Féile na Gealaí ar ais, na healaíona dúchais á gceiliúradh, éan na scéalaíochta á lorg agus féilte sa Ghaillimh

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Féile na Gealaí ar ais, na healaíona dúchais á gceiliúradh, éan na scéalaíochta á lorg agus féilte sa Ghaillimh

CEOLCHOIRM

Ceiliúradh ar 20 bliain d’ealaíontóirí cónaitheacha in Ionad Léann na hÉireann

In Amharclann Mick Lally, Dé Máirt, an 4 Meitheamh, beidh Oíche Sean-Nóis á léiriú mar chuid den gceiliúradh atá ar siúl ag Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe ar a bhfuil bainte amach ag an ionad ó cuireadh ar bun é sa bhliain 2000.

Gné amháin den obair atá ar siúl ag an Ionad ó shin i leith is ea an nasc leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, agus leis na healaíona dúchais béil atá á saothrú go i gcónaí i ndeisceart Chonamara.

Mar cheiliúradh ar an gcuid sin den traidisiún beo, chuaigh Ionad Léann na hÉireann i bpáirt le Ealaín na Gaeltachta sa bhliain 2002 chun ealaíontóirí Gaeltachta a cheapadh leis an amhránaíocht, an damhsa, agus an scéalaíocht dhúchais a chur chun cinn san ollscoil agus i measc an phobail i gcathair na Gaillimhe agus sa Ghaeltacht.

Beidh iar-ealaíontóirí cónaitheacha ag teacht le chéile don cheiliúradh. I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa léiriú seo, beidh Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Máire Ní Mhaoilchiaráin, Sarah Ghriallais, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Áine Ní Dhroighneáin, Róisín Ní Mhainín, Pádraic Ó hOibicín, Máirín Mhic Lochlainn, Mairéad Ní Fhlatharta, Treasa Ní Mhiolláin, Seosamh Ó Neachtain, Saileog Ní Cheannabháin, Gearóid Ó Dubháin, agus Micheál Ó Cuaig.

Cead isteach €10 (do Chlann Shíomóin) agus ticéid ar fáil anseo.

Tuilleadh eolais: irishstudies@universityofgalway.ie

FÉILTE

Clár Fhéile na Gealaí Ráth Chairn seolta

Seoladh clár Fhéile na Gealaí, féile campála na nGael, an tseachtain seo. Láthair na féile ná Páirc CLG Ráth Chairn ón Aoine 7 go dtí an Domhnach 9 Meitheamh agus rogha mhór imeachtaí ceoil leagtha amach i gclár na bliana seo.

Tugann an fhéile ardán do cheoltóirí nua, comhaimseartha na Gaeilge agus Gàidhlig agus beidh ceoltóirí Éireannacha ag glacadh páirt sa bhféile chomh maith le ceoltóirí a bheidh ar chuairt anall as Albain. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil i rith na féile, beidh Jiggy, Na Bonnymen, Super Céilí, Joy Dunlop, Na Fíréin, Cuas agus Grooveline.

Cuirfear tús le himeachtaí tráthnóna Dé hAoine an 7 Meitheamh le ceol ar stáitse ón ghrúpa áitiúil na Hot Toddies, agus leanfaidh an chraic le Cuas as Corca Dhuibhne, Grooveline agus buíon bheomhar Bhaile Átha Cliath, The Bonnymen.

Beidh meascán mearaí de cheol arís ar an Satharn ag tosú le Clann cheolmhar Mhic Corraidh as Béal Feirste. Beidh an banna ceoil Na Fíréin ar ais le chéile arís do cheolchoirm speisialta agus iad ag ceiliúradh 40 bliain ó chas siad i Ráth Chairn den chéad uair riamh.

Ina gcuideachta ar an Satharn beidh Huartan, Na Shanvans as Béal Feirste agus an geabaire Torby, Joy Dunlop, rinceoir agus amhránaí as Gaedhaltacht na hAlban lena banna ceoil nua. Coinneoidh an t-ollghrúpa Jiggy an chraic ag imeacht ar an bpáirc sula dtabharfar aghaidh ar an mBradán Feasa chuig club na féile don togra nua ceoil trad-leictreonach Cigire na bPuntaí.

Tá neart imeachtaí sa típí arís i mbliana ar an Satharn- ióga le ceol, rang dornálaíochta, filíocht fhísiúil IMRAM agus go leor eile. Cuirfear imeachtaí teaghlaigh ar bun chomh maith agus tá seisiún scéalaíochta beartaithe i Leabharlann Ráth Chairn, Sorcas Fanzini agus neart eile.

Tá na ticéid ar fáil anois agus gach eolas ar shuíomh idirlín Fhéile na Gealaí.

Féile na Briotáine i nGaillimh

 

Beidh Féile na Briotáine i nGaillimh ar bun ón Aoine an 24 go dtí an Domhnach 26 Bealtaine agus imeachtaí ar chlár na bliana seo in Inis Mór, in Indreabhán agus i gcathair na Gaillimhe. Ceiliúradh ar cheol, bia, cultúr agus damhsa na Briotáine atá sa bhféile seo a cuireadh ar bun roinnt blianta ó shin chun an nasc idir Gaillimh agus An Oriant [Lorient] sa Bhriotáin a neartú.

Cuirfear tús le féile na bliana seo in Inis Mór ar an Aoine sa Halla Pobail ag a 4pm, áit a mbeidh taispeántas cócaireachta de phancóga traidisiúnta na Briotáine agus cluichí do dhaoine óga. An tráthnóna sin Tigh Joe Watty beidh ceolchoirm le ceoltóirí a thiocfaidh anall as an mBriotáin, Yuna Leon ar an bhfidil, Maodez Arhaut ar an bhfeadóg mhór agus na píoba agus Lena Descottes ar an mbasúcaí.

Tabharfar an fhéile go hIndreabhán ar an Satharn do cheardlann ceoil do dhaoine óga i Seanscoil Sailearna ón 2-4pm agus beidh ceolchoirm an tráthnóna sin Tigh Mholly i ndiaidh na ceardlainne. Beidh DJ Blue sa mBlue Note i nGaillimh an oíche sin le dordcheol eicléictiúil teach Breizh’n.

Leanfar leis an bhféile ar an Domhnach le ceardlann ar cheol na Briotáine in Áras na nGael agus ceolchoirm san oíche sa Kings Head.

Tá gach eolas le fáil anseo.

Greann le Gallagher agus Forde ar thóir an éin scéalaíochta

Beidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar bun ón Aoine, an 17 Bealtaine go dtí an Domhnach an 26 Bealtaine. Beidh Laureate na nÓg, Patricia Forde, i láthair leis an scríbhneoir is ealaíontóir Alan Nolan d’ócáid do pháistí An tÉan Scéalaíochta ar an Satharn 18 Bealtaine i Le Fanu i gCearnóg Mhuirfean. Ar thóir éan na scéalaíochta a bheidh siad agus beidh cúnamh ag teastáil uathu ó na taiscéalaithe óga. Deir siad nach bhfuil ag teastáil ó dhaoine óga le páirt a ghlacadh sa spraoi ach a samhlaíocht agus a bhfiosracht.

Cuirfidh an fuirseoir agus scríbhneoir Áine Gallagher seó grinn dátheangach i láthair an tráthnóna sin ‘For the Love of Milseáin’ i gCearnóg Mhuirfean sa Byzantium ag a 8:00i.n. Tá cur chuige spraíúil agus an-sainiúil ag Gallagher ina saothar agus í ag cur na Gaeilge chun cinn chomh maith leis an ngreann. Dóibh siúd a mbeadh suim acu foghlaim faoin scríbhneoireacht ghrinn beidh ceardlann á reáchtáil ag Gallagher mar chuid den fhéile, ‘Authentic Storytelling and Comedy’ ar an Domhnach an 19 Bealtaine ag 12:15 in. Díreofar ar úsáid na scéalaíochta chun insint ionraic a thabhairt ar an saol ar bhealach atá barrúil freisin. Níl ach €20 ar na ticéid, margadh maith gan amhras.

Tá clár iomlán na féile le fáil anseo.

Clár Fhéile Ealaíona na Gaillimhe seolta

Chuaigh ticéid d’Fhéile Ealaíona na Gaillimhe ar díol an tseachtain seo agus clár leathan leagtha amach d’fhéile na bliana seo ina bhfuil ceol, damhsa, drámaí, mórshiúl, taispeántais agus cainteanna.

Beidh Philip Doherty ar ais ag an bhféile i mbliana agus an dráma nua An Fear Liath scríofa aige agus é á stiúradh ag Fran Nunez. Léireofar an dráma i mbáisín an Chladaigh in aice le Cé an Chladaigh. Comhcheilg theaghlaigh maidir le trálaer a chuaigh go tóin poill, más fíor.

Tá an dráma léirithe ag Fíbín sa Taibhdhearc i gcomhar leis an gcomhlacht Gailíseach, Centro Dramático Galego, agus Tryater as Freisland. Beidh sé á léiriú ón 25 -27 Iúil.

Beidh dhá dhráma nua le Enda Walsh le feiceáil mar shuiteáin amharclannaíochta freisin, Changing Room, agus Dining Room. Gearrdhrámaí ceathrú uaire an ceann atá sa phéire acu agus iad ar taispeáint gach leathuair ón 11 r.n. go 6 i.n. ar laethanta éagsúla i rith na féile.

Cuirfear fáilte abhaile roimh Bhríd Ní Neachtain agus í le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce sa dráma The Map of Argentina le Marian Carr atá á léiriú ag Decadent Theatre Company agus Ionad Ealaíne na Gaillimhe. Is é Andrew Flynn a bheidh ag stiúradh an dráma nua seo le Carr, a luaitear ar dhuine de na drámadóirí Éireannacha is fearr lena linn.

Sna himeachtaí poiblí amuigh faoin aer, beidh seó sráide mór á chur ar bun ag comhlacht ón Fhrainc, Planète Vapeur agus é faoi stiúir Arlo Le Gwern. Pegasus an t-ainm atá ar an seó is beidh capall mór meicniúil draíochta agus sciatháin air mar chuid den mhórshiúl. Léireofar an seó ón bhFaiche Mhór go dtí an Póirse Caoch thar dhroichead Uí Bhriain agus síos Sráid Doiminic.

Tá neart eile le fáil ar chlár na bliana seo, idir Kneecap sa bPuball Mór i Fisheries Field ar an 18 Iúil, Yungchen Lhamo, amhránaí as an Tibéid in Ardeaglais San Nioclás an lá céanna, agus ócáid i gcuimhne ar an stiúrthóir Maelíosa Stafford in Amharclann Mick Lally ar an 28 Iúil.

Is féidir breathnú ar chlár na bliana seo agus ticéid a cheannach anseo.

LEABHAIR

Athchló déanta ar phictiúrleabhar clasaiceach ó na 1960idí

Athchló ar an leagan Gaeilge den phictiúrleabhar cáiliúil The Tiger Who Came to Tea le Judith Kerr é An Tíogar a Tháinig chun Tae. Rinneadh an leagan Gaeilge den chéad uair sa mbliain 1969.

Scríbhneoir de chuid na Breataine ab ea Kerr (1923–2019) a rugadh i mBeirlín na Gearmáine. Ba den phobal Giúdach sa nGearmáin a tuismitheoirí, critic amharclannaíochta ab ea a hathair agus cumadóir ceoil a bhí ina máthair.

I mí an Mhárta na bliana 1933 agus toghchán ar na bacáin, chuala an teaghlach caint go raibh sé i gceist ag an bpáirtí Naitsíoch, dá n-éireodh leo sa toghchán, a bpasanna taistil a bhaint díobh agus iad a ghabháil.

Maidin an toghcháin d’éalaigh muintir Kerr as an nGearmáin go dtí an Eilvéis agus chualadar ina dhiaidh sin gur tháinig na Naitsithe go dtí an teach chun iad a ghabháil an mhaidin i ndiaidh an toghcháin. Shocraigh siad síos sa deireadh sa Bhreatain, áit ar fhan Judith ar feadh an chuid eile dá saol.

Léigh an t-alt iomlán le Bridget Bhreathnach anseo

Fág freagra ar 'Féile na Gealaí ar ais, na healaíona dúchais á gceiliúradh, éan na scéalaíochta á lorg agus féilte sa Ghaillimh'