Sinn Féin an páirtí is déanaí atá ag scaipeadh tríd an bpost bileoga toghcháin i mBéarla ar theaghlaigh sa Ghaeltacht.
Fágann sin gurb iad Fianna Fáil an t-aon pháirtí go dtí seo a scaip leagan Gaeilge dá ‘Litreacha um Thoghchán’ don toghchán Eorpach an mhí seo chugainn.
Leagan Béarla a fuair teaghlaigh i nGaeltacht Chonamara den bhileog sin agus fuair teaghlaigh eile an dá leagan.
Ar na bileoga Béarla atá á scaipeadh ag Sinn Féin ar theaghlaigh sa Ghaeltacht, tá ceann dá n-iarrthóir sa toghlach Lár Tíre-an tIarthuaisceart, Chris McManus.
Cúpla abairt bheag atá i nGaeilge sa teachtaireacht ar chúl na bileoige, ‘Tosaíonn an t-athrú anseo. Seo í an chéad chéim’ agus ‘Vótáil Sinn Féin’.
Dúirt Chris McManus le déanaí go ndéanfadh Sinn Féin iarracht deireadh a chur leis an srian atá ar sheirbhísí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Bileog Bhéarla atá á scaipeadh sa phost ag Sinn Féin chomh maith do Paul Gavan agus Kathleen Funchion, a n-iarrthóirí i dtoghlach an Deiscirt, mar a bhfuil Gaeltacht na Mumhan go léir.
Dúirt urlabhraí ó Shinn Féin le Tuairisc gur thug An Post le fios dóibh nach scaiptear do gach páirtí ach leagan amháin dá ‘Litreacha um Thoghchán’. Ba é seo an míniú céanna a thug Fine Gael ar bhileoga i mBéarla amháin a sheoladh chuig teaghlaigh sa Ghaeltacht.
Tá leaganacha Gaeilge de bhileoga Shinn Féin ag an bpáirtí dá n-iarrthóirí sa Deisceart agus i Lár Tíre-an tIarthuaisceart agus dúirt an t-urlabhraí go mbíonn na leaganacha sin á scaipeadh de láimh ag an bpáirtí agus iad i mbun stocaireachta sa Ghaeltacht.
Maidir leis na bileoga Béarla a seoladh sa phost, dúirt an t-urlabhraí go bhfiosródh Sinn Féin athuair féachaint an bhféadfaí a chinntiú gur leagan Gaeilge de bhileoga toghcháin a sheolfaí chuig teaghlaigh Ghaeltachta amach anseo.
Bileoga Béarla chomh maith atá á scaipeadh ar theaghlaigh Ghaeltachta i dtoghlach an Deiscirt ag Páirtí an Lucht Oibre dá n-iarrthóir Niamh Hourigan.
Béarla amháin atá ar bhileoga Derek Blighe ó Ireland First. Bileog i mBéarla atá ag na Daonlathaithe Sóisialta do Susan Doyle, cé go bhfuil leagan Gaeilge dá bileog toghcháin ar fáil ar líne agus nasc chuige ar an mbileog a scaipeadh tríd an bpost.
Níos túisce an mhí seo, dúirt Fine Gael le Tuairisc go mb’éigean dóibh bileoga toghcháin i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht.
Nuair a cheistigh Tuairisc Fine Gael an mhí seo faoin scéala nach raibh focal Gaeilge ar bhileoga a n-iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha, Maria Walsh agus Nina Carberry, dúradh nach raibh aon “rogha” eile acu.
Dúirt urlabhraí de chuid Fhine Gael go mbíonn iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha agus in olltoghcháin i dteideal bileog amháin a sheoladh saor in aisce go dtí gach teaghlach nó vótálaí – Litir um Thoghcháin.
WTF
Seol chucu ar ais iad.
Scrígh rud deas dea-mhéiniúil ar nós,
‘Sáigh é seo san áit dhorcha sin nach scalann aon ghrian.’