Nuair a bhí mé san Airgintín níos luaithe i mbliana, thug mé cuairt ar an reilig La Recoleta – go háirithe ar uaigh an Aimiréil Brown, fear Bhéal Easa, a bhunaigh cabhlach na tíre sin agus a bhí in m’intinn le fada agus mé ag dul anonn.
Ba mhinic roimhe sin i mBéal Easa mé ar cuairt ar m’aintín Phyllis agus is iomaí sin scéal a d’inis sí dom faoin Aimiréal agus na himeachtaí a eagraíodh chuile bhliain ar an mbaile in onóir dó. Tá ceangal láidir le blianta fada idir an Airgintín agus baile Bhéal Easa.
Cúpla bliain ó shin, más cuimhneach libh, thug muid cuairt bhleachtaireachta ar an reilig áitiúil – Reilig na Creagaí – chun uaigh an iarAmbasadóra ón Airgintín chuig an tír seo, Laura Bernal, a aimsiú.
Fuair an bhean bhocht bás gan choinne in Éirinn go luath i ré Covid agus níorbh fhéidir a corp a aistriú ar ais chuig an Airgintín. Cinneadh í a chur i mBéal Easa toisc go raibh an-chion aici ar an áit agus ar an bpobal.
D’aimsigh muid a huaigh, mé féin, mo dheirfiúr Nóirín agus m’aint Phyllis a bhí sa scuad bleachtaireachta, le cabhair ó lánúin ón mbaile a bhí ar cuairt iad féin sa reilig.
Chuaigh siadsan i gcion go mór orainn, bhíodar ag tabhairt cuairt laethúil iad féin ar uaigh a n-iníne agus gach lá thugadar cuairt ar uaigh Laura Bernal le paidir a chur lena hanam. ‘Mura ndéanfadh muidne é – cé a dhéanfadh é, níl aon duine eile aici,’ a dúradar linn ag an am.
An tseachtain seo caite, agus mé ar cuairt ag m’aintín, d’iarr mé ar an tSr Phyllis teacht liom arís chun go bhfeicfinn uaigh an iarAmbasadóra.
Bhí sórt dearmad déanta agam ar cén áit go díreach ar cuireadh í – reilig sách mor í Reilig na Creagaí.
Chonaic mé lánúin ag siúl tríd an reilig, píosa uaim. Shíl me go mb’fhéidir gurb iad an lánúin chéanna a bhí arís os mo chomhair, an bheirt a casadh orm an chéad uair. Ach nuair a cheistigh mé iad, dúirt siad nárbh ea. Ach thug siad treoracha chuig uaigh Laura Bernal dúinn.
Ba léir go raibh an-obair déanta ag dream éicint – an Ambasáid, b’fhéidir – bhí gach rud leagtha amach go deas, clocha míne ar an mbarr, bláthfhleasc os a cionn, leac álainn i Spáinnis agus i mBéarla ag tabhairt le fios go raibh Laura fágtha faoi chúram mhuintir Bhéal Easa.
Casadh beag faoi mo chuairt ar an Airgintín: Nuair a bhí mé im’ sheasamh faoi bhun na croise a tógadh ar uaigh an Aimiréil Brown i mBuenos Aires, thug mé faoi deara go raibh gairbhéal ar an mbóthar faoi. Anois, ní clocha míne a bhí ann a scaipeadh go cúramach faoin gcros, ach gairbhéal a bhí caite ar an gcosán a bhí ag dul thairsti.
Thóg mé dhá chloch bhídeacha agus chuir i mo phóca iad. Am éigean, dúirt mé liom féin, beidh mé ar ais i mBéal Easa agus cuirfidh mé iad ar uaigh Laura Bernal, an bhean sin a raibh oiread sin measa aici ar an Aimiréal, as ucht a raibh déanta aige dá tír dhúchais.
Ach idir rud amháin is rud eile, glanadh an dá chloch as an seomra, nó chaill mé iad ag aistriú ó áit go háit. Agus drochsheans go bhfillfidh mé ar Reilig chlúiteach La Recoleta.
Ar aon nós, ar ais ar an gCreagach, tháinig an lánúin chomh fada linn arís. Bhí a gcarr páirceáilte in aice le huaigh an iarAmbasadóra. An babhta seo, bhí mé cinnte gur aithin mé iad. D’ísligh an fear fuinneog an chairr.
Sea, ba iad an lánúin chéanna a bhí os mo chomhair arís. Thóg sé tamall orthu muidne a aithint. D’inis siad dúinn go raibh comóradh ann don Aimiréal Brown, dhá lá roimhe sin, ar ócáid a lae breithe. B’in an uair a cuireadh an bláthfhleasc ar uaigh an IarAmbasadóra Bernal.
‘Agus tá sibh ag tabhairt cuairt laethúil ar an reilig fós,’ a dúirt mé féin leo. Dúirt siad go raibh. Gach lá le seacht mbliana anuas. D’inis siad dúinn go raibh a n-iníon 32 nuair a bhásaigh sí. Thosaigh an mháthair ag caoineadh go ciúin ach fós féin rinne sí iarracht inseacht dúinn faoina hiníon álainn. Bhí sí ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath nuair a bhásaigh sí, tar éis tinnis, ach cuireadh í sa reilig áitiúil i mBéal Easa, in áit álainn faoi scáth na gcnoc.
D’fhágamar slán acu agus thugamar ár n-aghaidh ar an ngeata. Bhí mé ag coinneáil súil amach an t-am ar fad d’uaigh na hiníne agus gan mórán dóchais agam go dtiocfadh muid uirthi. Ach go tobann, chonaic mé an sloinne ar leac ard aolchloiche.
Chuamar chomh fada leis an uaigh go ndéarfadh muid paidir ar son na mná óige a bhásaigh seacht mbliana ó shin. Ansin, chonaic muid an lampa agus an dara hainm scríofa air. Bhásaigh iníon eile – báibín óg na blianta roimhe sin.
Agus fós féin, tar éis an méid sin den bhuairt agus brón ina saol féin, tugann siad cuairt chuile lá beo ar uaigh an iarAmbasadóra, bean nach raibh aithne ar bith acu uirthi, go ndéarfaidh siad paidir ar a son.
Nach fearr é sin ná a bheith ag tabhairt clocha trasna an Atlantaigh le cur ar an uaigh? Sin rud nach ndéanfaidh mé arís.
Fág freagra ar 'Chuaigh na clocha a bhí tugtha trasna an Atlantaigh agam don uaigh amú ach nach fearr paidir a rá'