‘Tá mé tinn tuirseach den rialtas, de CLG agus de na heagraíochtaí éagsúla nach bhfuil meas madaidh acu ar Dhún na nGall’ – McGee

Ní mó ná sásta atá lucht na peile i nDún na nGall nach mbeidh ag foireann an chontae ach sos sé lá roimh a gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn

‘Tá mé tinn tuirseach den rialtas, de CLG agus de na heagraíochtaí éagsúla nach bhfuil meas madaidh acu ar Dhún na nGall’ – McGee

Tá sé ráite ag iar-laoch peile Dhún na nGall agus Gaoth Dobhair, Eamon McGee, nach bhfuil “meas madaidh” ag an rialtas, CLG agus eagraíochtaí eile ar Dhún na nGall. Dúirt sé go raibh “céad faoin gcéad cinnte” go bhfuil duine inteacht i gCLG ag rá go gcaithfidh Dún na nGall agus Jim McGuinness glacadh le “teorainneacha s’acu”.

Ag labhairt dó le Highland Radio, dúirt McGee, fear Gaeltachta a bhuaigh craobh na hÉireann in 2012, nach mbíonn meas ar bith ar Dhún na nGall agus nuair a éiríonn go maith leis an bhfoireann nach mbíonn daoine ach “ag gearán” an t-am ar fad.

Rinneadh an tarraingt do na cluichí ceathrú ceannais sa pheil ar an Luan agus beidh foireann shinsir Dhún na nGall in éadan Mhuineacháin tráthnóna Dé Sathairn ag a 16:00 i bPáirc an Chrócaigh. Is é seo an chéad chluiche a imreofar sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann agus fágann an sceideal nach bhfuil ach briseadh sé lá ag imreoirí Dhún na nGall, rud a chuir olc ar go leor daoine sa chontae.

I bpreasráiteas a d’fhoilsigh CLG Dhún na nGall ar an Luan, dúirt siad gur chuir siad isteach iarratas foirmeáilte chuig CLG ag iarraidh orthu go n-imreofaí a gcluiche ar an Domhnach.

“Tá níos mó cluichí imeartha ag Dún na nGall sa chraobh i mbliana ná mar atá ag aon chontae eile, ocht gcluiche taobh istigh de 11 seachtainí,” a dúradh.

Dúirt Bord an Chontae go raibh “an-díomá” orthu nár glacadh lena n-iarratas agus go ndearnadh neamhaird ar na himreoirí sa phróiseas cinnteoireachta.

Dúirt Eamon McGee go gceapann sé go raibh sé “go hiomlán réasúnta” gur chuir CLG Dhún na nGall amach preasráiteas faoin chás agus go gcaithfidh Jim McGuinness agus Dún na nGall “an fód a sheasamh”.

Níos luaithe an tseachtain seo d’aontaigh Cumann na nImreoirí Gael (GPA) leis an fhoireann dúirt siad gur “ábhar díomá é’ nach raibh CLG ábalta glacadh le hiarratas foirmeálta an chontae.

Fág freagra ar '‘Tá mé tinn tuirseach den rialtas, de CLG agus de na heagraíochtaí éagsúla nach bhfuil meas madaidh acu ar Dhún na nGall’ – McGee'