Gearradh trí scór bliain de m’aois, bhí mé fillte ar Rang 6 agus mé ag léamh Réics Carló.

Baineann scéal 'Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh' leis an eachtra inar dúnmharaíodh Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí ab fhearr sa tír, le linn Chluiche Ceannais na hÉireann

Gearradh trí scór bliain de m’aois, bhí mé fillte ar Rang 6 agus mé ag léamh Réics Carló.

“An t-eagarthóir a dúirt liom é seo a thabhairt duit,” a dúirt an teachtaire as Tuairisc liom an lá faoi dheireadh agus é ag síneadh beartán beag isteach i mo lámh. “Dúirt sé go mb’fhéidir go mbainfeadh sé croitheadh as na cealla sin atá ag feo i d’intinn, más fíor duit féin é.”

“Má tá aon ábhar ceimiceach i gceist, muisiriúin mhire ná a leithéid, ní bhacaim leo,” a deirimse.

“Ní dóigh liom sin,” a deir an teachtaire “ach feictear liom gur airigh mé rud éicint uaidh faoi chumha i ndiaidh na hóige.”

Chaith mé tamall idir dhá intinn. Tá a chontúirt féin ar a dhul ag spaisteoireacht ar chosán na seanchuimhní. Faoi dheireadh fuair mo shrón an ceann ab fhearr orm gur oscail mé é.

Lom, láithreach tháinig seabhrán i mo chloigeann agus tháinig splanc faoi na cealla feosaithe nó go rabhadar mar a bheadh na bolgáin bheaga sin ar chrainn Nollag.

Dhá fhocal ba chúis leis an maidhm.

Réics Carló.

De bharr a chuid saíochta bhí an t-eagarthóir tar éis breis agus trí scór bliain a ghearradh de m’aois. I mo threabhsar giortach, mo sheaicéad corda an rí agus mo pheann giobach sáite sa dúchán agam, bhí mé fillte ar Rang 6 sa scoil náisiúnta – ag breathnú suas ar an gcófra a bhí le hais na tine agus ar chúl an dorais ansiúd.

B’iomaí rud a bhí sa gcófra céanna. Ina íochtar bhí an pheil a d’fhanfadh sa dorchadas go dtagadh deireadh an earraigh, seanleabhair rolla agus mangarae eile a raibh a maith déanta. Níor mhinic a osclaíodh é.

Ba bheag meirg a bhí ar na hinsí a bhí ar an leath uachtair den chófra. Ní mórán lá ar bith nach n-osclaítí a dhoirse siúd ar a laghad dosaen uair agus an-fheiceáil ar a raibh istigh.

Má bhí cóipleabhar nua nó peann luaidhe le ceannacht ba ar an tseilf ab íochtaraí ansiúd a bhíodar mar aon leis an mbabhla cruain ina gcoinnítí a luach. Os a chionn sin bhí an tseilf uachtair agus ba ansiúd a bhí taisce agus seoda na scoile – cúpla scór leabhar i nGaeilge do dhaoine óga. Thar a bheith gann a bhí siad siúd.

Bhí cuid de scríbhneoireacht an Phiarsaigh ann, Jimín Mháire Thaidhg, (an t-eagrán scoile a raibh giorrú agus cinsireacht déanta air ar eagla an truaillithe!) agus leabhair Eilís Diolúin. Bhíodh go leor aistriúchán freisin i gceist, Eachtra Phinocchio agus Páistí na Nua-Fhoraoise, saothair Bhrighid Ní Loingsigh agus Mhaighréad Ní Mhaicín.

In áit na leithphingine a bheidís i saol seo na nua-theicneolaíochta, ach ba mhaith ann iad dúinne san am nach raibh an teilifís ar fáil do thromlach ógánaigh na tíre. Scannáin chogaíochta agus gaiscí buachaillí bó ba mhó a bhíodh ar fáil don bheagán a raibh teacht acu ar phictiúrlanna.

B’in an fáth go mba ar na leabhair ba dheireanaí a scríobhadh ba mhó a bhíodh tóir i leabharlann na scoile. Na cinn ba nua-aoisí ag an am. Na cinn ba mhó a léirigh an bealach a raibh an saol fré chéile ag athrú ag tús an dara leath den chéad seo caite.

Aon údar amháin a rinne soláthar ar an gcuid ba mhó den chineál sin léitheoireachta do Ghaeilgeoirí óga na linne. Cathal Ó Sándair ab ainm dó agus bhí an oiread sin de thóir ar a shaothar agus oiread sin díchill air féin go n-áirítear gur ceannaíodh leathmhilliún cóip den 160 leabhar a scríobh sé.

Níor sháraigh aon údar eile a scríobh i dteanga na nGael an figiúr sin ó shin i leith.

Tá a chuid bisiúlachta le feiceáil i líon na leabhar a tháinig óna pheann. Dhíol an ceann ba thúisce (Na Mairbh a d’Fhill 1943) 300,000 cóip. Ba iontu siúd a cuireadh in aithne don phobal an laoch a bhí i gceartlár os cionn 100 de na leabhair a scríobh sé. An t-ainm ba thúisce a thug mise faoi deara ar oscailt an bheartáin dom – Réics Carló.

Deir siad go mba mhaith é Sherlock Holmes lena linn féin agus ina dhiaidh bhí cáil ar Nancy Drew agus ar Miss Marple. Thug an teilifís Mannix PI leis, Jim Rockford agus Charlie’s Angels a raibh na cocaí féir ar bharr a gcinn.

Ach ní raibh aon Ghaeilge acu mar a bhí ag Réics agus ag a chúntóir Brian Ó Ruairc.

Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh is teideal don leabhar a tharraing mé as an mbeartán agus baineann an scéal leis an eachtra inar dúnmharaíodh Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí ab fhearr sa tír, ansiúd le linn Chluiche Ceannais na hÉireann.

Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics agus Brian i measc an tslua leis an gcás a réiteach.

Ní mba sa tír seo amháin a rinne Réics a chuid bleachtaireachta. Thaistil sé ar fud na cruinne mar is léir ó theideal na leabhar, a bhfuil an Gúm ag athfhoilsiú leaganacha athchóirithe dá chuid eachtraí le blianta beaga anois. Tá siad le moladh as sin mar atá an tOireachtas a bhfuil gradam ainmnithe acu ina onóir.

Baineann scéal thar a bheith suimiúil freisin leis an té a chuir Réics Carló inár láthair – Cathal Ó Sándair

Dornálaí gairmiúil ab ea a athair Simon ‘Darkey’ Saunders ar rugadh cúigear clainne dó féin agus dá bhean Florence (Elliot) i Somerset i Sasana. Agus Charles (mar a baisteadh air) fós ina ghasúr, d’aistrigh siad go Bleá Cliath, áit arbh as do Florence. Liostáil Simon in Arm an tSaorstáit agus fuair post mar thiománaí ag an Aire Kevin O’Higgins.

A chuid múinteoirí i Scoil Náisiúnta Ascaill Dhún Uabhair agus ina dhiaidh sin i Scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge a mhúscail suim Chathail Uí Shándair, mar a bhí anois air, sa nGaeilge agus chaith sé cúpla samhradh i gCois Fharraige faoi scéim Choiste na bPáistí, áit ar fhan sé Tigh Sheáin Uí Chonghaile sna hAille, cúpla céad slat ón áit ar tógadh mé féin.

Tá scéal a shaoil le fáil ar ainm.ie.

Níl sé de thriail agamsa a dhul níos faide leis mar go bhfuil deifir ar ais orm go bhfeicfidh mé cé a dhúnmharaigh Seán Ó Glaimhín bocht.

Fág freagra ar 'Gearradh trí scór bliain de m’aois, bhí mé fillte ar Rang 6 agus mé ag léamh Réics Carló.'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ba mhaith ann iad. Agus ba mhaith an rud do scoileanna agus do thuismitheoirí, gaolta srl) an lae inniu na leabhair atá á scríobh agus á bhfoilsiú a chur ar fáil do dhaltaí.

  • WTF

    A chruthúnas sin thuas gur féidir meon iontach dearfa a mhúscailt i ndaltaí i leith na Gaeilge ach an múinteoir ceart a bheith acu.

  • Máire

    Ba mhaith ann iad ach níl siad mealltach do pháistí an lae inniu faraoir i mo thaithí fhéin.