Ba mhór an náire mé, ach ní leabharlannséantóir mé a thuilleadh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Scríbhneoir agus an ghráin aige ar leabharlanna? Ach fuair ár gcolúnaí amach go bhfuil difear lá agus oíche idir leabharlanna na 1990idí agus leabharlanna an lae inniu

Ba mhór an náire mé, ach ní leabharlannséantóir mé a thuilleadh

Tá árasán nua agam. Ach fad is a bheidh an t-athchóiriú ag dul ar aghaidh, níl áit ann go fóill chun a bheith i mbun scríbhneoireachta. Tá urlár nua le cur isteach, agus go dtí go mbeidh sin déanta ní fiú dom deasc ná cathaoir féin a thabhairt anall ón ionad stórála.

Nuair a bhí mé gan ionad oibre ceart níos túisce i mbliana bhain mé triail as a bheith ag scríobh i dtithe caife, agus scríobh mé alt cáinteach faoi. Agus luach níos airde ná riamh ar chupán caife, cosnóidh maidin oibre i dteach caife idir €12 agus €15 ort.

Maitiú Ó Coimín an tí seo a mhol dom triail a bhaint as a bheith ag scríobh sa leabharlann, rud nach rithfeadh liom féin riamh ós rud é go raibh tríocha éigin bliain ann ó chuir mé cos i leabharlann.

Is ea, is ea, tá a fhios agam, is mór an náire mé – scríbhneoir a sheachnaíonn leabharlanna. B’aoibhinn liom an leabharlann nuair a bhí mé i mo ghasúr, ach ó thosaigh mé sa mheánscoil – piarbhrú is dócha – chothaigh mé nóisean gur áit thar a bheith míchúláilte a bhí sa leabharlann agus go dtiocfá amach aisti agus caipín deannaigh ort dá rachfá isteach ann.

Ní hionann agus go leor tuairimí aisteacha eile a bhí agam nuair a bhí mé i mo dhéagóir ní dhearna mé athbhreithniú ar an gceann sin riamh ar chúis éigin, agus is dócha go mbeinn fós i mo leabharlannséantóir murach go raibh orm doiciméad a phriontáil an lá cheana.

Níl printéir agam féin. Níl mé ach díreach tar éis bogadh go cathair Middelburg agus bhí orm dul ar an idirlíon chun siopa priontála a chuardach.

An leabharlann an chéad toradh a tháinig aníos.

Ní fhéadfadh an córas a bheith níos simplí agus níor theastaigh cárta leabharlainne, fiú amháin. Bhí tú in ann doiciméad a uaslódáil ó do ríomhaire sa bhaile, dul go dtí an leabharlann agus an rud a phriontáil amach ach cód a cuireadh chugat ar ríomhphost a chur isteach agus do chárta bainc a choinneáil in aghaidh an phrintéara. Deich cent in aghaidh an leathanaigh – cén t-iontas nár aimsigh mo chuardach idirlín aon siopaí priontála eile sa chathair.

Cleas iontach a bhí ann chun daoine a mhealladh isteach, a shíl mé, mar aon le nuachtáin an lae a bheith ar fáil, seirbhísí sláinte buail-isteach (inniu, tástáladh mo bhrú fola, an leibhéal siúcra i mo chuid fola agus mo leibhéal colaistéaróil), ranganna teanga agus ciorcail chomhrá d’inimircigh, agus go leor stuif eile – gach rud saor in aisce.

Agus ansin, ar an gcéad urlár, flúirse ionad oibre. Tá an colún seo á scríobh agam ag bord fada fairsing agus radharc agam tríd an bhfuinneog ar lár ársa na cathrach. Tá daltaí meánscoile, mic léinn agus daoine eile nach iad, idir óg agus aosta, ag clóscríobh nó ag staidéar leo i mo thimpeall, cluasáin ar chuid, cuid eile acu neadaithe i gcathaoireacha boga ildaite a bhfuil cochall mór millteach orthu a choinníonn pé gleo a mbeadh sé de mhisneach ag duine a dhéanamh amach.

Tá teirmeas den tae glas le mo thaobh agus brioscaí coirce i mo mhála, agus tá caifé nach bhfuil cailleadh air thíos staighre – áit a gcasfar cairde nua orm, cá bhfios; is léir gur ionaid chastála atá ceaptha a bheith i leabharlanna an lae inniu freisin.

Agus a bhfuil ar fáil de sheirbhísí nach mbeadh coinne agat leo ba bheag nach ndéanfá dearmad go bhfuil seilfeanna agus seilfeanna lán leabhar sa leabharlann freisin. Ní raibh ach €20 ar bhallraíocht bliana. Tá mé i mo bhall den chlub anois, agus gach seans go mbeidh mé ag scríobh sa leabharlann ó am go chéile fiú nuair a bheidh ionad oibre de mo chuid féin agam arís sa bhaile.

Go raibh maith agat as an moladh, a Mhaitiú!

Fág freagra ar 'Ba mhór an náire mé, ach ní leabharlannséantóir mé a thuilleadh'

  • Joe Ó Ceallaigh

    Níl costas ar bith ar do bhallraíocht leabharlainne sa tír seo…