bhfionraí atá curtha acu ar na frithbhearta in aghaidh tharaifí na Stát Aontaithe go dtí tús mhí Lúnasa agus go leanfaí leis an mbrú réiteach a fháil trí idirbheartaíocht.

Dúirt Coimisinéir Trádála na hEorpa, Maroš Šefčovič go raibh Washington agus an Bhruiséil i ngar do chomhréiteach ach bhí rabhadh aige freisin gur bheag nach scriosfadh taraifí 30% an trádáil ar fad idir an dá dhream.

Dúirt Šefčovič, atá i gceannas ar idirbheartaíocht an AE leis na Stáit Aontaithe, gur gheall le “cosc” ar aon trádáil amach anseo idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe a bheadh i dtaraifí 30% ar an trádáil uilig ón Eoraip go dtí na Stáit Aontaithe.

Ní fios d’éinne an cleas idirbheartaíochta an bhagairt is déanaí seo ó Uachtarán Mheiriceá nó an bhfuil rún daingean aige dleachtanna iompórtála a mhéadú faoi thrí lá Lúnasa.

Tá sé á rá ag Šefčovič go raibh foirne idirbheartaíochta an AE agus na SA “an-ghar” do chomhaontú trádála a bheith réitithe acu.

Fág freagra ar 'An tAE le leanúint leis an iarracht réiteach a fháil faoi tharaifí Trump trí idirbheartaíocht'