Keir Starmer ar a theitheadh in Éirinn ar feadh tamaillín, ach ceisteanna ag fanacht air

I mBéal Feirste ghlac Príomh-Aire na Breataine freagracht iomlán as Peter Mandelson a cheapadh d’ainneoin na fianaise gur mhair a chairdeas leis an gcoirpeach gnéis i ndiaidh a chiontaithe

Keir Starmer ar a theitheadh in Éirinn ar feadh tamaillín, ach ceisteanna ag fanacht air

Ba shoiniciúil an mhaise dóibh é ach b’iomaí duine a mhaígh gur thráthúil mar a bhí gnóthaí in Éirinn thuaidh agus theas ag Príomh-Aire na Breataine nuair a bhí fógra tóra amuigh air in Westminster.

Ní bhfuair an freasúra ná iriseoirí thall deis é a cheistiú faoin gcomhad a foilsíodh Dé Céadaoin maidir le ceapachán conspóideach Peter Mandelson ina ambasadóir go Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tháinig Keir Starmer go Béal Feirste oíche Dé Céadaoin le haghaidh imeachtaí agus cruinnithe le polaiteoirí agus thug sé a aghaidh ar Chorcaigh Déardaoin. Ba í seo a chéad chuairt ar an Tuaisceart le bliain go leith agus bhí ceisteanna práinneacha ag polaiteoirí logánta agus ag grúpaí deonacha. Ba í an chloch ba mhó ar phaidríní abhus an cruatan atá ag géarú de bharr éifeacht na cogaíochta sa Mheánoirthear.

B’éigean d’Uimhir a Deich Sráid Downing a rá nach raibh an Príomh-Aire ag seachaint na gceisteanna faoi scannal Mandelson arbh éigean dó é a bhriseadh as an bpost in Washington mar gheall ar an dlúthcheangal a bhí aige le Jeffrey Epstein a ciontaíodh as striapachas cailín faoi aois agus a raibh go leor cúiseanna eile ina choinne. Níor éalaigh Starmer go huile ón ábhar. I mBéal Feirste ghlac sé freagracht iomlán as Mandelson a cheapadh d’ainneoin na fianaise gur mhair a chairdeas leis an gcoirpeach gnéis i ndiaidh a chiontaithe. Ghabh an Príomh-Aire leithscéal leis na mná agus cailíní a d’fhulaing foréigean Epstein.

Ba léir áfach nárbh éigean dó aghaidh a thabhairt ar dhiancheistiú faoi na cúiseanna gur thug sé an chluas bhodhar do chomhairle nár cheart an t-iarAire, ‘prionsa an uabhair’, a cheapadh. Bhí liodáin de cheisteanna ag daoine i Londain faoina bhreithiúnas mar aon le líomhaintí gur chruthaigh a bhotún nach raibh sé inniúil ar chúraimí an Phríomh-Aire.

Abhus, bhí comhráite sách deacair aige leis na páirtithe ina gceann agus ina gceann. Ábhar achrannach is ea an maoiniú in Stormont gan trácht ar easpa maoine ach seans go raibh sé níos furasta ag an bPríomh-Aire déileáil le héilimh ar chabhair ná mar a bheadh sé an gleo a chiúnú in Westminster.

Theastaigh tacaíocht ó na páirtithe do dhaoine atá buailte ag ardú as cuimse ar chostas breosla don teas lárnach. Taobh istigh de dhá lá ó d’ionsaigh Meiriceá agus Iosrael an Iaráin bhí méadú 20% ar chostas breosla téite – ola; faoin am a raibh na páirtithe ag caint le Keir Starmer bhí breis is 80% d’ardú air; praghas £537 ar 900 lítear méadaithe go £1,030. Murab ionann agus Sasana, mar a bhfuil teas gáis coitianta, tá os cionn 62% de theaghlaigh an Tuaiscirt ag brath ar ola.

Dúirt Starmer nach gcuirfeadh sé suas le brabúsaíocht mar a thug sé ar ardú mór ar an bpraghas. Bheadh an scéal á scrúdú ag an Údarás Iomaíochta agus Margaidh, a dúirt sé. Ní cheannóidh an scrúdú sin ola sa ngearrthréimhse. Níor gheall sé aon bheart sonrach ach dúirt sé gur iarr sé ar Aire an Státchiste scéal na hola sa Tuaisceart a iniúchadh agus a dhul i gcomhairle le Stormont faoi. Léas dóchais, b’fhéidir.

Bhí cath bolscaireachta ar siúl ag an DUP in aghaidh Aire Eacnamaíochta Shinn Féin, Caoimhe Archibald, faoi chiste cabhrach £81milliún.Mhaígh an DUP go raibh neamhaird á déanamh ag an Dr Archibald den airgead a sholáthair an Seansailéir i mí na Nollag. Ceadaíodh an t-airgead mar iarmhairt ar bheart i Sasana chun cuidiú le costas leictreachais.

Dúirt an Chéad-Aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, gur chabhair £150 an teaghlach atá i gceist i Sasana ach nach bhfuil sa chiste £81milliun ach £30 an teaghlach abhus. Allúntas trí bliana is ea é, £27 milliún sa bhliain. Dúirt an tAire Archibald nach féidir é a dháileadh go dtí go ndéanfar leasú ar dhlí in Westminster, rud atá iarrtha aici; mhaígh an DUP go raibh an t-airgead á dháileadh i Sasana cheana féin ach go raibh faillí déanta ann ag Sinn Féin.

D’ardaigh ceannaire an DUP, Gavin Robinson an cheist leis an bPríomh-Aire ach chinntigh Starmer nár tarraingíodh isteach sa chonspóid sin é. Dúirt sé go mbreathnófaí ar bhealaí chun obair a bhrostú le cuidiú le costas teasa go speisialta.

Bhí a dhóthain ar a aire, is léir, gan a ladar a chur i dtroid na mbó maol abhus. Bhí sé bródúil as an bhfeabhas ar chaidreamh Angla-Éireannach ó tháinig sé i gcumhacht agus é diongbháilte go dtreiseofar ar an gcomhoibriú idir an dá thír. Bhí ceisteanna dúshlánacha le plé ag an gcomhdháil i gCorcaigh ach an chontúirt phearsanta do Phríomh-Aire atá tugtha do thaismí ag fanacht leis i Londain, an tseilg faoi réir in ard a glóir. Buille eile d’inchreidteacht Keir Starmer mar Phríomh-Aire is ea an t-eolas atá ag teacht amach faoi iompar i leith Mandelson; ní trioblóid í is féidir a sheachaint.

Fág freagra ar 'Keir Starmer ar a theitheadh in Éirinn ar feadh tamaillín, ach ceisteanna ag fanacht air'

  • Jacko

    Ní fearadh na fáilte ar fad a cuireadh roimh Starmer i gCorcaigh d’réir deallraimh.
    Lig Corcaíoch athúlta amháin an scológ seo leis agus é ag gabháil thar bráid:
    “Fán fada ort a bhithiúnaigh!
    An uair dheireannach a bhíomhair anseo dheineamhair an áit a dhó go talamh!”
    (Fic: ‘The Gentle Black n Tan’ le Breandán Ó hEithir)