Thug muintir an t-aon phobal sa tír lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil níos mó daltaí óga ag fáil oideachais trí Gaeilge ná trí Bhéarla sa scoil áitiúil dúshlán pholaiteoirí Theach Laighean inné maidir le cur chun cinn na teanga.
Bhí toscaireacht ó Charn Tóchair, an ceantar tuaithe i nDoire a luaitear go minic mar eiseamláir ó taobh cur chun cinn na Gaeilge, i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge.
Is i dtús na 1990idí a cuireadh tús le hathbhunú na Gaeilge sa cheantar seo sna Speiríní i ndeisceart chontae Dhoire agus údar gaisce acu é sa lá atá inniu ann go bhfuil oideachas i nGaeilge á cur ar 180 dalta bunscoile, le hais 75 dalta sa chóras Béarla.
Chuir lucht Líonra Gaeilge Charn Tóchair plean radacach d’athbhunú na Gaeilge i gceantair eile faoin tuath ar fud na tíre faoi bhráid na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú.
“Ní de thaisme a fhíorófar an fhís seo, agus ní fhíorófar í trí leanúint den chur chuige reatha ná leis an
leibhéal maoinithe reatha,” a dúirt Niall Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga Charn Tóchair.
“Beidh fís agus straitéis mhóruchtúil ón bharr anuas de dhíth, chomh maith
le creat polasaí agus reachtaíochta agus tacaíocht mhaoinithe do thograí ón bhun aníos.
“D’éileodh sin mórthogra polaitiúil ar scála na bpleananna don Oileán Roinnte, mar shampla.”
Dúirt Niall Ó Catháin go bhféadfaí macasamhail an dul chun cinn atá déanta i gCarn Tóchair a dhéanamh I gceantair eile ar fud na tíre ach chuige sin go mbeadh gá le “diongbháilteacht ó gach páirtí polaitiúil” agus maoiniú.
Dúradh go mbeadh gá i dtosach le mórfheachtas a chuirfeadh athbhunú na teanga ar an “chlár oibre polaitiúil”. D’fhorbródh eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí le chéile “fís uaillmhianach” agus dhéanfaí móriarracht tacaíocht an phobail agus na bpáirtithe go léir a fháil don fhís sin. Chaithfí ansin “an reachtaíocht, na straitéisí, na polasaithe agus an maoiniú uilig” a bheadh riachtanach a chur ar fáil.
Ar dhúshraith an ghaeloideachais a bheadh an straitéis athbhunaithe teanga
bunaithe agus chaithfí infheistíocht a dhéanamh i scoileanna “lán-tumoideachais neamhspleách” san oideachas réamhscoile, i seirbhísí cúram leanaí agus i seirbhísí óige trí Ghaeilge.
Mhol toscaireacht Charn Tóchair chomh maith go mbeadh ionaid teaghlaigh agus phobail taobh le gach Gaelscoil, ionaid a bhféadfaí “pobail Ghaeilge áitiúla forbairt thart orthu”.
Conán Maol
Is maith an rud é go bhfuil toscaireacht Charn Tóchair tagtha chun nuacht faoin a gclár radacach a scaipeadh sna 26 contae. Ar an drochuair ní bhaineann na focail “plean radacach”le Coiste Ghaeilge an Oireachtas (i.e. ” the Leinster House language lobby”) mar is léir nach bhfuil cumhacht gur fiú trácht air ag an gcoiste deonach (brúghrúpa) sin.
Tá an diallait ar an gcapall contráilte acu agus b’fhearr i bhfad dóibh díriú ar pobail atá ann cheana féin ar nós Na Gaeil Óga srl.
Ciarán Ó Maitiú
Comhgháirdeas le muintir Charn Tóchair as a bhfuil bainte amach acu go dtí seo-ag súil le bualadh isteach chucu an samhradh seo … (Ciarán Ó Maitiú).
Liamo
Ní dóigh liom gurbh fhéidir macsamhail eiseamláir Carn Tóchar le hathbhunú na Gaeilge a dhéanamh i gceantar eile. Níl mórán áiteanna eile in Éirinn ag iarraidh iompù at ais ar an nGaeilge mar theanga phobail. .Caithfidh toil an phobail a bheith ann chun ceantar a athghaelú rud atá déanta i gCarn Tóchair agus Béal Feirste ach in easnamh i bhformhór na hÉireann mar tá siad sásta a bheith ag labhairt Béarla amháin.. An smaoineamh faoi Ionad teaghlaigh agus pobail a bheith taobh le gach Gaelscoil.Bhí mé an-tóghtha le Charn Tóchair nuair a bhí mé ar chamchuairt ann treise leo.
Niall Ó Catháin
Bhí cuid mhór ráite ag an seisiúin cearna fá easpa infheistíochta sna tionscadail Líonra atá ag feidhmiú faoi láthair. Bhí an méid a bhí le rá agam ráite taobh istigh de comhthéacs ina bhfuil an infheistíocht ceart déanta sna Líonraí atá cheana féin ag feidhmiú. Seo an dúshraith a bheas phlean uaillmhianach togtha air.
Go bunúsach, caithfidh polaiteoirí na hÉireann a chreidiúint gur féidir le teanga na hÉireann a bheith curtha ar ais i mbéal Pobal na hÉireann agus caithfidh an toil a bheith acu chun rud éigin a dhéanamh fá dtaobh de. Mura bhfuil an chreidiúint agus an toil ag na polaiteoirí a bhfuil an cumhacht acu, ní tharloidh sé.
CCc
Taispeánadh sa suirbhé ‘the Irish Language and the Irish People’, an suirbhé ba mhó a deineadh riamh ar an gceist seo, nach bhfuil an dúil radacach céanna i gcróithe muintir na Poblachta, go ginearálta.
Tá bá acu don Ghaeilge, tá meon dearfach acu i leith na Gaeilge, tacaíonn siad leis an smaoineamh gur chóir an Ghaeilge a bheith ag gach duine in Éirinn ‘mar dara teanga’.
Más é athbhunú na Gaeilge in aon áit an sprioc, caithfear díriú ar –
1. Na pobail Ghaeilge atá ann cheana féin (an Ghaeltacht, áiteanna a bhfuil dlús cainteoirí fós ann)
2. Na daoine (mionlach) a thréigfeadh an Béarla ar son na Gaeilge, agus a gcuirfeadh an Ghaeilge chun cinn mar chéad teanga thar aon rud eile. (Bhain bunatheoirí Bhóthar Seoighe leis an ngrúpa seo mar shampla).
Tá an cur chuige atá de dhíth leagtha amach cheana féin ag leithéidí C. Ó Giollagáin/S. Mac Donnacha don Ghaeltacht agus ag Ursula Ní Shionnáin don Ghalltacht.
Go fadtéarmach, agus rudaí mar atá, d’fhéadfadh gach uile scoil a bheith ina Gaeilscoil agus ní athbhunófaí faic. Foghlaimeofaí an Ghaeilge mar dara teanga easnamhach, sin an méid. Bhí go leor bailte in Éirinn ó late 1920s – 1960 gan iontu ach scoileanna lán-Ghaeilge, ní féidir le scoileanna teanga a athbheochan, ach is féidir le scoileanna tacú leis na daoine atá diongbháilte faoi athbheochan na Gaeilge (go fírinneach, ní mar dara teanga) ina gcomhphobail beaga féin. Daoine díograiseacha (agus Gaeilge sách maith acu) a theacht le chéile le haghaidh tearmainn a mbeadh scartha ó mhórphobal an Bhéarla a chruthú, sin an dúshlán.
“Tá géarghá le Gaeltachtaí beaga a lonnú, go háirithe agus an Ghaeltacht stairiúil díbheo faoi láthair. Deir Máirtín Ó Cadhain, deir Desmond Fennell, deir Pól Breatnach, deir Tomás Mac Síomóin linn, deir Joshua Fishman (an saineolaí idirnáisiúnta is mó le rá ar chúrsaí cothabhála agus athbheochana mionteangacha) agus a lán eile tharstu, go bhfuil riachtanas ag an nGaeilge le Gaelphobail mar go bhfuil gá ag mionteangóirí le háit chónaithe a bheith acu arb í an mhionteanga an phríomhtheanga gan cheist gan choimhlint. Athdhlúthú na Gaeilge i bpobail is sprioc don Athbheochan (nach polasaí do Stát na Poblachta a thuilleadh de réir Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar ndóigh). Teipeann ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaeleagrais éagsúla glúinte Gaeilgeoirí gníomhacha a chothú de cheal pobal lonnaithe aontaithe. Ag séideadh gaoithe i mbonn atá pollta atáthar formhór an ama de cheal pobal lonnaithe aontaithe. Go n-éirí le Tionscnamh Chomharchumann Tithíochta an tSeachtar Laoch Gaelphobal a chothú! Is iad a leithéidí an t-aon dóchas dáiríre a bhí agus atá ag an nGaeilge, sa mBreac-Ghaeltacht mar atá sí, agus sa nGalltacht Oifigiúil chomh maith céanna. Tá dúshlán ollmhór rompu. Cuimhnídís nach bhfuil ag éirí le Gaeil na nGaeltachtaí féin anois Gaeilge shásúil a thabhairt dá gclann de bharr uile-láithreacht an Bhéarla sa Dátheangachas Aontreoch (i dtreo an Bhéarla). Ní leor a bheith i do chainteoir Gaeilge mar sin. Beidh pobal Gael de dhíth.”
Brian Ó Curnáin, 2011.
Beanfeasa
Niall a chara,
Ní fiú do bheith ag fanúint ar FFFG agus SF pleananna radacha a chur le cheile chun teanga na tíre a chur ar a cosa arís sna 26 contae.
Le fada níor chreid agus ní creideann polaiteoirí na 26 contae
“gur féidir le teanga na hÉireann a chur ar ais i mbéal Pobal na hÉireann”
agus níl an toil acu.
“chun rud éigin a dhéanamh fá dtaobh de”.
Tá sé sin cruthaithe thar na blianta. Is leor “cúpla focal” siombalach dóibh ag tús óráidi. Níl sin chun athrú anseo.
Bhí seans againn tosú as a nua sna 26 contae ins na 1960daí nuair a foillsíodh an tuairisc cuimsitheach ón Choimisiúin um Athbheochaint na Gaeilge. Bhí plean cuimsitheachá sa tuairisc sin agus liosta fada moltaí ann. Níor thapaigh FFFG an deis. Iarrachtaí den chineál ceanna a bhí sa Phlean Straitéiseach 20 Bhliain a fuair bás go luath, Coimisiún na Gaeltachta a tugadh cluas bhodhar dó agus an Acht Teanga nach bhfuil á chur i bhfeidhm agus dearcadh diúltach doicheallach drogallach ag an Státchóras ina leith agus polaiteoirí na 26 contae ag Béarlóireacht leo 99% den am ar urlár na Dála.
An bhfuil plean radacach eile agat dos na 26 contae nach bhfuil ag braith ar pholaiteoirí FFFG agus SF agus é sa phóca chúil agat ? Mar teastaíonn ceann go géar agus is cinnte nach bhfuil aon phlean radacach ag Gluaiseachtaí Oifigiúla na Gaeilge chun an tír a spreagadh le pobail nua le Gaeilge nó eastát beag amháin lán le Gaeilgeoirí a bhunú.