Treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí gan AI a úsáid i gcruthú fógraí don eagraíocht

Sna treoirlínte a eisíodh, deirtear gur ceart 'grianghrafadóirí gairmiúla' a fhostú do thionscadail nó gur ceart grianghraif stoc faoi cheadúnas a úsáid

Treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí gan AI a úsáid i gcruthú fógraí don eagraíocht

Tá treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí a dhéanann fógraíocht thar ceann na heagraíochta gan an intleacht shaorga (AI) a úsáid leis na fógraí sin a chruthú.

Sheol rannóg cumarsáide an Údaráis polasaí maidir le húsáid na hintleachta saorga i bhfeachtais fógraíochta chuig an gcomhlacht margaíochta Lorg Media tar éis don chomhlacht sin íomhánna a ghiniúint le huirlisí AI do shraith fógraí de chuid Údarás na Gaeltachta níos luaithe i mbliana.

Sa chomhfhreagras a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise d’admhaigh Lorg Media gur chruthaigh siad “formhór na n-íomhánna” san fheachtas fógraíochta don scéim ‘Glasoiliúint’ le AI.

Dúirt an comhlacht go ndeachaigh siad i muinín na hintleachta saorga le híomhánna a chruthú mar gheall ar a dheacra is atá sé, dar leo, íomhánna ina léirítear “cúlra/cuma phobal na Gaeltachta” a aimsiú ar shuíomhanna stoc-íomhánna. Dúradh freisin nár chuir Údarás na Gaeltachta féin grianghraif ar fáil do Lorg Media le húsáid san fheachtas.

Níor luaigh an comhlacht margaíochta, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh iarracht grianghrafadóir a fhostú le híomhánna a chruthú don fheachtas fógraíochta.

“Chruthaigh muid formhór na n-íomhánna le AI ionas go mbeadh muid in ann cúlra/cuma phobal na Gaeltachta a tharraingt isteach, le stock images tá sé sin fíordheacair a aimsiú agus ní raibh aon ghrianghraf agaibh féin do cúrsaí a raibh muid a chur spotsolas orthu,” a dúradh sa chomhfhreagras.

Dúradh an méid sin mar fhreagra ar cheist ó Údarás na Gaeltachta féin faoi fhoinse na n-íomhánna a bhí san fheachtas a scaipeadh agus a cáineadh ar na meáin shóisialta.

“An féidir liom a dheimhniú leat gur grianghrafadóir nó stock images (gach íomhá ceannaithe go dleathach ó sholáthraithe stock images aitheanta) amháin a úsáideadh i ngach ábhar margaíochta agus fógraíochta agus nár bhain sibh aon úsáid as AI?” a fiafraíodh sa chomhfhreagras ón Údarás.

Sna treoirlínte a eisíodh tar éis na heachtra seo deirtear gur ceart “grianghrafadóirí gairmiúla” a fhostú do thionscadail den chineál seo nó gur ceart “grianghraif stoc faoi cheadúnas ó fhoinsí aitheanta le cearta úsáide cuí” a úsáid.

Deirtear gur ceart a dheimhniú go bhfuil cearta úsáide na n-íomhánna “ag teacht leis an gcuspóir beartaithe agus leis na bealaí dáileacháin” agus go gcuirtear cosc sna treoirlínte ar úsáid na hintleachta saorga in ábhar fógraíochta Údarás na Gaeltachta.

“Ní úsáidimid íomhánna a ghintear le hintleacht shaorga in aon cheann dár n-ábhair. Cuidíonn na treoirlínte seo linn ardchaighdeáin físiúla a choinneáil, meas a léiriú ar chóipcheart agus ar chearta maoine intleachtúla, agus léiriú fírinneach a chinntiú inár gcumarsáid go léir,” a dúradh sna treoirlínte.

Fógraíodh an scéim ‘Glasoiliúint’ do cheardaithe Gaeltachta ar chuntais mheán sóisialta an Údaráis i mí an Mhárta. Cáineadh ar líne an cinneadh dul i muinín ‘AI slop’ le fógraíocht a dhéanamh faoin scéim a bhaineann le cúrsaí comhshaoil.

Luadh sa cháineadh sin na deacrachtaí comhshaoil a chruthaíonn an intleacht shaorga, droch-chaighdeán na n-íomhánna a chruthaíonn sí, agus an obair ghrianghrafadóireachta a d’fhéadfaí a thabhairt do dhuine as an nGaeltacht leis na híomhánna a chruthú.

Luadh freisin i gcás ar leith nach raibh an trealamh pearsanta cosanta cuí á chaitheamh ag “oibrí” a bhí le feiceáil san íomhá a ghin an AI.

Dúirt an grianghrafadóir Liam Higgins, as Corca Dhuibhne, le Tuairisc gur údar díomá é go ndeachaigh an tÚdarás i muinín na hintleachta saorga le híomhánna a chruthú dá bhfeachtas fógraíochta.

“Is deacair an t-ábhar é mar is dócha go bhfuil freagracht éigin ar Údarás na Gaeltachta obair a thabhairt do ghrianghrafadóirí áitiúla agus do mhainicíní áitiúla, ach níl cliú agam mar gheall ar an mbuiséad atá acu.

“Níl sé céad faoin gcéad ceart rud éigin mar sin a dhéanamh. Níl sé seo ach ina thús, cá bhfios cá mbeidh muid i gceann deich mbliana, cén úsáid a bheifear a bhaint as an intleacht shaorga agus cén obair a bheidh ann?” a dúirt Higgins le Tuairisc.

Fág freagra ar 'Treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí gan AI a úsáid i gcruthú fógraí don eagraíocht'