An chéad uair eile a gcasfaidh mé le m’aintín, inseoidh mé di faoin gceangal idir Evita, Boca Juniors agus Béal Easa

Bhí ár gcolúnaí i mBuenos Aires le gairid agus fuair léargas ar an gclú atá ar Mhaigh Eoch san Airgintín

An chéad uair eile a gcasfaidh mé le m’aintín, inseoidh mé di faoin gceangal idir Evita, Boca Juniors agus Béal Easa

Ceithre bliana go ham seo, thart air, a thug mé cuairt bhleachtaireachta ar reilig gar do Bhéal Easa. In éineacht le mo dheirfiúr agus m’aintín Fillis, a bhí mé ag an am. Agus thugadar cúnamh iontach dom in mo chuid tóraíochta.

Bhí mé ag cuimhneamh ar an iarAmbasadóir bocht, Laura Bernal, nuair a thug mé cuairt ar Reilig cháiliúil La Recoleta, i mBuenos Aires coicís ó shin. Ar bhealach éigin, shíl mé go raibh mé ag comhlíonadh geallúint de shórt di, agus mé ag siúl thart ann.

Más cuimhneach libh, fuair an t-iarAmbasadóir bás in Éirinn le linn aimsir Covid agus níorbh fhéidir í a thabhairt abhaile chun na hAirgintíne don tsochraid. Cuireadh san áit ab ansa léi, Baile Bhéal Easa i gContae Mhaigh Eo. Agus nuair a d’aimsigh muid a huaigh ar deireadh ceithre bliana ó shin, sheasamar ann ar feadh tamaill ag cuimhneamh ar na mílte mílte farraige a bhí idir í agus a baile dúchais.

Tá cuid de stair na hAirgintíne le hinsint ag taibhsí Bhéal Easa

Ní raibh a fhios agam an uair sin go mbeinn ag tabhairt cuairt ar an mbaile sin i gceann ceithre bliana. Ach bhí sé i gcónaí i gcúl mo chinn gur dheas an rud é cuairt a thabhairt ar thír a bhfuil ceangal chomh láidir aici leis an tír seo, tríd an Aimiréal Brown.

Ní haon mhaith a bheith ag cuartú aon rud a bhfuil an t-ainm ‘William Brown’ air san Airgintín. Caithfidh tú ‘Guillermo Brown’ nó ‘Almirante Brown’ a lua agus beidh daoine ar an eolas ar an bpointe. Agus ar bís chun cabhrú leat.

Ar an gcéad turas bus timpeall mhór-radharcanna na cathrach, Buenos Aires, taispeánadh teach an Aimiréil dúinn. Cé nach é a theach féin, ach cóip de, atá ann, fós féin is radharc feiceálach é i lár an bhaile. Ag deireadh an turais, fágadh taobh amuigh den reilig muid agus cead againn ár mbealach féin a dhéanamh thart uaidh sin amach.

Ba ar an reilig sin, ‘La Recoleta’ a bhí m’aird dírithe ar aon nós.

Ach bhí sí pacáilte le huaigheanna – ní ar nós reilig ar bith sa tír seo, ach reilig den seandéanamh a bhfuil uaigh amháin níos galánta ná an uaigh taobh leis agus cuma ‘teampaill’ nó ‘mainistir’ orthu uilig. Agus iad uilig brúite suas le taobh a chéile.

Sa reilig áirithe seo i mBuenos Aires a chuirtí na maithe agus na móruaisle a bhain leis an gcathair – polaiteoirí, scríbhneoirí, buaiteoirí Duais Nobel, agus daoine a bhain cáil amach mar shaighdiúirí nó mar cheannasaithe míleata a throid ar son na hAirgintíne.

Ba dhuine díobh sin, an tÉireannach William Brown. D’fhág sé Béal Easa i 1793 le dul ar imirce. Agus é fós ina lead óg, chuaigh sé isteach sa chabhlach tráchtála. Ón bpost ísealstádais sin, mar bhuachaill loinge, d’oibrigh sé a bhealach aníos chun stádas mar chaptaen loinge a bhaint amach.

Nuair a brúdh isteach sa chabhlach Ríoga é, ghlac se páirt san iliomad cathanna mara go dtí gur éalaigh sé agus chuaigh ar ais go dtí an Eoraip. Ach d’fhill sé ar Mheiriceá Theas agus ar chabhlach na hAirgintíne. Ceapadh é ina Cheannasaí ar an gcabhlach céanna. Agus bhain sé cáil amach go forleathan as ucht an méid a rinne sé i gcathanna móra mara – i gcoinne an iliomad tíortha éagsúla. Go hoifigiúil, tugtar ‘Bunaitheoir Chabhlach na hAirgintíne’ air.

Mar sin, agus mé ag siúl isteach sa reilig cháiliúil – atá taobh le hAbhainn an Phláta, idir an Uragua agus an Airgintín, áit ar bhuaigh sé cath cáiliúil, cheap mé go sáinneodh leagan amach na reilige an cuardach áirithe seo.

Ach díreach mar a tharla i Reilig na Creagaí i Maigh Eo ceithre bliana ó shin , tháinig beirt oilithreach eile i gcabhair orm. Agus creid é nó ná creid, b’as Béal Feirste an bheirt bhan sin a bhí díreach tar éis uaigh an Aimiréil a aimsiú iad féin.

Bhí an treoraí tar éis a inseacht dom go raibh dath uaine in ómós na hÉireann ar a uaigh ach níor inis sí gach rud ina thaobh dom. Murab ionann agus na ‘teampaill’ eile, tá colún tógtha ar uaigh an Aimiréil. Agus go deimhin, tá dath láidir uaine ar an gcolún céanna.

Agus thíos ag a bhun, tá píosaí scríbhneoireachta greanta in ómós na gcathanna móra a bhuaigh sé ar son a thíre nua.  Ni fhéadfá ach iontas a dhéanamh den mhéid a bhain an buachaill óg amach ón uair ar fhág sé Béal Easa agus é ag tabhairt aghaidh ar an Domhan nua.

Bhí an bheirt bhan as Béal Feirste imithe ar thóir ‘Evita’ agus cheapamar gur cheart dúinn ómós a léiriú freisin don bhean sin a chuaigh i bpáirt leis an gceannasaí Juan Peron agus í ag rialú na tíre leis ó 1946 go dtí 1952, nuair a bhásaigh sí. Chuaigh a cáil ar fud an domhain tar éis léiriú an cheoldráma Evita i 1978, le Andrew Lloyd-Webber agus Tim Rice.

Bhí scuaine i bhfad ní ba mhó ag déanamh a mbealaigh chuig an uaigh sin sa reilig. Tá ardmheas fós i measc an phobail ar Evita. Is faoina sloinne féin ‘Duarte’ atá Eva curtha. Tá siad ann a déarfadh nár phós sí féin agus Peron riamh agus gur mar gheall air sin a cuireadh í in uaigh a muintire féin. Bhí neart bláthanna a bhí feoite go maith sa teas mór, fágtha ag daoine ar an tuama. B’uaigneach an radharc é.

Agus cé go bhfuil cuimhneacháin d’Evita agus Juan Peron gach áit ar fud na tíre tá neart cuimhneachán freisin ar an bhfear as Maigh Eo – amanta in áit nach mbeifeá ag súil leo, ar bhóithre, ar bhialanna, ar chlubanna sacair fiú.

Thíos in aice na seandugaí, tá an ‘barrio’ La Boca– beidh a fhios ag saineolaithe sacair faoin mbaile seo. Is ann atá an club sacair ‘Boca Juniors’ ar imir an laoch peile Maradona leo agus ní dhéantar dearmad ann ar an bhfoireann ón Airgintín a bhuaigh Corn an Domhain in 2022. Sa cheantar seo atá sráid aitheanta Caminito agus tá dealbh thar a bheith réalaíoch de Lionel Messi ar bhalcóin os cionn na sráide agus Corn an Domhain crochta in airde aige.

Ach thíos faoi dhealbh Messi ar an gcé, tá dealbh den Aimiréal as Maigh Eo agus é ag breathnú go maorga amach ar an seanchalafort.

Thart ar 11,000 ciliméadar soir ó thuaidh uaidh sin, téann m’aintín Fillis thar dhealbh an Aimiréil ar bhruach na Muaidhe gach lá ar a siúlóid. An chéad uair eile a thabharfaidh mé cuairt uirthi beidh mé ag inseacht di faoin gceangal idir Boca Juniors agus Béal Easa.

Fág freagra ar 'An chéad uair eile a gcasfaidh mé le m’aintín, inseoidh mé di faoin gceangal idir Evita, Boca Juniors agus Béal Easa'