D’fhág an tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, a fuair bás i ndiaidh tinneas gairid, a lorg ar chuid mhór gnéithe den saol. Ba scoláire Gaeilge é. Bhí lámh aige i saol poiblí an Tuaiscirt, mar bhall de Choimisiún na bParáidí. D’imir sé páirt i stair an Tuaiscirt, trí iarracht le Stailc Ocrais 1981 a shocrú. Chomh maith leis sin, ba shagart i nDeoise Dhoire é a rinne freastal tuisceanach ar a phobal.
Tá an dá shaothar mór uaidh éagsúil go maith. Sa leabhar An Crith Beo, chuaigh an tAthair Ó Croiligh i ngleic le saol agus saothar an scríbhneora Seosamh Mac Grianna. Rinne sé anailís ar bhealach smaointeoireachta Mhic Grianna, agus na téamaí ba mhó sna leabhair aige.
Is oilithreacht phearsanta go príomha é Rún Ardchrosa Éireann. Ba í Cros Mhachaire Rátha, ina cheantar féin, a spreag. Léiríonn sé an-tuiscint ar stair eaglasta agus tuata na hÉireann idir an seachtú céad agus an dara céad déag. Léiríonn sé leis tuiscint ar na Scrioptúir, ar cheird na dealbhóireachta agus ar an spioradáltacht.
Rugadh an tAthair Ó Croiligh an 5 Iúil; 1940 i bParóiste Leamhaí i ndeisceart chontae Dhoire. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Cholmcille i nDoire. Bhí fuinneamh sa choláiste ag an am. Bhí John Hume, na filí Seamus Heaney agus Seamus Deane, agus an t-iriseoir Eamonn McCann uilig ansin.
Chuaigh sé ar aghaidh go Coláiste Phádraig, Má Nuad, mar ábhar sagairt agus rinne sé céim sa Léann Ceilteach,
B’in ré mar a raibh an-bhorradh faoin Ghaeilge sa choláiste. Bhí dream nach beag ann go raibh ardmheas acu ar an traidisiún, gan bheith ina bpríosúnaigh aige. Rinne siad litríocht na Gaeilge a cheangal le litríocht na hEorpa.
Bhí tionchar nach beag ag Nouvelle Critique na Fraince orthu. Bhain siad feidhm as Irisleabhar Mhá Nuad le litríocht na Gaeilge a phlé ar bhealach nua.
Mar chuid den spiorad sin, bhí gaoth na hathbheochana ag séideadh tríd an Eaglais Chaitliceach le Vatacáin a Dó.
Chaith sé seal ina mhúinteoir in Ard-Scoil Phádraig i Machaire Rátha, lámh lena áit dúchais. Chaith sé ansin blianta i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina stiúrthóir ar Fhoilseacháin Veritas (comhlacht foilsitheoireachta na hEaglaise Caitlicí). Ansin, bhí sé ina stiúrthóir ar Institiúid na Cumarsáide Caitlicí.
D’fhill sé ar Dheoise Doire ag tús na 80idí go paróistí i gcontaetha Dhoire, Thír Eoghain agus Dhún na nGall.
Bhí sé, leis, ina bhall de Choimisiún um Cheart agus Síocháin na hEaglaise Caitlicí. Rinne sin iarracht Stailc Ocrais 1981 a shocrú. Bhí an Coimisiún den bharúil gur tháinig siad ar réiteach, ach go ndeachaigh Rialtas na Breataine siar air. Ba chol ceathracha leis beirt a fuair bás, Francis Hughes agus Tom McElwee. Sna 90idí bhí sé ar fhoireann idireaglasta a scríobh tuarascáil ar phríosúin an Tuaiscirt. Bhí sé ansin ar fhoireann a scríobh The Independent Review of Parade and Marches.
Maireann a dheartháireacha Tony agus an tAthair Pádraig.
Fág freagra ar 'An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, scoláire, údar agus sagart ilghnéitheach, ar shlí na fírinne'