Áilleacht agus an spreagadh chun machnaimh i bpictiúrleabhar nua ó Éabhlóid

Pictiúrleabhar ealaíonta é ‘An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn’ ar ardchaighdeán é agus an-chúram déanta do na mionsonraí ann

Áilleacht agus an spreagadh chun machnaimh i bpictiúrleabhar nua ó Éabhlóid

An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn
Aileen Crossley
Aistriúchán Gaeilge le Eoghan Mac Giolla Bhríde
Foilsithe ag Éabhlóid

Pictiúrleabhar machnamhach, aislingeach is ea An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn a dhéanann ceiliúradh ar an nasc atá idir an duine agus an dúlra. Scríofa agus maisithe ag Aileen Crossley agus foilsithe ag Éabhlóid, is pictiúrleabhar ealaíonta ar ardchaighdeán é agus an-chúram déanta do na mionsonraí ann. Tá aistriúchán fileata déanta ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ar an téacs.

Tarraingíonn an scéal ar thraidisiún na ndánta aislinge ina dtagann spéirbhean go dtí an file agus é ina chodladh agus tugann cuireadh dhó a theacht léi ar thuras. Sa scéal seo, ar turas é dáiríre, tagann Lus na mBan Sí ag an bhfuinneog go dtí cailín óg agus í in ísle brí. Tá sí trína chéile mar gheall ar na teachtaireachtaí atá ag teacht chuici ón bhfón cliste. Tugann Lus na mBan Sí, a bhfuil daonnú déanta uirthi sa scéal seo, cuireadh don chailín a theacht léi agus éalú ón mbrón.

‘Tabhair dom do lámh

go rachaimid siar

chuig na háiteanna ina bhfuil do mhian.’

Baineann Crossley úsáid chliste as scéalaíocht fhísiúil leis an ngné seo den scéal a chur i láthair ar an gcéad leathanach. Tá dathanna dorcha ag éirí amach as an bhfón cliste sa bpictiúr, i gcodarsnacht leis na dathanna séimhe boga atá le feiceáil sa domhan mórthimpeall uirthi. Baineann sí úsáid as siombailí agus emoji freisin, le callán na meán sóisialta a chur inár láthair go simplí agus go héifeachtach.

I gcodarsnacht le dorchadas na meán sóisialta, nach bhfuil iontu sa scéal seo ach spreagadh don turas, tá dathanna boga séimhe in úsáid sa gcuid eile de na léaráidí. Stíl thumthach osréalach atá sna radharcanna a fheictear agus an cailín ag eitilt ó áit go háit le Lus na mBan Sí agus ise mar threoraí aici go tír eile an nádúir, tír na n-óg.

Eitlíonn siad suas ar dtús ar ghéaga arda crainn, seo an áit ‘a n-eitlíonn na madaí crainn’. Ainm eile ar iora is ea ‘madra crainn’ agus déantar ceiliúradh ar an bhfísiúlacht a bhaineann leis an ainm sin sna híomhánna den dá iora rua agus iad ag spraoi i ngéaga an chrainn mhóir.

Meascann Crossley íomhánna a bhaineann leis an leaba agus an seomra codlata sna radharcanna seo, rud a chuireann le hatmaisféar na brionglóide sa leabhar. Feiceann muid na madraí crainn ag léim sna géaga agus ceann acu i ngreim buidéal te leapa.

Tá rím agus rithim sna véarsaí beaga a bhogann an scéal ar aghaidh. Tá blas na filíochta orthu agus is geall le dán nó amhrán iad nuair a léitear le chéile iad. Is é glór Lus na mBan Sí atá le cloisteáil tríd an leabhar agus í ag cur comhairle ar an gcailín óg agus ag meabhrú iontaisí an dúlra di.

‘Amuigh thíos i do spás bheag féin. Glac sos

agus éist, san áit a mbíonn na féara fada ag fás.’

Baineann Eoghan Mac Giolla Bhríde úsáid as ainmneacha traidisiúnta le cur síos ar na hainmhithe agus na plandaí a chastar ar chailín an scéil agus í ar a turas le Lus na mBan Sí. Cuireann sé seo go mór le físiúlacht agus draíocht an leabhair.

Tá stíl álainn lámhdhéanta agus thraidisiúnta ar na léaráidí féin. Rinneadh na léaráidí de láimh agus priontáladh iad mar liteagraif dhaite, is rud sainiúil é sin féin sa lá atá inniu ann, tráth a ndéantar go leor obair ealaíne go digiteach. Tugann an cinneadh ealaíonta sin blas beagáinín seanfhaiseanta do na léaráidí, ach ar bhealach maith.

Sna bileoga tosaigh agus deiridh, tá pictiúir áille déanta de na carachtair éagsúla. Feictear an Bheainín Uasal, nó an easóg, Madadh Crainn, Bóín Dé, Sailchearnach agus Muc Mhara. Is álainn na físeanna a chothaíonn na hainmneacha sin agus tá ceiliúradh déanta ag Crossley ar an bhfisiúlacht sin sna léaráidí saibhre, spraíúla sa leabhar.

Leabhar do pháistí é seo, ach is ceann é a d’fheilfeadh do dhaoine fásta freisin as áilleacht an leabhair féin agus an spreagadh chun machnaimh atá istigh ann. Pictiúrleabhar álainn é, ach d’fhéadfá mantra nó dán machnaimh a thabhairt air freisin ina dtugtar sos intinne don léitheoir agus ina ndéantar ceiliúradh ar áilleacht shimplí an nádúir.

Fág freagra ar 'Áilleacht agus an spreagadh chun machnaimh i bpictiúrleabhar nua ó Éabhlóid'