‘Cinnte bí á labhairt ach ná déan dearmad ar a bheith á léamh’ – ag foghlaim na Gaeilge tríd an litríocht

Tá an t-ardán foghlama 'Listen Up Irish' ag cur dúshlán léitheoireachta ar bun i rith an tsamhraidh agus iad ag múineadh Gaeilge tríd an litríocht. Labhair duine de bhunaitheoirí an tsuímh Patricia Nic Eoin, le Tuairisc faoin gcur chuige atá acu.

‘Cinnte bí á labhairt ach ná déan dearmad ar a bheith á léamh’ – ag foghlaim na Gaeilge tríd an litríocht

Patricia Nic Eoin, duine d'fhorbróirí 'Listen Up Irish'

‘Seacht Scéal an tSamhraidh’ an dúshlán léitheoireachta is deireanaí ag an suíomh idirlín ‘Listen Up Irish’ a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta.

Cur chuige nua le Gaeilge a mhúineadh atá sa dúshlán atá forbartha ag Patricia Nic Eoin agus Joe Ó Fátharta agus é bunaithe ar litríocht na Gaeilge.

Mar scríbhneoir, aistritheoir agus bunaitheoir an tsuímh foghlama ‘All About Irish’, tá blianta fada caite ag Patricia ag obair leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla, ón mBruiséil dtí an t-oideachas ar líne.

Scríbhneoir, aistritheoir agus múinteoir í Patricia a chaith roinnt blianta ag obair mar aistritheoir sa Bhruiséil agus nuair a tháinig sí ar ais go hÉirinn bhunaigh sí comhlacht le Gaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta.

Bhí an Ghaeilge á mhúineadh aici ar an ngnáthbhealach ar dtús agus í ag obair le heagraíochtaí éagsúla le ranganna Gaeilge a chur ar fáil do na foirne. Tamall ina dhiaidh sin a bhunaigh sí ‘All About Irish’, suíomh idirlín le ranganna Gaeilge a chur ar fáil ar líne do dhaoine fásta.

Bhuail sí le Joe Ó Fátharta tríd an obair sin agus í ag iarraidh comhráite i nGaeilge a chur ar fáil do na foghlaimeoirí lena raibh sí ag obair.

“Ag an am sin bhí mé ag iarraidh roinnt comhráití a chur le chéile do All About Irish agus bhí an dara guth ag teastáil agus chabhraigh Joe leis sin. Chuir muid aithne ar a chéile agus tá an-eolas aige ar litríocht na Gaeilge. Is scríbhneoir é féin agus rinne sé staidéar ar an Léann Éireannach in Ollscoil na Gaillimhe agus tá sé ag múineadh Gaeilge anois i UCD.”

An duine eile d’fhorbróirí ‘Listen Up Irish’, Joe Ó Fátharta

As an gcomhoibriú sin a d’fhorbair siad an chéad chúrsa i múineadh na Gaeilge bunaithe ar an litríocht. Anuraidh, sheol Patricia agus Joe suíomh nua darb ainm ‘Listen Up Irish’ agus is ar an suíomh sin a bheidh an dúshlán léitheoireachta ‘Seacht Scéal an tSamhraidh’ á reáchtáil acu i mbliana.

“Táimid ag iarraidh daoine a chur ag foghlaim trí léamh, caint agus trí éisteacht. Is é Joe a léigh an t-ábhar os ard, rud a thug deis d’fhoghlaimeoirí an teanga scríofa agus an teanga labhartha a cheangal le chéile.”

Ba é an t-úrscéal Bódléar le Darach Ó Scolaí an chéad dúshlán a chuir siad ar bun, b’in anuraidh. Cé gur smaoineamh uaillmhianach a bhí ann, d’éirigh an-mhaith leis. Roghnaigh Joe an leabhar, agus mar a deir Patricia, “rogha den scoth a bhí ann”.

Tá tríocha caibidil sa leabhar, agus fuair na daoine a bhí ag tabhairt faoin dúshlán caibidil nua gach dara lá i rith na tréimhse. Rinne Patricia físeáin ghearra bunaithe ar stór focal gach caibidle.

“Má bhíonn duine ag foghlaim teanga, bíonn ruainne beag ag teastáil go rialta. Mar sin, bhí foghlaimeoirí ag fáil thart ar fiche nóiméad d’ábhar gach dara lá. Ag deireadh an tsamhraidh, ghlac Darach Ó Scolaí páirt i seisiún beo ceisteanna agus freagraí. Faoin bpointe sin, bhí sé soiléir go raibh an cur chuige ag obair. Bhí daoine ag iarraidh leabhar eile.”

Ina dhiaidh sin roghnaigh an fhoireann dhá shaothar eile, An Mac Tíre Deireanach le Patricia Forde agus Ó hAm go hAm leis an údar céanna. Chuir siad gné nua leis na cúrsaí trí mhodúil staire a chur san áireamh iontu. Mar go bhfuil An Mac Tíre Deireanach suite in aimsir Chromail, cuireadh agallamh ar an staraí Gearóid Ó Tuathaigh. Don leabhar Ó hAm go hAm, a bhaineann le tréimhse na Lochlannach, labhair siad leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín faoi na Lochlannaigh agus faoi Leabhar Cheanannais.

Is i bhfoirm dúshláin a chuirtear na cúrsaí ar fáil faoi láthair, rud a chruthaíonn pobal i measc na ndaoine atá ag glacadh páirt ann.

“Oibríonn sé sin go maith mar go mbíonn grúpa daoine á dhéanamh ag an am céanna, tugann sé deis do dhaoine bualadh lena chéile agus Gaeilge a labhairt. Is bealach an-mhaith é le coinneáil leis.

“Fuair mé ríomhphost deas inné ó fhear a dúirt, ‘Ní chreidim go bhfuil mé tar éis trí leabhar a léamh i nGaeilge i mbliana’.”

Cé go mbíonn foghlaimeoirí ag iarraidh díriú ar an labhairt go minic, cuireann Patricia béim ar an léitheoireacht agus ar an éisteacht. “Bím i gcónaí ag rá le mic léinn: cinnte, bí á labhairt, ach ná déan dearmad ar a bheith á léamh agus ag éisteacht leis an nGaeilge.”

Tá an fhoireann ag réiteach don chéad tionscadal eile, Seacht Scéal an tSamhraidh, a thosóidh ar an 7 Iúil agus tá an clárúchán ar oscailt anois. An uair seo, beidh seacht ngearrscéal mar chuid den chlár. Níl Patricia ag rá tada fós faoi na gearrscéalta a bheidh i gceist.

“Cuid den chraic ná nach mbeidh muid á sceitheadh go fóill. Go dtí seo is Gaeilge Chonnachta a bhí againn, ach an uair seo, tá muid ag iarraidh é a leathnú amach beagán.”

Beidh scéalta le scríbhneoirí a scríobhann i nGaeilge na Mumhan agus i nGaeilge Uladh ann, agus beidh cainteoirí dúchais ag léamh na scéalta amach sna canúintí sin.

“Bíonn sé thar a bheith deacair ag duine a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil amháin, na canúintí éagsúla a thuiscint. Ní hé an sprioc go n-athróidh daoine a gcuid cainte féin, ach go mbeidh siad in ann na difríochtaí a aithint agus a thuiscint.”

Tá an clárú ar oscailt anois do Seacht Scéal an tSamhraidh. Tuilleadh eolais ag www.listenupirish.com.

Fág freagra ar '‘Cinnte bí á labhairt ach ná déan dearmad ar a bheith á léamh’ – ag foghlaim na Gaeilge tríd an litríocht'

  • KH

    Nár laga Dia iad.