CULTÚR: Closleabhar Madame Lazare, Féile Sean-Nóis agus Nósanna Nua i nGaillimh, imeachtaí teaghlaigh i Maigh Eo, Ar Thóir Bhríd Ní Mháille i mBaile Bhuirne

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Closleabhar Madame Lazare, Féile Sean-Nóis agus Nósanna Nua i nGaillimh, imeachtaí teaghlaigh i Maigh Eo, Ar Thóir Bhríd Ní Mháille i mBaile Bhuirne

LITRÍOCHT

Closleabhar Madame Lazare ar fáil ar ardáin shruthaithe

Tá leagan closleabhair den úrscéal rathúil Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin foilsithe ag Barzaz. Tá an leagan closleabhair á léamh amach go ceolmhar, ag an údar féin.

Is féidir éisteacht leis an gclosleabhar ar na hardáin aitheanta sruthaithe agus é ar fáil ar Spotify, Apple Books, Google Books and Libro.fm. Seo é an chéad uair a bhfuil úrscéal i nGaeilge ar fáil ar na hardáin mhóra sruthaithe.

Scéal é Madame Lazare a shníomhann le chéile réimse téamaí, ina measc, an grá, an fhéiniúlacht, an chuimhne agus an caillteanas. In 2022, bhí sé ar an gcéad saothar Gaeilge le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh, tráth ar bronnadh Aitheantas Speisialta air.

Tuilleadh eolais agus éist le sliocht as an leabhar ar shuíomh idirlín Barzaz.

FÉILE

Féile Sean-Nóis agus Nósanna Nua na Gaillimhe

Cuirfear tús an tseachtain seo le féile nua i gcathair na Gaillimhe a dhéanann ceiliúradh ar an sean-nós agus ar nósanna nua. Féile Sean-Nós na Gaillimhe an teideal atá ar an imeacht nua atá á reáchtáil le tacaíocht ó chiste Féilte Fhoras na Gaeilge agus Gael Fhorbairt na Gaillimhe. Beidh an fhéile ar bun ón Déardaoin 10 go dtí an Domhnach 13 Iúil agus lear mór imeachtaí leagtha amach idir cheardlanna, cheolchoirm agus chomórtas amhránaíochta.

Tá glaoch ar iarratais ar an gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós go dtí Dé Satharn 5 Iúil. Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh a bheith san iomaíocht r-phost a sheoladh isteach chuig seannosgaillimh@gmail.com nó glaoch ar 087 7124548 agus a n-ainm agus seoladh a chlárú.

Beidh an comórtas féin ar bun in Áras na nGael ar an Satharn, 12 Iúil ag 7:00 i.n. Bronnfar Corn Chathair na Gaillimhe ar an mbuaiteoir agus tá €300 ar an gcéad duais agus 4 rannóg eile sa gcomórtas agus duaiseanna €150 an ceann ag dul leo.

Beidh meascán de cheol agus damhsa na hÉireann ar an gclár chomh maith le ceol agus amhráin ón mBrasaíl. Le linn na féile beidh ceoltóirí ón mBrasaíl ag comhoibriú le ceoltóirí agus amhránaithe Gaeltachta agus Gaelacha agus é d’aidhm ag an togra nasc a chothú idir an dá thraidisiún. Beidh toradh na hoibre sin le feiceáil sa bhfómhar.

Tá clár na féile agus ticéad le fáil anseo.

SCANNÁIN

Fleadh Scannán na Gaillimhe

Beidh Fleadh Scannán na Gaillimhe ar bun ó 8 go 13 Iúil in ionaid éagsúla ar fud chathair na Gaillimhe. Tá rogha bhreá scannáin Ghaeilge agus scannáin dhátheangacha ina bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na teangacha. Beidh an chéad taispeáint den scannán Báite, an ceann is deireanaí ó scéim Cine4, a stiúir Ruán Magan agus a léirigh Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady, le feiceáil i rith na fleidhe.

Scannán eile a bheidh ar taispeáint ná ceann a rinneadh sa mbliain 1975 agus a ndeirtear faoi gurb é an chéad scannán neamhspleách Gaeilge a rinneadh riamh, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, a stiúir Bob Quinn. Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag Club Scannán Sailearna ar an Déardaoin 10 Iúil ag a 8:00 i.n.

Ticéid agus tuilleadh eolais le fáil anseo.

TEAGHLAIGH

Imeachtaí Gaeilge do theaghlaigh i gContae Mhaigh Eo

Tá sraith imeachtaí deasa do theaghlaigh le Gaeilge leagtha amach ag Tuismitheoirí na Gaeltachta in áiteanna éagsúla i gcontae Mhaigh Eo an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn. Beidh Scéalaíocht ar bun i Scoil Náisiúnta Dhumha Thuama ar an Satharn, 5 Iúil ag a 11:00 ar maidin. Is í Caitlín Bn. Uí Oireachtaigh a chuirfidh an seisiún scéalaíochta ar bun. Beidh Spraoi Cois Farraige ar Thrá Tearmann ar an Eachléim san ardtráthnóna ar an Satharn, 5 Iúil agus tóraíocht taisce, caisleáin ghainimh á ndéanamh agus sólaistí ar fáil.

Imeacht amuigh faoin aer i measc an nádúir agus an dúlra is ea Glór an Traonaigh a bheidh ar bun ar an Déardaoin, 10 Iúil in An Corrchloch ag a 4:00 i.n. Cuirfear tóraíocht taisce ar bun freisin ag an imeacht seo atá feiliúnach do thuismitheoirí agus do pháistí. Beidh seisiún ceoil in Acaill ar an Aoine 11 Iúil le Kathryn ag a 4:00 i.n. i gClubtheach CLG Ghob a’ Choire.

Níl aon táille ar na himeachtaí ach is gá clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig siobhan@tuismitheoiri.ie nó téacs chuig 085 8339491.

Tuilleadh eolais ar leathanach Facebook Thuismitheoirí na Gaeltachta.

AMHARCLANNAÍOCHT

Ar Thóir Bhríd Ní Mháille ar stáitse i mBaile Bhuirne

Beidh léamh drámatúil, amhránaíocht agus caointeoireacht bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston, á chur i láthair i mBaile Bhuirne go luath.

Is iad an t-amhránaí Caitlín Ní Chualáin agus an t-aisteoir Bridie Ní Churraoin a chuirfidh an saothar i láthair, saothar atá bunaithe ar úrscéal atá idir lámha ag Micheál Ó Conghaile faoi shaol agus saothar Bhríd Ní Mháille. Is é Eoghan Ó Riada a chóirigh an léiriú don stáitse agus is é a stiúir. Beidh an léiriú ar bun in Ionad Cultúrtha An Dr Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne ar an Satharn, 19 Iúil ag a 8:00 i.n.

Tá táille €12 ar na ticéid agus iad ar fáil ach glaoch ar 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie

Fág freagra ar 'CULTÚR: Closleabhar Madame Lazare, Féile Sean-Nóis agus Nósanna Nua i nGaillimh, imeachtaí teaghlaigh i Maigh Eo, Ar Thóir Bhríd Ní Mháille i mBaile Bhuirne'