Beidh teachtaireacht shoiléir ón bpobal ag polaiteoirí is iad ag filleadh ar an Dáil i ndiaidh shaoire na Cásca

Is féidir a bheith cinnte go mbeidh teachtaireacht lom á tabhairt do Theachtaí Dála ina ndáilcheantair an Cháisc seo

Beidh teachtaireacht shoiléir ón bpobal ag polaiteoirí is iad ag filleadh ar an Dáil i ndiaidh shaoire na Cásca

Tugann scor na Dála le linn shaoire na Nollag, na Cásca agus an tsamhraidh deis ar leith do pholaiteoirí plé lena ndáilcheantar agus leis na vótóirí atá acu sa mbaile. Bíonn roinnt seachtainí acu le freastal ar chluichí, ar ócáidí pobail agus ar chruinnithe nach mbíonn siad saor i gcónaí le freastal orthu nuair a bhíonn an Dáil ina suí. Is minic tar éis an bhriste go bhfilleann siad ar Theach Laighean, agus ar na hairí rialtais go háirithe, le teachtaireacht lom chrua faoi dhearcadh an phobail.

Is féidir a bheith cinnte go mbeidh teachtaireacht lom dá tabhairt dóibh an Cháisc seo. Cén fáth a bhfuil muid ag saothrú go crua agus ag breathnú ar phraghsanna ag ardú go síoraí agus sibhse i dTeach Laighean ag rá linn nach féidir libh cuidiú linn?

Idir an dá linn táimid ag éisteacht arís eile le scéala faoi Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus moill arís eile ar an obair. Ocht mbabhta dhéag anois atá sé curtha in iúl do na húdaráis go bhfuil moill ar chríochnú an ospidéil. Is beag, ar bhealach, a d’fhéadfadh an Roinn Sláinte agus an Rialtas a dhéanamh faoin tráth seo – caithfear an obair a chríochnú agus tá an t-airgead sa státchiste lena haghaidh. Ní miste an cheist a chur mar sin féin – cén fáth an bhfuil glacadh leis an tsleamchúis i leith an togra seo agus leithscéalta ag teacht ón Rialtas lá i ndiaidh lae gur beag is féidir leo a dhéanamh le cuidiú leo siúd atá ag brath ar íocaíochtaí suaracha le cur ar a gcumas iad féin a théamh.

Is beag duine anois nach mbíonn ag faire agus iad ag dul an bóthar – cé mhéid atá ar an díosal agus peitreal inniu. Tá muid ag faire na haimsire go bhfeicfidh muid cé mhéad ola tí a bheidh ag teastáil le muid a thabhairt go samhradh. Deir an rialtas linn go gcaithfidh muid machnamh a dhéanamh faoin méid fuinnimh a úsáideann muid. An amhlaidh go measann siad nach aon dochar beagán fuachta an fhad agus atá praghsanna ola chomh hard agus atá? Sin gan trácht ar an tionchar atá ag an scéal ar fad ar phraghas beatha, soláthar beatha agus nithe ar nós leasú talún.

Anuas air sin ar fad níl tuairim againn cén fhad a mhairfidh an éiginnteacht agus an chorraíl seo ar fad. Agus ní bheidh ospidéal leanaí againn go fóill. Tá an chosúlacht nach bhfuil aon deifir leis sin ná aon chomhaireamh ar an méid airgid a chosnóidh sé.

Is féidir a bheith cinnte go mbeidh cluasa lasta ag polaiteoirí le linn na Cásca agus an pobal ag casaoid faoin mbrú airgid atá orthu. Beidh sé spéisiúil ach a bhfillfidh an Dáil i lár na míosa cé mhéad brú a chuirfidh tuairimí an phobail faoin tsáinn ina bhfuil siad ar an rialtas nó an gcaithfidh cúrsaí dul chun donachta tuilleadh sula mbeidh siad sásta a admháil go bhfuil fadhb le réiteach.

Fág freagra ar 'Beidh teachtaireacht shoiléir ón bpobal ag polaiteoirí is iad ag filleadh ar an Dáil i ndiaidh shaoire na Cásca'