‘Tá pleanáil teanga don Bhéarla i bhfeidhm ó Reachtanna Chill Chainnigh, nílimid ach ar an mbealach ar ais’

Bhí toscaireachtaí ó bhailte ar fud na tíre a bhfuil aitheantas mar Líonraí Gaeilge acu i láthair inné ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta

‘Tá pleanáil teanga don Bhéarla i bhfeidhm ó Reachtanna Chill Chainnigh, nílimid ach ar an mbealach ar ais’

Imeallú na Gaeilge sa státchóras, easpa seirbhísí i nGaeilge, easpa maoinithe agus easnaimh an chórais ghaeloideachais – sin cuid de na dúshláin a luadh ag cruinniú faoin bpleanáil teanga i dTeach Laighean inné.

Bhí toscaireachtaí ó bhailte ar fud na tíre a bhfuil aitheantas mar Líonraí Gaeilge acu i láthair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach na heagraíochta An Clár le Gaeilge, gur fágadh an teanga faoi chois ar feadh na gcéadta bliain agus nach raibh an obair chun an Ghaeilge a athbheochan ach ina tús.

“Seo an chéad uair ó bunaíodh an stát go bhfuil pleanáil teanga á cur i bhfeidhm don Ghaeilge,” a dúirt Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach na heagraíochta An Clár le Gaeilge. “Tá pleanáil teanga don Bhéarla á cur i bhfeidhm ó cuireadh Reachtanna Chill Chainnigh i bhfeidhm i 1367.

“An tslí ar fad aníos, tríd na plandálacha go léir, trí na Péindlíthe, bunú na scoileanna náisiúnta, is pleanáil teanga a bhí ansin, i gcónaí leis an lámh láidir ar son an Bhéarla. Táimid díreach tosnaithe mar stát ar an mbealach ar ais,” a dúirt sé.

“Tá Reachtanna Chill Chainnigh thart. Níor éirigh leo an Ghaelainn a mharú, níor éirigh leo an iomáint i gCill Chainnigh a mharú ach an oiread.”

Dúirt Micheál Ó Mainín, oifigeach pleanála teanga Gaeilge Locha Riach, i mBaile Locha Riach sa Ghaillimh, gur dúshlán mór i gcónaí “an t-imeallú” a dhéantar ar an teanga sa rialtas agus sa chóras stáit.

Dúirt Ó Mainín gur údar “imní” dó agallamh a rinne Aire Stáit nua na Gaeltachta, Thomas Byrne, le Tuairisc toisc go ndúirt an t-aire go bhfuil ‘an fhreagracht orainn go léir’ agus go ‘caithfidh daoine freagracht a thógáil iad féin’ as cur chun cinn na Gaeilge.

Micheál Ó Mainín

Dar le Ó Mainín gurb amhlaidh gur sampla eile a bhí sa chaint sin den nós an fhreagracht as cur chun cinn teanga a chur “ar an duine aonair seachas ar an stát”. Bhí imní air, a dúirt sé, gur ag “leanúint ar aghaidh” le himeallú na teanga a bheadh an “rialtas lárnach”.

Dúirt oifigeach pleanála teanga Ghaeilge Locha Riach go raibh “imeallú” na teanga le feiceáil sa chóras oideachais chomh maith.

”Níl aon chóras ag An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun stádas oifigiúil a bhronnadh ar naíonraí mar chineál seirbhís ar leith.

”Chomh maith leis sin, tá an t-imeallú le feiceáil i mbeartas atá ag Roinn an Oideachais faoi láthair maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus sa gcaoi gur bhain siad an liúntas a bhíodh ar fáil dóibh siúd a bhí ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

“Déanann an t-imeallú a bhealach anuas ón rialtas lárnach go dtí na comhlachtaí poiblí, agus tá a thionchar le feiceáil ar an gcaoi a gcuireann na comhlachtaí poiblí reachtaíocht i bhfeidhm.”

Dúirt Micheál Ó Mainín go raibh sé “fíordhúshlánach” obair na pleanála teanga a dhéanamh gan “tacaíocht cheart ó chuile leibhéal an stáit”.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin nárbh leor an maoiniú a bhí ar fáil don phleanáil teanga. Dúirt sé chomh maith go gcaithfeadh an Roinn Oideachais gníomh a dhéanamh maidir le héileamh Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir go mbunófaí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i gcontae an Chláir.

Níl sa chontae faoi láthair ach Gaelcholáiste an Chláir atá ina haonad Gaeilge i gColáiste Pobail na hInse.

“Ní féidir leis an Aonad, foireann atá inniúil i múineadh trí mheán na Gaeilge a earcú – tá sé ag brath ar pholasaí earcaíochta foirne na máthairscoile agus d’fhéadfadh coimhlint a bheith i gceist.

“Chomh maith leis an tionchar atá aige seo ar an rogha ábhar, níl tumoideachas ceart ar fáil toisc go bhfuil na daltaí ag meascadh le daltaí na máthairscoile. Ní féidir saíocht lán-Ghaeilge agus labhairt na Gaeilge a chur chun cinn mar is cuí laistigh de scoil Bhéarla.”

Dúirt Ó hAiniféin gur cheart go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus “cúrsaí comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsithe á bplé”.

“Tá sé soiléir go bhfuil an easpa deiseanna agus measa atá ann do lucht labhartha na Gaeilge ag teacht salach ar na prionsabail seo.

“Tá an meon diúltach seo le feiceáil sa chur chuige maidir le páistí le deacrachtaí foghlama. In áit teacht ar thuiscint agus tacaíochtaí cuí a thairiscint, tá córas díolúine lochtach i bhfeidhm. In áit eolas maidir le roghanna tacaíochta do chaomhnóirí a thabhairt, tugtar le fios gur féidir díolúine a lorg agus deireadh a chur le heispéireas na Gaeilge.”

Chun go mbeadh “éifeacht agus tionchar” ag baint leis na Bailte Líonra Gaeilge, bheadh gá, a dúirt sé, le breis oifigeach “le scileanna speisialta” a fhostú chun na ceangail “idir forbairt gnó is eacnamaíochta agus forbairt teanga a chomhdhlúthú le chéile”.

Bhí gá leis, a dúirt Dónal Ó hAiniféin, le hoiliúint ar leith sa phleanáil teanga a chur ar fáil ag leibhéal céime.

Mheas Brian Ó Gáibhín ó Mhuintir Chrónáin i gCluain Dolcáin gur fhéach an stát ar thacaíocht don teanga ar nós “tick the box exercise” agus go raibh an maoiniú do ghrúpaí pobail a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ag laghdú chuile bhliain.

Brian Ó Gáibhín

Dúirt sé go raibh plean seacht mbliana leagtha amach d’fheidhmiú phlean an Líonra Gaeilge i gCluain Dolcáin ach nár tugadh maoiniú ach do thréimhse trí bliana dóibh agus gurb amhlaidh an scéal ag na líonraí teanga eile.

“An bhuairt agus an eagla atá orainn ná mura bhfuil siad sásta an tacaíocht a chur ar fáil don chéad chúig ghrúpa i stair na tíre atá ag iarraidh é seo a chur i gcrích, mura bhfuil siad sásta tacaíocht cheart a chur ar fáil dúinne, Jesus, what’s coming down the road?”

“Má tá [an Rialtas] le bheith dáiríre faoin bpleanáil teanga, leag amach córas tacaíochta fadtéarmach,” a dúirt Ó Gáibhín.

D’aontaigh Ciarán Mac Giolla Bhéin, oifigeach pleanála teanga in iarthar Bhéal Feirste, nach raibh maoiniú ceart á chur ar fáil do na pleananna. Dúirt sé gur theastaigh go mbeadh an maoiniú cuí cinntithe chun go mbeadh sé de mhisneach ag grúpaí triail a bhaint as smaointe úra chun an teanga a chur chun cinn.

“D’aontaigh muid na pleananna teanga seo leis na húdaráis ach ansin ní bhfuair muid an infheistíocht a bhí ag teacht leo chun iad a chur i bhfeidhm i gceart.”

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Dúirt Mac Giolla Bhéin gur tharla an rud céanna i gcás na bpleananna teanga Gaeltachta agus nach aon chomhtharlúint a bhí ann go raibh breis is scór Oifigeach Pleanála Teanga tar éis a gcuid postanna a fhágáil le blianta beaga anuas.

Maidir le cúrsaí maoinithe níos leithne, dúirt Siobhán Grogan ó Chill Dara le Gaeilge gur chóir go mbeadh dualgas ar aon dream a fhaigheann airgead ón stát an Ghaeilge a chur san áireamh nuair a chaitear an t-airgead sin. Luaigh sí Cumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar dhá eagraíocht ar chóir an dualgas sin a chur orthu.

Pléadh ag an gcoiste chomh maith cás Gael-Taca i gCorcaigh agus é fógartha ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil siad ag diúltú maoiniú a chur ar fáil don eagraíocht. Dúirt Patrick O’Donovan, a bhí ina aire stáit don Ghaeltacht ag an am, go raibh ceisteanna faoi chúrsaí rialachais san eagraíocht agus nach bhféadfaí maoiniú a cheadú dá bharr.

Seán Ó Laoi

Dúirt Seán Ó Laoi, cathaoirleach Gael-Taca, inné gur chuir an méid a bhí le rá ag an Aire fearg agus díomá orthu san eagraíocht ach go raibh siad ag iarraidh coinneáil orthu leis an obair a bhí ar bun i gcathair Chorcaí.

“Tá Gael-Taca ann i gcónaí agus nílimid chun bogadh puinn. Is mór an náire an méid a dúradh sa Dáil fúinne le déanaí. Ní rabhamar riamh i bhfiacha puinn agus ní raibh aon fhadhb le rialachas ón uair gur chuaigh Coiste Ghael-Taca i ngleic leis sin.”

Dúirt Ó Laoi nach raibh aon duine ó Roinn na Gaeltachta tar éis labhairt leis “sa tslí cheart” maidir le cé na fadhbanna a bhí ann go díreach.

Labhair toscaireacht ó Charn Tóchair i nDoire freisin ar an tábhacht a bhaineann le cúrsaí Gaeloideachais i gcur chun cinn na Gaeilge i gceantar.

Plean radacach do ‘athbhunú’ na Gaeilge i gceantair thuaithe ar fud na tíre curtha faoi bhráid polaiteoirí

Fág freagra ar '‘Tá pleanáil teanga don Bhéarla i bhfeidhm ó Reachtanna Chill Chainnigh, nílimid ach ar an mbealach ar ais’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nár cheart níos mó cumhachta a bheith ag oifigí pleanála teanga leis an ghaeilg a chuir chun cinn?

    Cha dtig leofa ach moltaí a dhéanamh leis an phobal. Níl siad ábalta a rá ‘tá’n dlí seo ann agus caithfidh muid cloígh leis chun an ghaeilg a bhuanú agus a láidriú’.

  • Beanfeasa

    Nach iontach an rud go bhfuil Seomra Caidrimh agus Comhrá (nó Ionad Buail Isteach más fearr leat) dos na Gaeil bunaithe faoi dheireadh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean!
    Ach mo léan, ní mórán cumhacht ag an Choiste sin Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta sin agus ní féidir leo a moltaí a bhrú chun cinn nuair nach bhfuil an an dream a bhfuil an cumhacht acu i Seomra na Pairliminte i nDáil Éireann ag éisteacht leo.
    Mar a deirtear sa seanfhocal “Téann focail le gaoth ach buille go cnámh!”