Sadhbh le Darach Ó Scolaí ar an bhfadliosta do ghradam idirnáisiúnta

Tá leabhar Gaeilge ó Leabhar Breac ar an bhfadliosta don World Illustration Awards 2026

Sadhbh le Darach Ó Scolaí ar an bhfadliosta do ghradam idirnáisiúnta

Tá an leabhar Sadhbh, a scríobh Darach Ó Scolaí agus a mhaisigh Alé Mercado, ar an bhfadliosta don World Illustration Awards 2026.

Seo é an chéad leabhar a rinne an bheirt i bpáirt.

Comórtas bliantúil idirnáisiúnta a eagraíonn Cumann na Maisitheoirí (AOI) atá sna gradaim dhomhanda do mhaisitheoirí (WIA). Bhí breis is 4,500 iontráil ar an gcomórtas i mbliana, agus is 500 iomaitheoir atá ar an bhfadliosta.

Dúirt an t-ealaíontóir Alé Mercado, as Granada na Spáinne agus Inis Tíog Chill Chainnigh, gur athinsint do léitheoirí fásta atá sa leabhar ar an seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile, scéal faoi Shadhbh, bean óg chumasach a fhaigheann an ceann is fearr arís agus arís eile ar na fir atá ina timpeall.

“Ní hionann is scéal simplí béaloidis, is iad gníomhartha Shadhbha a thiomáineann an scéal chun cinn. Agus gluaiseann an scéal neamhchoitianta agus greannmhar seo chun cinn le saoirse bhuile na scéalaíochta béil,” a dúirt Alé Mercado.

Dúirt Mercado gurbh éigean dó é féin a bhá i ndomhain éagsúla na litríochta meánaoisí, na scéalaíochta béil, na staire, na haoire agus na brionglóide agus é ag obair ar an leabhar.

“Ní athchruthú na staire amháin a bhí mar aidhm agam sna pictiúir, ach ealaín a bheadh ina léiriú ar an meascán aisteach de ghreann, contúirt agus dínit atá sa seanscéal.”

“Thosaigh an obair ar na léaráidí go han-simplí, le graifít ar pháipéar: agus mé ag cuimilt is ag scríobadh, ag tógáil agus ag scriosadh an tsaothair de láimh.

“Bhraith mé gurb é an túsphointe ceart é le haghaidh scéal a bhí chomh ceangailte sin leis an tírdhreach, leis an gcuimhne agus le huigeacht orgánach sheantraidisiúin na scéalaíochta Gaelaí.”

As sin, a deir sé, carnadh na híomhánna ina sraitheanna os cionn a chéile: péint, pinn luaidhe dhaite, dúch agus, ar deireadh, cóiriú fada digiteach.

“D’éirigh an próiseas sách casta, ach choinnigh mé an sprioc chéanna romham i gcónaí: an próiseas féin a chur as amharc, a oiread agus ab fhéidir, chun áit a fhágáil d’atmaisféar agus neart mothúchánach an scéil.”

“Is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne faoi Sadhbh ná an mothú go raibh gach gné de — teanga, ábhar, íomhá agus rithim — ag tarraingt le chéile, sa treo céanna. Oibriú atá beartaithe againn inár gcomhoibriú le chéile as seo amach.”

Na healaíontóirí Alan Dunne agus Alé Mercado agus an scríbhneoir Darach Ó Scolaí ag Féile Angouleme in 2024

D’fháiltigh an t-údar Darach Ó Scolaí roimh an scéala go bhfuil aitheantas tugtha don leabhar ag an Association of Illustrators.

“Cé is moite den aitheantas a fuair an leabhar ó léirmheastóirí agus léitheoirí, seo é an chéad aitheantas mór atá bainte amach ag an leabhar seo agus is breá liom gur aitheantas é d’ealaín an leabhair, mar go bhfuil sé sin saothraithe go maith ag Alé Mercado.

Dúirt Ó Scolaí gur “ealaíontóir iontach” é Mercado.

“Bhí an t-ádh orm gur casadh ar a chéile muid ag Féile Angoulême in 2024, agus is breá liom a bheith ag obair leis.

“Ní hionann is ealaíontóirí a chuirfeadh sárphíosaí ealaíne ar fáil do leabhar, sár-ealaíontóir Alé a bhánn é féin go hiomlán sa saothar — idir théacs, chlúdach, thulpháipéir, agus eile — agus a bhreathnaíonn ar an leabhar féin, ó chlúdach go clúdach, mar phlána mór amháin oibre. Sin é an fáth go bhfuair sé an t-aitheantas seo.”

Fógrófar an gearrliosta i ndeireadh mhí Iúil, agus fógrófar na buaiteoirí i mí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'Sadhbh le Darach Ó Scolaí ar an bhfadliosta do ghradam idirnáisiúnta'