Ar bhealach an cairdeas le chuile dhuine a chastar air a shábháil a bheatha

Baineadh siar as ár gcolúnaí nuair a dúradh leis go mbeadh fear a bhfuil aithne ag an domhan agus a mháthair air ag dul go Ospidéal San Séamas

Ar bhealach an cairdeas le chuile dhuine a chastar air a shábháil a bheatha

Tá aithne ag an domhan agus a mháthair air. Bíonn sé ansin romhat i lár na Carraige Duibhe chuile mhaidin, chuile lá saoire bainc, agus laethanta eile nach mbíonn an gnáthdhuine ag obair.

Ach d’fhéadfá a rá, is dócha, nach ‘gnáthdhuine’ é.

Oibrí de chuid na Comhairle Contae é a bhfuil cúraimí bruscair agus glaineacht sráideanna air. Chuireamar aithne air ar dtús le linn na paindéime, tráth a raibh go leor obair bhreise le déanamh aige. Chasadh muid air le moch maidine, thíos in aice na farraige, ag bailiú na mboscaí píotsa, ag cur buidéil i mála mór plaisteach agus ag fágáil gach áit thart go deas glan don chéad chóisir eile faoin aer.

Taitníonn an obair leis. Ba chuma leis faoi na málaí móra agus ba chuma leis faoi na nósanna drochmhúinte a léirigh an dream óg, agus iad ag fágáil páipéir, buidéil, gloiní, plaisteach agus bia leathite ina ndiaidh. B’in an jab, dúirt sé, agus thaitin sé leis.

Scríobh mé anseo faoi agus mé ag tagairt dá chlann mhór deartháireacha agus deirfiúracha agus an saol crua a bhí acu agus é ag fás aníos.

Is é deisceart an chontae seo a ‘chomharsanacht’. Tá aithne aige ar gach cúlsráid, ar gach ascaill, gach cosán. Ar an rothar a thagann sé ag an obair chuile mhaidin.

Níl mórán aithne aige ar an gcuid eile den chathair. Sin é an fáth gur baineadh siar as nuair a dúradh leis go mbeadh sé ag dul go Ospidéal San Séamas. Ach tá mé ag teacht romham féin.

Thugamar faoi deara roinnt seachtainí ó shin nach raibh aon radharc air le tamall. Bhí daoine eile i mbun a chuid cúraimí agus cheapamar ar dtús go raibh sé ar saoire.

Faoi dheireadh thángamar ar an trucail bheag a bhailíonn na málaí bruscair tar éis ghlanadh na maidine.

‘Tá sé ar saoire tinnis,’ a dúirt an saoiste linn. ‘Bhí ‘turn’ aige.’ Bhuel, ní rabhamar ag súil leis sin – bhí cosúlacht na sláinte air i gcónaí. ‘Ach beidh sé ar ais ag obair arís,’ a dúirt mo dhuine linn. ‘Dúradh leis roinnt seachtainí saoire a ghlacadh.’ B’fhada linn go bhfeicfeadh muid arís é. Ach b’fhéidir nach bhfillfeadh sé ar an obair go brách?

Beag an baol. Bhí sé ansin romhainn i lár an bhaile an lá cheana agus a veist bhuí ag seasamh amach sa slua. Bhí sé ag caint le duine ar an tsráid – an rud is dual dó.

Ar bhealach ba é an nós sin, agus an cairdeas atá múnlaithe aige le chuile dhuine a chastar air, a shábháil a bheatha.

‘Mhothaigh mé pian in uachtar mo láimhe ach ní raibh sé go dona – ba gheall le drithlín níos mó ná pian é.’ Ach bhí sé ag glanadh na sráide taobh amuigh den phoitigéir ag an am agus bhí aithne mhaith acu ar a chéile.

Dúirt an poitigéir go dtógfadh sé a bhrú fola, go bhfeicfeadh sé an raibh aon rud as ord.

‘Beidh ort dul ag an dochtúir ar an bpointe,’ a d’inis sé dó nuair a léigh sé an toradh. ‘Tá do bhrú fola uafásach ard.’

Chuaigh sé amach agus ghlaoigh ar an dochtúir. Ní raibh a fhios acu cérbh é féin.

‘Ní fheicim aon taifead anseo a bhaineann leatsa,’ a dúradh leis ar an bhfón. ‘Is cosúil nár thug tú aon chuairt anseo le tamall.’

‘Cén fáth a dtabharfainn?’ a dúirt sé go mífhoighneach. ‘Ní raibh mise ar cuairt ag dochtúir le 19 mbliana.’ Dúirt siad leis gur chóir dó glaoch ar otharcharr lena thabhairt ag an seomra éigeandála san ospidéal.

Chinn sé nárbh fhiú a bheith ag fanacht ar otharcharr agus suas leis ar an rothar agus rothaigh sé síos an bóthar, cúpla ciliméadar, go dtí Ospidéal Naomh Micheál, i nDún Laoghaire.

Tar éis roinnt tástálacha ansin, d’inis siad dó go raibh sé tar éis taom croí a bheith aige, nach raibh ródhona. Ach dúradar go raibh sé ar tí ceann eile a fháil, a bheadh i bhfad ní ba chontúirtí, taobh istigh de lá nó dhó. D’aistrigh siad go dtí Ospidéal Naomh Séamas i lár na cathrach é, de bharr go raibh speisialtóireacht i gcúrsaí cúram croí ansin.

‘Ní raibh a fhios agamsa cá raibh mé,’ a dúirt sé linn. ‘Ní raibh mise riamh istigh sa gcuid sin den chathair.’ Ach cuireadh cóir leighis air agus d’fhan sé istigh ann ar feadh seachtaine. D’fhiafraigh muid de an bhfuair sé ‘stent’?

Ní bhfuair. Agus cé gurb é an steintín an gléas leighis is mó cáil ó thaobh cúraim tar éis taom croí, tá bealaí eile ann anois, is cosúil leis an artaire a choinneáil oscailte. Cheap sé gur ‘shéid’ siad an t-artaire a bhí blocáilte agus nach raibh aon chontúirt ann i ndiaidh an phróisis sin go ndúnfadh sí arís. Bhí an ‘obráid’ chomh simplí sin nach cuimhin leis anois ar chor ar bith í.

D’éirigh lena dheirfiúr dul isteach chomh fada leis agus athrú éadaí agus mar sin de, aici dó.

Agus, nach iontach an rud é, tar éis a bhfuil de dhrochphoiblíocht faighte ag na seirbhísí sláinte sa tír seo, go rabhadar in ann é a aistriú chuig Ospidéal Naomh Uinseann, i ndeisceart na cathrach?

‘Toisc go mbeadh ar dhaoine teacht an bealach ar fad isteach ó Dhún Laoghaire, ag breathnú ort,’ a dúradar leis, ‘chinn muid go mbeadh tú níos fearr as, agus níos gaire do do mhuintir san ospidéal sin.’

Casadh máinlia air le linn dó a bheith san ospidéal. ‘Bhí tusa anseo cheana,’ a dúirt an máinlia leis. ‘Muise, ní raibh mé,’ a mhaígh ár gcara agus é ag rá arís nach bhfaca sé aon dochtúir le 19 mbliana.

‘Ach, tá aithne agam ort,’ arsa an dochtúir, agus é fós ag ceapadh gur mar othar a chonaic sé é. ‘Cá bhfuil cónaí ort, nó cá mbíonn tú ag obair?’ D’inis ár gcara dó gur fear glanta sráide é.

‘Á anois, tá a fhios agam cá bhfaca mé tú,’ arsa seisean. ‘Bím ag dul tríd an Charraig Dhubh cúpla uair sa tseachtain agus feicim ansin tú go rialta.’

Agus a scéal inste aige dúinn, agus a chuid cairde ar fad ar an mbaile feicthe aige, suas leis ar an rothar. Bhí eochair ina luí ar an tsráid a thit amach as a phóca. Ach níor thóg sé i bhfad ar an leathbhádóir é a leanacht ar a rothar féin agus eochair a thí a thabhairt ar ais dó.

Níl aon amhras ach gur fiú labhairt le daoine agus tú féin a chur in aithne. Lá éigin amach anseo b’fhéidir go dteastódh tástáil brú fola go géar uait, nó eochair do thí a fháil ar ais.

Fág freagra ar 'Ar bhealach an cairdeas le chuile dhuine a chastar air a shábháil a bheatha'